Tá Gradaim na hAisline beagnach linn agus tá muidinne ar lorg ainmniúcháin do na daoine agus do na grupaí a rinne tréaniarracht an Ghaeilge a chur chun cinn le linn na paindéime.

Agus tá Foras na Gaeilge ar bord mar urratheoir ar Ghradaim na hAislinge arís eile.  

Bhí orainn an ócáid mhór a bhogadh arlíne anuraidh, ach i mbliana beidh an tsiamsaíocht ag bogadh ar ais go dtí Óstán an Europa ar 4 Nollaig. Go horiúnach, tá ‘Atógail’ mar théama i mbliana ag na gradaim. 

Dúirt Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Edel Ní Chorráin, go dtugann an ócáid “spreagadh” don phobail.

“Tá Foras na Gaeilge páirteach i Gradaim na hAislinge le blianta fada cionn is go dtugann sé aitheantas do ghrupaí atá ag obair ag leibhéal an phobail agus tugann sé ardán daoibhe leis an obair mhaith atá ar súil acu a thaispeáint,” ar sise.

“Bhí pobal na Gaeilge níos laidre ná go leor grupaí eile le linn tréimhse na paindéime, agus go háirithe le linn 2020, d'aimsigh siad bealaí iontacha le dul in ngleic leis an ghéarchéim agus le tabhairt faoin obair a bhí ar siúl acu cibé, ar bhealach eile. Anois tá scoth na hoibre ar bun ag na grúpaí Gaeilge agus ag ceannairí phobal na Gaeilge agus   níl amhras ar bith orm ach do mbeidh siad ar ais níos láidre ná ariamh."

“Ba cheart an oiread agus is feidir a ainmniú le go bhfeicfidh pobail na Gaeilge agus an phobail eile líon na ngrúpaí atá ag obair ar son na Gaeilge."

Má shíleann tú ar chóir duine nó grúpa Gaeilge a aithint ag na gradaim, is féidir moladh a dhéanamh anseo.