Tá ceolchoirm Kneecap díolta amach ag Féile an Phobail 2026. Chuaigh na ticéidí ar díol Dé Domhnaigh 13 Iúil agus bhí siad díolta amach faoi dheireadh an lae.
Dúradh ar leathanaigh mheán shóisialta na Féile go mbeidh, ‘Thursday 6 August at Falls Park, West Belfast, off the scale,’ agus táthar ag súil le chor a bheith 12,000 duine i láthair ag an cheolchoirm.
Is as iarthar Bhéal Feirste do bheirt ón ghrúpa ceoil Kneecap, Liam Óg Ó hAnnaidh, nó ‘Mo Chara,’ agus Naoise Ó Cairealláin, nó ‘Móglaí Bap.’ Is as Doire don tríú ball den Ghrúpa, J.J. Ó Dochartaigh nó ‘DJ Próvaí,’ agus tá aithne mhaith orthu ar fud an domhain as a stíl cheoil agus as a dtacaíocht do phobal na Palaistíne le linn cinedhíothaithe in Gaza.
Rachaidh brabús na ceolchoirme seo chuig dhá charthanas; Glór na Móna atá lonnaithe in Iarthar Bhéal Feirste, agus chuig Cumann Peile Sheáin Uí Dhubhláin i nDoire.
Tá baint mhór ag Liam Óg agus Naoise leis an ghrúpa pobail Glór na Móna. Ba ghnách leo freastal ar an ghrúpa óige nuair a bhí siad ní b’óige, agus is chuig tionscadal foirgnimh úir, ‘Croí na Carraige’ a rachaidh dhá dtrian den airgead ón cheolchoirm.
Ag caint leis faoi dhíoladh amach na ceolchoirme, dúirt Cathaoirleach Ghlór na Móna, Conchúr Ó Muadaigh go raibh sé ag súil go mór leis an cheolchoirm.
“Is ócáid agus ceolchoirm thar a bheith tabháchtach é seo," ar seisean. "Ní hamháin do Kneecap ach don phobal ar fad. Seo Kneecap ag teacht abhaile, an chéad cheolchoirm atá á dhéanamh acu ag Féile an Phobail ó 2023.
"Baineann sé seo le fás na teanga agus le hinfheistíocht a dhéanamh sna ceantracha arb as Kneecap.
"Tá sé cumhachtach gur díoladh amach an cheolchoirm. Is teachtaireacht dhearfach í seo faoin phobal, faoin dóchas agus faoin dlúthpháirtíocht. Agus ní bheidh oidhreacht na hoíche seo le feiceáil sa slua amháin ach sna deiseanna a chuirfear ar fáil don chéad ghlúin eile."
Lean sé leis: "Tá muid chomh bródúil sin gur chinn Kneecap infheistíocht a dhéanamh inár dtionscadal, Croí na Carraige. Tá muid ag súil go dtógfar go luath an chéad fhoirgneamh atá saintógtha do dhaoine óga le Gaeilge sna sé chontae.”
Is as Cathair Dhoire don tríú ball den ghrúpa, J.J. Ó Dochartaigh, nó D.J Próvaí, agus baint aige féin leis an chumann peile ar an Chreagán, CLG Seán Ó Dubhláin. Ba mhaith leo ionad úr Gaeilge ‘An Síol’ a chur ar bun le tacaíocht an airgid ón cheolchoirm.
Deir an club go gcuirfear cláir nua foghlama ar fáil do bhaill an chlub agus don phobal i nDoire. Rinneadh scrios ar an chlub chéanna i mí na Nollag 2011 nuair a cuireadh clubtheach an chlub trí thine in ionsaí coirloiscthe, agus deir an club go bhfuil siad ar bís a bheith roghnaithe mar phairtnéir ag Kneecap don cheolchoirm.
KNEECAP TICKETS SOLD OUT!
— Féile an Phobail (@FeileBelfast) July 13, 2026
Kneecap’s massive ‘Uppa Falls’ Féile Charity Gig has sold out.
Thursday 6th August at the Falls Park, West Belfast, is going to be off the scale!💥 pic.twitter.com/AoDIqmI1oc
Deir Kneecap féin gurb é sprioc na ceolchoirme ná "tabhairt ar ais don phobail arb as Kneecap. Is pobail iad sin a chuireann luach ar an chine daonna agus ar dhlúthpháirtíocht thar rud ar bith eile".



