Tá go leor scríofa i nGaeilge, i mBéarla agus fiú in Albainís Uladh faoin dóigh mar a fuair Béal Feirste a hainm. Tá an scéal i mbéal an phobail, fiú ag daoine nach Feirstigh iad ó dhúchas.
 
Béal na Fearsaide, mouth of the sandy ford. Abhainn na Fearsaide, an abhainn fholaithe thíos faoin chathair anois.
 
Ach, tá Béal Feirste do-aitheanta anois ón Bhéal Feirste a bhí ann agus mise ag teacht i méadaíocht. Tá an chathair iomlán do-aitheanta ó aimsir mo thuismitheoirí fein. Beidh a fhios acu, beidh a fhios ag mo mháthair go háirithe, bean de bhunadh an Mhargaidh, ceantar stairiúil ar imeall lár na cathrach. Agus Dia ár Sábháil, ná habair The Markets, sin scéal eile, beidh daor ort, níl ach Margadh amháin ann!
 
Faraor, tuigim go bhfuil áiteacha agus ceantracha faoi leith i lár na cathrach atá beagan rite síos, cuma shalach orthu b’fhéidir, áfach, os a choinne sin, tá áiteacha agus foirgnimh ghalanta ann. Ní raibh mé féin i lár chathair Bhéal Feirste le tamall anuas agus ní thiocfadh liom Madden’s ná Tigh Uí Cheallaigh a chur san áireamh, mar sin, bhí iontas orm ag siúl thart ar lár na cathrach le mo pháistí ag dul i dtreo Belfast Tradfest in Ollscoil Uladh i lár an bhaile an tseachtain seo. 

BÉAL FEIRSTE NA LONG: An chathair mhaorga ag athrú go tapa
2Gallery

BÉAL FEIRSTE NA LONG: An chathair mhaorga ag athrú go tapa

an foirgneamh do-chreidte taobh amuigh agus taobh istigh, gradam ailtireachta tuillte acu. Tá na háiseanna foghlama thar barr do mhic léinn an lae inniu. Foirgneamh mór geal le solas an lae ag teacht isteach ar na fuinneoga deasa. Baineadh siar asam le bheith ionraic.
 
Mhair ranganna ceoil na bpáistí  tamall, mar sin de, bhí am agam dul ag spaisteoireacht thart ar mo chathair dhúchais amhail is gur cuairteoir nó turasóir a bhí ionam.
Bhí go leor scríofa agus ráite sna meáin a bhí diúltach faoi lár an bhaile, tá mise ag dul díriú ar chúpla rud dearfach!
 
Ag teacht amach domh as foirgneamh nua Ollscoil Uladh, thiontaigh mé i dtreo Ard-Eaglais Naomh Áine agus Ceathrú na hArd-Eaglaise leis na tithe tabhairne beaga agus móra, Duke of York, Black Box, Thirsty Goat, Spaniard agus tuilleadh. Cuma iontach orthu ar fad, ach ró-luath fá choinne pionta. 

Cuma shuimiúil

Shiúil mé ar aghaidh agus bhí mé in aice le hIarsmalann  Albainis Uladh nó Cultúrlann Albainis Uladh, más maith leat, ach bhí sé druidte. Arís, cuma shuimiúil ar an áit agus níor leag mo chos ann ariamh!
 
D’imigh mé liom agus lean mé an cosán go raibh mé ar chúl Ard-oifig an Phoist agus in aice le Cearnóg Theach an Chustaim agus ag déanamh mo bhealach i dtreo an Éisc Mhóir agus an droichead coise a thugann tú i dtreo Odyssey agus ceantar an Titanic. Ceathrú Titanic, cé mhéad ceathrú atá i mBéal Feirste?
 
Chuir mé suim mhór sa Nomadic, atá ina luí sa duga thirim os comhair Ionad Titanic, foirgneamh suntasach eile ar spéirlíne Bhéal Feirste, áit ina raibh Titanic Céilí, Céilí mór faoin spéir,  Dé Domhnaigh ag Belfast Tradfest!

Bhí bratach na Fraince ar foluain ón long Nomadic. Nasc iontach le stair Titanic, stair Bhéal Feirste agus na hÉireann. Thug an Titanic cuairt ar Cherbourg na Fraince sula ndeachaigh sí go Cobh na hÉireann, nó Baile na Banríona, Queenstown, mar a bhí uirthi ag an am agus ar aghaidh ar an Aigeán Atlantach i dtreo Nua Eabharc agus tá a fhios againn uilig an deireadh. Bhí Baile an Rí, Kingstown, i nDún Laoghaire, nach fearr i bhfad na logainmneacha dúchasacha!
 
Áfach, bhí an Titanic, ag fanacht dílis d’ainm na loinge, ró-mhór le teacht i gcuan agus i dtír i Cherbourg agus d’úsáid White Star Line, longa beaga chun na paisinéirí a thabhairt ón chuan go dtí an long mhór mhaorga Titanic. 
 
D’iompar an Nomadic an Meiriceánach agus an milliúnaí,  Benjamin Guggenheim ó Cherbourg go dtí Titanic. Fuair Guggenheim bás ar an 15ú Aibreán 1912 amuigh ar an Aigeán Atlantach Thuaidh. Ba dhuine de na paisinéirí ba chlúití a d’éag ar an fharraige fhuar é.
 
Bhí an t-am ag teannadh orm faoin am seo agus bhí a fhios agam go mbeadh orm bheith ar ais do mo pháistí ag ranganna Tradfest. D’fhág mé An Cheathrú Titanic i mo dhiaidh agus d’fhill mé ar lár an bhaile thar bráid Halla Cois Cladaigh, áit a shonraigh mé go raibh caifelann bheag ann agus daoine ag ól tae agus caife ag amharc amach ar Loch Lao. Thiocfadh liom dul i dtreo Bhóthar Ormeau, ach bhí glór nó macalla mo mháthair mhór do mo tharraingt ar an mhargadh, Margadh Naomh Seoirse. Mheall boladh an bhia mé isteach, cupa caife agus Belfast Bap! 

Smaoinigh mé ar an sult agus an phleisiúr a bhainfeadh turasóirí as an mhargadh iontach anseo, atá ar comhchéim le margaí na hEorpa! 

Dealbha nua

D’imigh mé liom i dtreo Halla na Cathrach agus chuir suim mhór sna dealbha nua ar an fhaiche chun tosaigh. Sheas Winifred Carney, an clóscríobhaí leis an Webley agus ball de Chumann na mBan, cara mór James Connolly, go bródúil ag amharc amach ar an chathair a chuir sí féin fuithi breis agus céad bliain roimhe seo. Bhí páistí óga ag rith thart agus lánúineacha agus oibrithe na n-oifigí ag tógáil sosa agus ag ligint a sciste. Tá leacht chuimhneacháin William Pirrie agus Scéal  an Titanic atá fite fuaite le stair Bhéal Feirste, stair a mheallann a lán turasaóirí,  ar thalamh Halla na Cathrach. 

Dár ndóighe, in aice le Winifred, tá bean eile ann, Mary Ann Mc Cracken, laoch eile. Beirt bhan chróga. Maith iad.
 
Faoin am seo, bhí driopás orm. D’fhág mé slán ag Halla na Cathrach agus shiúil mé suas Royal Avenue i dtreo Ollscoil Uladh arís thar Castlecourt agus an tSráid Thuaidh. Mhothaigh mé cinnte go raibh infheistíocht nó athghiniúint ag teastáil go géar anseo.

Ach ansin, bhí mo cheannscríbe os mo chomhair amach, ach an iarraidh seo bhí mé ar an taobh eile den bhóthar. Thug mé faoi deara go raibh dealbh eile ann ar thalamh na hollscoile. Dealbh a bhí ann don dornalaí Rinty Monaghan, an tÉireannach Ceolmhar, atá faoi chré na cille i Reilig na Cathrach. Curadh Domhanda, na Breataine agus na hEorpa a bhí ann sa dornalaíocht, agus é ag troid ag cuilmheachán. Laoch eile.
 
Anois, tá mé claonta anseo faoin chathair, is Feirsteach go smior mé. Ach, bhí cuma mhaith ar an chathair, in áiteacha gan amhras. Tá Béal Feirste ag athrú, tá Béal Feirste ag fás. 
 
Béal Fásta! Fáilte roimh thurasóirí.