Tá éacht iriseoireachta is taighde déanta ag an iriseoir Ciarán Dunbar ina shárleabhar nua 'Síolta' a thugann léargas lom dúinn ar dhul chun cinn (nó a mhalairt) athbheochan na Gaeilge le 50 bliain anuas.

Le cois ar chur síos grinn, géarchúiseach ar bhunú agus ar fhorbairt Ghaeltacht Bhóthar Seoighe (scéal a bhfuilimid eolach go maith air abhus anseo sa chathair cois cuain), tugann an t-údár spléachadh dúinn ar ‘nua-Ghaeltacht’ eile i gCorcaigh, Ard Barra.

Is minic tagairt fhánach déanta ag Gaeilgeoirí Bhéal Feirste don lonnaíocht seo i gCúige Mumhan ach go bhfios domsa seo an chéad chuntas cruinn ar stair na scéime sin. B’fhiú an saothar seo a mholadh ar an tuairisc sin amháin – amhail Atlantis, bhí mé den tuairim le fada gur miotas a bhí in Ard Barra as siocair a laghad a bhí cloiste fá dtaobh de. Ach ní hamhlaidh atá: “Tá Ard Barra beo tar éis 50 bliain mar phobal teanga – ní beag an gaisce é sin. Léiríonn sé gur féidir leis an phobal sin tionchar a imirt ar an mhórphobal thart timpeall air. I mbeagán focal, rinne muintir Ard Barra labhairt na Gaeilge a normalú go mór.”

Ba nuacht agamsa é go raibh seacht dteaghlach sa ‘nua-phobal’ sin ón tús i lár na seachtóidí agus go bhfuil an Ghaeilge mar theanga an tí iontu uilig go dtí an lá atá inniu ann.

TÚS MAITH: Naíscoil Phobal Feirste, Meitheamh 1980
4Gallery

TÚS MAITH: Naíscoil Phobal Feirste, Meitheamh 1980

Ach cé gur saothar reportage é Síolta’, tá buanna ag an leabhar uathúil seo fosta mar théacsleabhar don duine a bhfuil rún aige nó aici togra Gaeilge a bhunú. Splancóir an t-ainm a bháisteann Dunbar ar na bunaitheoirí sin agus is fíor fosta, dar liom, go spreagfaidh an leabhar seo a n-iarrachtaí.

Agus an t-údár, a bhí tráth ag obair le Lá Nua agus atá anois ina iriseoir leis an Belfast Telegraph, ag ríomh stair na hathbheochana i mBéal Feirste, tosaíonn sé ag Bliain Neamhní – 1969 agus bunú Ghaeltacht Bhóthar Seoighe.

Tá go leor taiscí eile in ‘Síolta’: cuntas cuimsitheach ar ‘Ghaeltacht’ Charn Tóchair agus cur síos beoga ar Ghaeltacht Ráth Cairn – tuairiscí dea-scríofa, eolasacha nár mhothaigh mé áit ar bith eile roimhe. 

Is fíor go raibh Gaeilgeoirí ann roimhe sin – go háirithe an bhaicle sin de phobalachtóirí a d’fhoghlaim an teanga i ngéibheann – ach ba é bunú Bhóthar Seoighe an gníomh a chuir an lasair sa bharrach.

I dtéarmaí sochtheangeolaíochta, ba mhíorúilt é Bóthar Seoighe. Míorúilt, dar liom, nach bhfeicfear arís mar d’eascair sé as am agus as pobal a bhí ag freagairt do chúinsí ar leith nach bhfeicfear arís.

Bhí claochlú ag tarlú sa phobal thart ar Bhóthar Seoighe agus chothaigh an mórphobal agus pobal na Gaeilge a chéile sna blianta tosaigh sin nuair a bhí an crú ar an tairne. Bhí réabhlóid ar siúl sa dá phobal. 

AN CHEIST MHÍCHEART

Bhí beagán den sean-Chumann-Chluain-Árdachas ag baint le tús an tráchtais seo agus Dunbar ag maíomh nach labhraíonn cainteoirí Gaeilge an teanga lena bpáistí – “taobh amuigh de chorr-eisceacht thall is abhus”. Dar liom go bhfuil bunús na dtúistí Gaelacha a bhfuil páistí ar na Gaelscoileanna acu ag caint Gaeilge lena gcúram. Bhíodh an cheist chéanna ag dó na geirbe ag go leor den seandream sa Chumann – iad ag suí mar bhreithiúna teanga ar dhaoine ionraice nach raibh ag Gaeilgeoireacht lena bpáistí cé go raibh an teanga acu. Scannal saolta!

Ach sa chás seo, ní breithiúnas atá ar bun ag Dunbar ach iniúchadh. Leoga, síos tríd an leabhar, glacann sé chuige go cumasach ról an iriseora neamhspleáigh seachas ról an tslánaitheora. Mar sin féin, is ag bogadh i dtreo an ghealtachais atá an corrdhuine sa leabhar seo a mhaíonn nach le leas na Gaeilge agus an ‘Ghaelphobail’ na Gaelscoileanna. 

Ar ndóigh, is é an rud is tábhachtaí maidir le páiste Gaeilge a shealbhú ná é nó í a chur chuig Gaelscoil. Sin an phríoracht a bheadh agamsa seachas ceist a chur cé tá nó cé nach bhfuil sa saol casta seo ag caint Gaeilge lena gcúram. 

SPLANCÓIRÍ: Seán agus Séamus Mac Seáin
4Gallery

SPLANCÓIRÍ: Seán agus Séamus Mac Seáin

Tá an ceart ag an údár go bhfuil líon na bpáistí sa tír – agus i mBéal Feirste – atá á dtógáil le Gaeilge (ag beirt tuismitheoir a bhfuil Gaeilge acu beirt) íseal go maith. Scanraitheach íseal, seans. Is dream dearfach iad Gaeilgeoirí Feirste nach gcleachtann ‘an focal mór agus droch-chur leis’ ach is gá fosta aird a thabhairt ar an staid réadúil a léirítear i leathanaigh ‘Síolta’. 

Mar a deir Dunbar: “Rud atá cinnte, cé go bhfuil ardú suntasach ar líon na bpáistí atá á dtógáil le Gaeilge ó bhí na 1950í ann, uair a bhí seacht dteaghlach Ghaelacha i mBéal Feirste…tá an líon sách íseal i dtólamh. Ar ndóigh, táthar ag caint ar ‘theanga tí’ agus glacaim leis go gciallaíonn sé sin go mbeadh Gaeilge ag an dá thuismitheoir, go mbeadh siad beirt ag caint i nGaeilge amháin agus go mbeadh na páistí aonteangach, sa Ghaeilge, tráth, dá bharr.”

Is féidir an méid sin a admháil a fhad is a cheiliúraimid an dul chun cinn iontach ó naonúr sa chéad rang ag Bunscoil Phobal Feirste go dtí 7,000 dalta ar fud an Tuaiscirt atá ag fáil oideachais trí mheán na Gaeilge.

Ach an leor an tuiscint sin ar chúrsaí teanga in 2022? Cá mhéad teaghlach a bhfuil dhá thúiste ann ar na saolta seo? Go traidisiúnta, d’fhanadh an mháthair sa bhaile (agus an fear amuigh ag obair) agus í ag caint Gaeilge leis na páistí ach cá mhéad bean a fhanann sa bhaile anois? Admhaíonn an t-údár gur theip air tuilleadh ban a earcú le labhairt leis don leabhar, d’ainneoin a chuid iarrachtaí, agus gan amhras, tá monaplacht go rómhinic ag fir ar na grúpaí Gaeilge. Ach ardaím mo chuid aintéiní ach go háirithe nuair a léim ráiteas ó fhear óg singil ag insint dúinn an bealach ceart do thuismitheoirí (i. mná tí) an teanga a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile. 

Tá go leor taiscí eile in ‘Síolta’: cuntas cuimsitheach ar ‘Ghaeltacht’ Charn Tóchair agus cur síos beoga ar Ghaeltacht Ráth Cairn – tuairiscí dea-scríofa, eolasacha nár mhothaigh mé áit ar bith eile roimhe. 

Measaim féin in amanna nach leagann an tuairisceoir a mhéar go hiomlán ar an chuisle nuair a thugann sé le fios gur ag obair ar an scála áitiúil atá na splancóirí a labhraíonn sé leo – beag beann ar spriocanna náisiúnta. Ní comhtharlú é, dar liom, go bhfuil na hiarrachtaí is bisiúla sa Tuaisceart leis an Ghaeilge a chur chun cinn ag tarlú sa dá cheantar is náisiúnaí abhus – Deisceart Dhoire agus Iarthar Bhéal Feirste. 90 faoin chéad den am, tochail an teanga-ghráthóir agus gheobhaidh tú an tírghráthóir. 

GLÚIN ÚR: Maedbh Nic Aindreasa ó Choláiste Feirste ag agóid taobh amuigh d'Ollscoil na Ríona i 2007
4Gallery

GLÚIN ÚR: Maedbh Nic Aindreasa ó Choláiste Feirste ag agóid taobh amuigh d'Ollscoil na Ríona i 2007

Má tá conclúid sa leabhar taitneamhach, tábhachtach seo is é sin go dtagann achan rud ar ais chuig meon an duine agus meon an ghrúpa atá ag treabhadh ghort na Gaeilge. Tá foclóir nua saibhir cumtha ag an údár do na laochra sin atá ag ardú bhrat na Gaeilge abhus — “athbheochantóirí” a bhfuil “idé-eolaíocht Fheirsteach” acu a deir sé agus tréan measa sna foclaí sin. 

Tá dhá rud i gcoitinne ag an dream dochloíte sin de Ghaeilgeoirí a tharraingíonn as tobar Ghaeltacht Bhóthar Seoighe – an meon ‘ná habair é, déan é’ agus an cur chuige dearfach. Arsa Dunbar: “Tá an dearfacht sin le mothú in Uachtar Chluanaí, ar Bhóthar Seoighe, i measc Na Gaeil Óga, in Ard Barra,  i gCarn Tóchair, i Sabhal Mor Ostaig agus i Ráth Cairn. Is í, is dóigh liom, an tréith is tábhachtaí dá bhfuil acu ar fad.”

Tá an dá thréith sin le sonrú in ‘Síolta’ fosta. Léitear é go fonnmhar mar threoirleabhar agus mar leabhar staire ag an chéad ghlúin eile de splancóirí. 
 
Síolta – Pobail Ghaeilge úra agus na daoine a thóg iad. Ciarán Dunbar. Coiscéim 2021. 
 
Tá Síolta ar fáil ó An Cheathrú Póilí sa Chultúrlann.