Tá borradh iontach faoi Scoil Samhraidh Mhic Reachtain i mbliana - mar is léir ón ghrianghraf a ghlac ár ngrianghrafadóir Jim Corr ar maidin inniu.

Tá ábhar Gaeilgeoirí as fud fad na cathrach ag freastal ar an ócáid bhliantúil i dtuaisceart Bhéal Feirste. 

Leanfaidh an scoil ar aghaidh go cionn coicíse agus chomh maith le ranganna beidh oícheanta airneáil, ceolchoirmeacha agus béile blasta sa Chaifé Ceoil.