Seolfaidh an t-iriseoir aitheanta agus comh-bhunaitheoir Lá Eoghan Ó Néill an cnuasach úr filíochta 'Idir an Dá Fhearsaid' le Róise Ní Bhaoill i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, Dé Sathairn 6 Iúil ag 1pm.

"Chuaigh an leabhar cumhachtach seo go mór i bhfeidhm orm," arsa Eoghan, "agus tá súil agam go dtiocfaidh an pobal Gaeilge amach ina slóite don lainseáil seo."

2Gallery

Tá fáilte roimh gach duine. Beidh sólaistí ar fáil.

Tá an leabhar ar fáil sna siopaí agus ó shuíomh Éabhlóide. Seo dán ón bhailiúchán úr thíos: An Bóthar. 

 An Bóthar

Leagann sí lámh shocair
Ar ghualainn mná óige,
Ar scrios manglam miotail
A héadan mín,
Ar athair mór
Ina bhfuil go fóill
Piléar go domhan san fheoil,
Ar stócach,
Nach aige anois
Ach conamar de ghlún.
 
Is é a tearmann féin a hiúl
Ag deireadh lá oibre,
Chan geab gáirsiúil saighdiúra
Ná bogadach dubhthoirteanna
A nochtann ina stangadh,
An mhéar leis an truicear,
Sruth cáidheach cainte leo.
 
Ní labhraíonn sí
Nó is sa tost
Atá an cur in aghaidh.
Leanann an leamhsháinn
Gondeir fear acu.
‘Siúil leat,
Níl inti ach claitseach,’
Agus go tobann,
Siúd iad ag sodar leo
Síos an Bóthar.
 
Is é ’an Bóthar’
Cuisle bheo an iarthair
Feith righin láidir
Ina rith síos go lár
 
Bhí an bóthar sin
Dubhthinn tráth
Den eileatram dhorcha
Agus é ar thosach
An uile shlógh
Iad ag triail i suan bróin
Ceim dhosheachanta
Ar chéim,
I dtreo Reilig na Cathrach
Nó Reilig Bhaile an Mhuilinn.
 
Shiúil na mílte cos
An Bóthar sin,
Ag agóid
In aghaidh an ainchirt,
Ag bréagnú
Chuntais an Stáit
Ag lorg
Aitheantais is cúitimh,
Ag agairt síochána.
 
Ar an Bhóthar sin
Craobhscaoiltear scéalta
Ar gach binn is balla,
Fán stair ársa
Is an stair reatha,
Fá Fhódhla is fá Bhanba,
Fá chearta teanga
Is fán dóigh ar fearr
Gaeilge bhriste
Ná Béarla cliste.
 
Tá pobal teanga ann
A bhfuil a aghaidh soir
Is a aghaidh siar,
Pobal nár bheag
A uchtach,
A bhunaigh tráth
Raidió bradach
Agus Lá,
Aisling Ghéar,
An Ceathrú Póilí
Agus an Café Glas.
Is tá ‘Go raibh míle’
Agus ‘Ní hé José’
Ar bhéal chách
Is tá sé ‘ar fheabhas.’
 
Tá lucht an Bhóthair
Ag tarraingt
Le chéile,
Is ag tarraingt
In éadan a chéile,
Ach i gcónaí
Ag tarraingt.