[audio mp3="https://belfastmedia.com/wp-content/uploads/2020/05/200509-Dlúthpháirtíocht-Ghaeltachta1.mp3"][/audio]

Buail ar an nasc thuas le héisteacht le Gráinne

Briseadh croí ag cuid mhór déagóirí a bhí san fhógairt a rinneadh cúpla seachtain ó shin nach mbeidh cúrsaí ag dul ar aghaidh an samhradh seo sna coláistí Gaeltachta. Cuirfidh an laghdú ioncaim brú airgeadais ar mhná na dtithe agus ar ghnónna áitiúla fosta.

Is beag duine fásta de phobal na Gaeilge sa chathair seo nár chaith seal i nGaeltacht Dhún na nGall. Ba laethanta geala iad i gcuideachta ár gcairde, ag dul d’imeachtaí agus d’eachtraí a chuir sruthanna áthais ag borradh ionainn. Shangri-La ceart í an Ghaeltacht thraidisiúnta, dar le go leor daoine. Níl sárú ar an áilleacht fhisiciúil. Ní dhéanfaidh mé féin dearmad choíche ar an chéad radharc a fuair mé ar an ghealach lán ag éirí taobh leis an Earagail agus mé i mo scoláire ag stopadh i nDoire Chonaire. Ná an stangadh a baineadh as daoscarshlua againn nuair a thit muid go callánach amach as an Halla Bheag i ndiaidh céilí i Loch an Iúir agus an spéir lasta suas le dath dearg, bándearg agus corcra agus an ghrian ag dul faoi. Tabhair spléachadh ar na pictiúir atá daoine ag postáil ar na meáin shóisialta le cúpla seachtain anuas faoin haischlib #SeoÍAnGhaeltacht go bhfeicfidh tú tuilleadh.

Áit saoire í an Ghaeltacht ag go leor de mhuintir na cathrach. Is tearmann í ina dtig linn scaoileadh le buaireamh an tsaoil ar feadh tamaill. Faoiseamh a gheobhadsa seal beag gairid, mar a dúirt an file. Is tobar í an Ghaeltacht fosta. Níl aon áit eile inchurtha léi ó thaobh saibhreas Gaeilge de agus dlús an phobail a labhraíonn í ar bhonn laethúil i ngach gné den tsaol.

https://www.facebook.com/conamaralair/posts/3042618472462473?__xts__[0]=68.ARD8I8hB5iL8pDdQeMMF8VaxOI4Nvtir6pcRepZxkMfBrl3rVMPAo8zNIx06ai93gEFKIESaGHLem1t88plnS1d0dqhqLv9BeAkscx4-9ZZoAXNB8VbnYXQlbRQ_H_-YWvsp5fFCuC8ZKLGXxIsP-TcLkYNgR1xw0mspbUMJf7I4sUh5CmnAwyHkByoJLr6lk7ch9un0bBYBHVm5VV6OQZwkSOhAJOC0wtsEdKbu0YiPET1ShBvy0YgN9qXViqhOf0n6M--FSxMNlOtJ-Bzr-sAhBb4aYoofK-jE377XFK27SReLm9yYlHXNlkU215tKHPHoYIJf4wvgaQ3PY2aYiRpeaA&__tn__=-R

Ach an bhfuil an tobar sin ag trá? Léiríodh le figiúirí daonáireamh 2016 go bhfuil líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge sna Gaeltachtaí ag dul i laghad i gcónaí. Tá daoine óga ag imeacht le fostaíocht a fháil. Tá saol agus pobal na tuaithe in Éirinn go ginearálta faoi bhrú mór. Labhair Breanndán Ó Beaglaoich ar an phodchraoladh ‘Mise Éire’ le Doireann Ní Ghlacáin tá cúpla seachtain ó shin faoin scrios atá á dhéanamh ar a bhaile féin, Baile na bPoc i gCorca Dhuibhne. Sa bhliain 1841, bhí breis agus 200 duine ina gcónaí ann. Anois níl deichniúr féin ann, arsa an ceoltóir. Tá Comhairle Contae Chiarraí ag cur cosc air le blianta fada teach a thógáil ar fhód a mhuintire atá ann le ceithre ghlúin anuas. Tá an príosún féin á bhagairt air as struchtúr sealadach cónaithe a chur ann.

Eibhlín Ní Chonghaile, láithreoir an chláir 'Gaeltacht 2020' atá le feiceáil ar Sheinnteoir TG4
Eibhlín Ní Chonghaile, láithreoir an chláir 'Gaeltacht 2020' atá le feiceáil ar Sheinnteoir TG4

Tá bacanna ar dhaoine i gConamara fosta tithe a thógáil ar a dtalamh féin, mar a léiríodh ar an chlár ‘Gaeltacht 2020’ ar na mallaibh. Léiríodh chomh maith an easpa fostaíochta – i nGaoth Dobhair, mar shampla, áit a bhfuil monarchana ina luí folamh. Tá fadhbanna infreastruchtúir i gceantracha Gaeltachta ar fud na tíre. Níl líonra maith bóithre ann. Tá seirbhísí iompair phoiblí tearc. Níl leathanbhanda ar fáil i mórán áiteanna agus bíonn drogall ar ghnónna lonnú iontu. Tá ceantracha ann nach bhfuil na fóntais bhunúsacha, leictreachas agus córais séarachais, mar shampla, ar an chaighdeán chuí. Ní féidir uisce amach as an sconna a ól ar an Cheathrú Rua i gConamara.

Tuigimidne, pobal na Gaeilge i mBéal Feirste, go maith an easpa infheistíochta agus an easpa measa. Tuigimid séanadh cearta bunúsacha. Tuigimid fosta go bhfuil buanna iontacha againn. Tá cosúlachtaí idir ár gcás féin agus scéal mhuintir na Gaeltachta.

Nuair a chuir Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta ocht n-aidhm le chéile breis agus caoga bliain ó shin, ní raibh athbheochan ná treisiú na Gaeilge ina measc. Is ceisteanna sóisialta agus polaitíochta a bhí ag dó na geirbe do na gníomhaithe sin – rialtas áitiúil, plean oideachais, stáisiún raidió, cosc a chur leis an imirce, cearta iascaireachta.

Sa lá atá inniu ann, tá grúpaí éagsúla mar Jabanna do Cheantar Iorras Aithneach agus Glór na Tuaithe ag feachtasaíocht leo ar cheisteanna sóisialta. Ó craoladh an clár ‘Gaeltacht 2020’, tá an chuma air, ar na meáin shóisialta ar aon nós, go bhfuil fonn ar ghlúin óg na Gaeltachta traidisiúnta i ngach cearn theacht le chéile ar bhonn níos eagraithe agus dul i mbun gnímh. Níl eagraíocht ná feachtas ar leith bunaithe go fóill, ach d’fhéadfadh a leithéid a bheith ar na bacáin. Cibé socrú a dhéanfaidh ár gcairde Gaeltachta, beidh tacaíocht de dhíth orthu ó phobal na Gaeilge sna bailte móra. Beimid i ndlúthpháirtíocht leo.