Rinne an Ghaeilge níos mó dul chun cinn in Iarthar Bhéal Feirste ná mar a rinne sí in áit ar bith eile agus is é bunú Gaeltacht Bhóthar Seoighe a ba chúis leis sin, a deir an t-iriseoir Ciarán Dunbar ina leabhar Síolta.

Pobal de 22 theach é Pobal Feirste a bunaíodh ar Bhóthar Seoighe i 1969 chun tearmann a chruthú do theaghlaigh Ghaelacha.  

Dar leis an leabhar, bhí tionchar ollmhór ag Pobal Feirste agus tá na mílte cainteoirí laethúla ag an teanga dá bharr.  

Tá an Chultúrlann agus gluaiseacht na Gaelscolaíochta ann mar thoradh air chomh maith, dar leis an údár. 

Scéal phobail úra Ghaeilge agus na ndaoine a thóg iad é Síolta, a scríobh Ciarán le linn na paindéime. 

“Bhí mé ag iarraidh na príomh-idé-eolaíochtaí go léir a chuirtear chun tosaigh chun dul i ngleic bású na teanga a fhiosrú – óir is é easpa seachadadh ó ghlúin go glúin is cúis leis an bhású sin,” a dúirt sé.

Déanann an t-údar, a oibríonn leis an Belfast Telegraph, fiosrúchán ar phobal ar nós Ráth Cairn i gContae na Mí, Árd Barra i gContae Chorcaí chomh maith le Bóthar Seoighe.  
Iriseoireachta atá i gceist go príomha agus an t-údar ag cur gníomhaithe éagsúla faoi agallamh. 

Tá cur síos ar na clubanna peile lán-Ghaeilge, Na Gaeil Óga agus Laochra Loch Lao, ann freisin – in éineacht le fiosrúcháin ar cheantair ar nós Carn Tóchair i ndeisceart Dhoire agus ar na Gaeilgeoirí a chonaíonn sa Bheilg fiú.

Téann spéis an údair i bhfad siar, a dúirt sé le Seachtain – agus é ag iarraidh tabú áirithe a bhriseadh.  

“Thuig mé riamh gurbh é an fhadhb a bhí ann leis an Ghaeilge, i ndeireadh na dála, ná nach dtógann go leor daoine a gcuid páistí léi, d’ainneoin an ‘ghrá’ seo atá acu don teanga.” 

Chabhraigh sé go mór leis an tabú sin a thuiscint agus é ag scríobh, ansin ag déanamh iarrachta na deacrachtaí seo a mhíniú. 

“Bhí mé ag iarraidh na príomh-idé-eolaíochtaí go léir a chuirtear chun tosaigh chun dul i ngleic bású na teanga a fhiosrú – óir is é easpa seachadadh ó ghlúin go glúin is cúis leis an bhású sin,” a dúirt sé.

Réiteach amháin leis an gceist sin ná pobail úra teanga a chruthú agus iad “mar thearmainn” do theaghlaigh Ghaelacha, a dúirt sé.  

“Mheas mé go bhfuil dea-scéal ann sna pobail sin – dea-scéal nach mbíonn á rá mórán, dar liom. Shíl mé go raibh go leor scéalta maith ann nach bhfuil á n-aithris agus bhí fonn orm go mbeadh an stair sin, an fhealsúnacht sin agus na samplaí sin ar fáil do dhaoine,” a dúirt sé.

Tá na fadhbanna ó thaobh teanga de casta agus simplí, dar le Ciarán. “Tóg páistí le Gaeilge, sin simplí. Tóg tearmann chun sin a dhéanamh, sin casta."

Cuirtear an milleán ar na Sasanaigh as meath na Gaeilge, ach níor aontaigh an Dúnbarrach leis sin go hiomlán.

“Is meascán idir fhéin-mharú agus fheall-mharú é bás teanga,” a dúirt sé. 

“Cinnte, is féidir le grúpaí agus stáit a bheith ag obair in aghaidh teanga agus cultúir ach bíonn rogha ann den chuid is mó.  

“Is trom an fhreagracht sin a ghlacadh ort féin ag an tús – ach tar éis duit géilleadh dó, bíonn cumhachtú agus cumasú ann,” a dúirt sé.

Mothaíonn daoine go bhfuil siad gan chumhacht agus sin an comhthéacs ina dhéanann daoine cinneadh Gaeilge a thabhairt dá gcuid páistí nó gan a thabhairt dóibh, dar leis.
“Ní maith le daoine a bheith difriúil, is oth le go leor daoine a bheith ceangailte le cúis nó gníomhaíocht éigin. Tá normálú de dhíth, is é sin le rá, staid a chruthú ina labhródh daoine go laethúil agus go nádúrtha í mar ghnáth-theanga, beag beann ar an mheon cheart a bheith acu nó gan a bheith acu,” a dúirt sé.

“Sin an bua a bhí ag Bóthar Seoighe agus Ard Barra, cuir i gcás, rinne siad an teanga a normálú. Rinne siad gnáthrud as seachas ‘grá-rud’.”

Tá Síolta ar fáil anois ar €15 nó £13.50.

Léigh léirmheas anseo ar Síolta.