Is as Uachtar Cluanaí é Seán Ó Muireagáin. Is duine é a bíos ag scríobh filíochta, amhrán, gearrscéalta agus tá sé san am i láthair ag tabhairt fá úrscéal. Is duine é a bhí ariamh ag gníomh ar son phobal na Gaeilge ar fud na tíre seo, sa Ghaeltacht agus sa Ghalltacht. Bhí baint aige le bunú gaelscoileanna sna Sé Chontae, ar feadh beagnach 40 bliain. Tá dúil mhór aige sa cheol ghaelach agus is iomaí oíche a chaith sé le lucht ragairne i dTír Chonaill ag ceol is ag cóisireacht go bundún dearg na hoíche, nó ag cleamaireacht le Cleamairí Feirste.
An dara ceann sa tsraith nua de ghearrscéaltaí as Éirinn, as Tír na mBascach, as An Chataloin agus as An Ghailís, urraithe ag belfastmedia.com in Éirinn. Léaráid le Fearghal Kavanagh. (Buíochas ar leith le Gráinne Ní Ghilín as a cuidiú.)