Tá Forbairt Feirste, áisíneacht forbartha a oibríonn leis an Ghaeilge a chur chun cinn sa chathair, ar buille gur i mBéarla amháin atá an chomharthaíocht ar bhothán do rothair i gCluain an Bhogaigh sa Cheathrú Ghaeltachta.
Ag caint leis faoin bhothán, dúirt Piarais Mac Alastair, Bainisteoir Tionscadail le Forbairt Feirste, go raibh díomá agus míshásamh orthu faoin chás.
“Is céim siar í an cinneadh comharthaíocht Bhéarla amháin a chur suas sa Cheathrú Ghaeltachta,” ar seisean. “Ní bhaineann sé seo le comharthaí amháin, baineann sé le meas, comhionannas agus na gealltanais atá tugtha chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus a chosaint."
Shéan An Roinn Bonneaegair — a bhfuil a mbrandáil ar an bhothán – gur bhain an scéim leo. Comhairle na Cathrach, ar siad, a bhí freagrach as an bhothán úr ag Cluain an Bhogaidh. Iarradh ráiteas ar an Chomhairle ach ní bhfuarthas freagra roimh fhoilsiú an ailt seo.
Lean an tUasal Mac Alastair leis: “Tá aitheantas tugtha ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste don Cheathrú Ghaeltachta, agus is cuid lárnach í de Phlean Teanga Iarthar Bhéal Feirste Fís an Phobail. Tugann comharthaíocht i mBéarla amháin sa cheantar seo an teachtaireacht mhícheart ar fad agus baineann sí de na blianta fada oibre atá déanta ag cónaitheoirí áitiúla, gníomhaithe teanga agus eagraíochtaí pobail an teanga a chur chun cinn.
“Tá sé in am do gach údarás poiblí deireadh a chur leis na polasaithe seanaimseartha Béarla amháin agus glacadh le comharthaíocht ilteangach a mbíonn ionadaíocht ar na pobail a bhfuil siad in ainm is a bheith ag freastal orthu. Is teanga bheo í an Ghaeilge a bhfuil aitheantas dlíthiúil aici agus áit cheart aici inár spásanna poiblí. Ba chóir ré na bpolasaithe poiblí Béarla amháin a fhágáil i leabhair na staire.”
Daingníodh polasaí Gaeilge Chomhairle Chathrach Bhéal Feirste i mí Dheireadh Fómhair 2025, ag cruinniú na comhairle. Cé go raibh cath dlí ann mar gheall ar athbhreithniú breithiúnach, caitheadh sin amach i mí Aibreáin agus deimhníodh an polasaí úr ag cruinniú na Comhairle ag tús mhí an Mheithimh.
Deirtear sa pholasaí go nglacfaidh an Chomhairle cur chuige dhátheangach maidir le comharthaíocht i saoráidí na Comhairle.
“Glacfaidh an Chomhairle le cur chuige dhátheangach maidir le comharthaíocht ina cuid saoráidí go léir. Beidh roghanna pictiúrtha agus tadhlacha (Bráille) san áireamh sna comharthaí seo fosta nuair is féidir.”
Deirtear in aguisín an pholasaí fosta go dtabharfar príomhthosaíocht do gach áis de chuid na Comhairle sa Cheathrú Ghaeltachta.
Tharla a leithéid anuraidh sa cheantar céanna nuair a nochtadh múrphictiúir i mBéarla amháin. Ulster Wildlife a rinne an cinneadh sin agus léirigh Conradh na Gaeilge a míshásamh leis ag an am.



