An dara ceann sa tsraith nua de ghearrscéaltaí as Éirinn, as Tír na mBascach, as An Chataloin agus as An Ghailís, urraithe ag belfastmedia.com in Éirinn. Léaráid le Fearghal Kavanagh. (Buíochas ar leith le Gráinne Ní Ghilín as a cuidiú.)

Sin í mo mháthair Róisín ina luí ar an tolg. Bhíodh folt fada dubh uirthi uair den tsaol. Anois níl uirthi ach gruaig liath gearrtha go gairid agus dhá bhuidéal fholmha ar an urlár lena hais. Caitlín atá ormsa, a hiníon. Agus mé ag amharc uirthi ina luí ansin, ní miste liom a rá go bhfuil mo chuid súl bog le deora. Chan le trua ná le fuath, fiú, ach le brón, is dócha. Dá bhfeicfeadh sí mé mar seo bheadh sí ag tabhairt amach dom.
‘Ná déan scéal de do bharúil.’ 

Ach ní barúil atá ann. Chan le fada an lá. Fiú anois, áfach, bíonn seoid de lá ann anseo agus ansiúd. Creid uaim é, ní mar seo a bhí sí riamh anall. Ní aithneofá an bhean eile a bhí inti agus mé ag fás aníos. Ach is deacair an saol seo a bharraíocht. 

Duine as baile isteach a bhí i m’athair. Chaith sé a shaol ag seachaint na hoibre agus a chúramaí teaghlaigh leis an spreacadh chéanna. Le bheith cothrom dó, ní raibh mórán oibre fá Bhéal Feirste san am sin, ach d’éirigh go maith leis an beagán beag oibre sin féin a sheachaint. Sa lá atá inniu ann, ní sheachnaíonn sé ach muidne. Ní fhaca mé é le cúpla bliain, agus nach cuma sin mar ní rachadh sé san ualach liom cá bith.

De réir mar a chuaigh mise i méadaíocht, chuaigh sise i laghad. Bhí mo chrann taca ag titim as a chéile os mo chomhair amach agus bhí mise ag gabháil i láidre lá i ndiaidh lae. Bhí sé cosúil le haistriú céille agus nirt nár mhian léi a bhac. 

Ní hionann seo agus achan lá, mar a luaigh mé. Tá laetha eile ann nuair is fiú a hoiread sin óir í. Na laetha sin nuair is í mo spreagthóir í, m’anáil sa bhreis agus mé sa chró dornálaíochta. Ó, is é. Ba dhornálaí mé. B’ise a thug chuici mé. Níor mheath a barúil uirthi riamh, ba chuma iomarca agus éagóir, ba chuma an croíbhriseadh a rinne m’athair uirthi. Ba chuma go raibh uirthi mé a thógáil i mBéal Feirste le linn an chogaidh gan tacaíocht. Ní rachaidh an saol amach uirthi go deo, an méid a d’fhulaing sise sa tréimhse sin.   

Bhí sí fágtha léi féin le screadachán beag bídeach. Bhí a máthair féin, fiú, ag caitheamh chuici gan trua. Agus an chuid eile, iadsan a théann leis an chreideamh ach go háirid, rinne siadsan í a luchtú as an drochphósadh agus as a fear a chailleadh. Ní mórán ná gur briseadh í. Thréig sí an saol sin uilig agus rinne sí a bealach féin, agus bhí ag éirí go geal léi ar feadh fada go leor go dtí go dteachaigh an deoch faoina ceann. 

Thug an t-ól sólás di. Sin a dúirt sí. Ach dar liom féin nach raibh ann ach éalú ón uaigneas. Ní raibh ann de dheoch nár bhain sí di. D’éireodh léi í féin a chur ar a seanléim arís agus arís eile – ach ligfeadh sí uaithi an deis, agus bhuaileadh sí an buidéal arís.
Is ionann sinn ar an dóigh sin. Scaoil mise as an fheistiú uair nó dhó agus mé ag fás aníos.

Ach d’iompaigh sise ar ais arís mé. An chéad uair a chuaigh mé amú, thug sí orm an chláirseach a fhoghlaim, agus ina dhiaidh sin an damhsa. Nuair a bhí mé ag troid le daoine ar scoil, thug sí go dtí an dornálaíocht mé. Bhí mé doicheallach go maith, ní miste dom a rá. Ach bhí sí fadradharcach mar mháthair. Sílim gur aithin sí an meath ag teacht uirthi féin agus go raibh uirthi cúiseanna a chur romham i dtólamh le go mbeinn inchurtha leis an saol. Cé muid gan cúis romhainn? Rud eile a deireadh sí. 

De réir mar a chuaigh mise i méadaíocht, chuaigh sise i laghad. Bhí mo chrann taca ag titim as a chéile os mo chomhair amach agus bhí mise ag gabháil i láidre lá i ndiaidh lae. Bhí sé cosúil le haistriú céille agus nirt nár mhian léi a bhac. 

Ag an chéad troid sa chró dornálaíochta bhí sí fíochmhar. Sílim gur scanraigh sise mo chéile comhraic níos mó ná mar a scanraigh mé féin í. Bhí sí ag achan troid ar feadh bliana ina dhiaidh sin. Ach is gar le gabháil ar a cuid fuinnimh anois. Ní raibh sí ann ach corruair ina dhiaidh sin, gur éirigh mé féin as.

An chéad uair sin nuair nár nocht sí, mhothaigh mé i mo chroí é. Shíl mé go gcaillfinn an troid, ach níor chaill. Chuimhnigh mé uirthi. Shamhail mé í ag screadach agus ag béicíl sa choirnéal go fóill. Ba leor sin. Ní raibh ach a macalla nó a samhailt le bheith ann le mé a spreagadh. Sin a thug sí dom. Agus thóg mé liom í chuig achan troid, bíodh sé sa chró nó ná bíodh. Bím ag seinm ar an chláirseach di achan lá. Dá bhfeicfeá a haghaidh, chomh sámh le liamhán gréine.

Amharc anois uirthi. Tá sí ag gabháil as go mór agus dlíonn fiacha a n-aisíoc. Agus mé anois i mbun mo mhéide agus mo chumais, déanfaidh mise a oiread di agus a rinne sise domsa. Téann sé de chrann orm í a iompar anois mar a d’iompair sise mé. Agus ní dhéanfaidh mise faillí, ach a mhalairt. Déanfaidh mise é le croí mór maith.