Tá fear as Baile Átha Cliath ag dúil le bliain mhór a bheith aige ina ról úr mar Uachtarán an Chumainn Ghaelaigh ar Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.
Toghadh Ádhamh Sterio ina Uachtarán ar an chumann a bhfuil clú agus cáil air ag deireadh na bliana acadúla seo caite. Vótáil mórchuid an Chumainn ar son an Bhaile Átha Cliathaigh, atá ag tabhairt faoi chéim sa Ghaeilge agus sna Caidrimh Idirnáisiúnta ar Ollscoil na Ríona.
"Tá cuid mhór le déanamh agam sa ról úr. Tá súil agam go mbeidh bliain mhaith mar chumann againn, agus gur féidir liom amharc siar go sásúil ag deireadh na bliana."
Bhí ainm na hollscoile i mbéal an phobail le blianta anuas mar gheall ar fheachtas an Chumainn Ghaelaigh ar son comharthaíocht dhátheangach agus polasaí Gaeilge san institiúid. Deir Ádhamh go mbeidh sé ag iarraidh tógáil ar obair na ndaoine a tháinig roimhe maidir leis an fheachtas chéanna.
"Is daingean anois í Ollscoil na Banríona ó thaobh na Gaeilge de. Tá feachtas againn don chomharthaíocht atá go fóill ag dul ar aghaidh. Tá sé sin thar a bheith tábhachtach dúinn."
Reáchtáladh reifreann san ollscoil i mí an Mhárta, a d'iarr ar an Ollscoil polasaí Gaeilge a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.
Arsa Ádhamh, "Ar ndóighe, bhí an reifreann againn ní ba luaithe sa bhliain, a bhain muid le 92 faoin chéad den vóta. Bhí muid iontach sásta leis sin. Ach an rud is tábhachtaí faoi sin ná gur vóta a bhí ann ar son polasaí chuimsithigh don Ghaeilge, ní ar son comharthaíochta amháin.
"Tá muid ag iarraidh tógáil ar an reifreann. Ar an drochuair tá muid go fóill ag fanacht ar chruinniú le húdaráis na hollscoile. Dúirt an ollscoil go raibh siad ag fanacht ar chomhairle ón Choimisinéir Gaeilge."
Gan trácht ar an fheachtas féin, ba mhaith le hÁdhamh níos mó daoine a mhealladh i dtreo na Gaeilge, agus tógáil ar an dea-thoil atá faoin teanga ag an bhomaite. Bíonn réimse imeachtaí ar siúl ag an Chumann Gaelach achan bhliain lena leithéid a dhéanamh, idir ranganna, oícheanta amuigh agus turais.
"Go ginearálta, ba mhaith liom an Ghaeilge a spreagadh i measc phobal na hollscoile. Beidh muid ag Aonach na bhFreisear arís i mbliana i gcuideachta Chonradh na Gaeilge. Anuraidh bhí oícheanta ceoil againn, karaoke, ruaig ragairne, agus ba mhaith liom a leithéid a dhéanamh arís.
Ní leis féin a bheas sé ar choiste an chumainn, mar beidh go leor daoine eile ag cuidiú lena chuid oibre. Chinn sé ceithre ról úr a chruthú i mbliana chomh maith.
"Tá coiste iomlán úr againn i mbliana, agus is maith an rud é smaointe a fháil ó dhaoine úra."
Ar seisean, "Is ról úr é Oifigeach na n-Imeachtaí agus an Oideachais, sin Emily Anne Lawrenson. Agus tá ról eile iomlán nua againn, Oifigeach um Chaidrimh Thrasphobail, sin Fionntán Deeds.
"Ansin tá ról mar Oifigeach Comhionannais, Éagsúlachta agus Cuimsithe líonta ag Aoibhínn Ginty. Agus ansin an ról úr eile, Oifigeach Earcaíochta, sin Orlaith Ní Earcáin."
Bíonn ionadaithe ó gach bliain ar an choiste chomh maith, agus líonfar ról mar ionadaí na chéad bhliana ag céad chruinniú an chumainn ag tús na bliana úire. Ba mhaith leis tógáil ar chaidrimh an chumainn le pobal Bhéal Feirste.
"Baineann an obair s'againne le pobal Bhéal Feirste, agus tá sé tábhachtach go bhfuil tacaíocht againn ó Ghaeil ar fud na cathrach. Mholfainn do dhaoine teacht agus triail a bhaint as rud úr, fiú mura bhfuil focal Gaeilge acu!"



