Ainmníodh Béal Feirste mar Chathair Cheoil de chuid UNESCO i mí na Samhna 2021. Táimid mar chuid de líonra ina bhfuil 59 gCathair Chruthaitheachta ar fud an domhain, ina measc Glaschú, Valparaíso sa tSile, Xalapa i Meicsiceo agus Tongyeong sa Chóiré Theas.

Tá an teideal tuillte go maith againn. Fiú i nduibheagán an gheimhridh tá rogha fhairsing cheoil ar fáil seacht n-oíche na seachtaine. Bhí Féile Out to Lunch ar siúl i mí Eanáir agus bhí chóir a bheith achan imeacht díolta amach. Bhí ceolchoirm leis an ghrúpa Ceithre Cinn sa Chéad Teach Pobail Preispitéireach (Neamh-Aontaithe) ar Shráid Rosemary thar barr ar fad. Cara liom, ar amhránaí iontach í féin, dúirt sí go raibh sé ar na gigeanna ab’fhearr dar fhreastail sí orthu riamh. Ardmholadh. Bhí cuid den cheol chomh maith sin agus na hoirfidigh chomh cumasach sin gur fágadh an lucht éisteacht balbh. Ní hamháin nach raibh insint béil ar a fheabhas a bhí siad, ach níor leor bualadh bos ná liú ná gárthaí lena sástacht a chur in iúl. 

Cuireadh Ceithre Cinn le chéile nuair a bhí sos beag ann idir dhianghlasálacha mar chuid de thionscadal ar leith ag Rialtas na hÉireann le borradh a chur fán tionscal ceoil arís i bhfianaise na paindéime. Tá ceathrar amhránaithe agus cumadóirí neamhspleácha, uathúla sa ghrúpa; is iad Suzanne Savage as Béal Feirste, Matt McGinn as Baile Hill, Ciarán Lavery as Achadh Galláin agus Finnian Kelleher as Dún Dealgan. Chruinnigh siad ar feadh trí lá i Stiúideo an tSléibhe Dhuibh i mbaile dúchais Fhinnian mar ar chóirigh siad ceol a chéile agus inar thug siad amhráin nua ar an tsaol. ‘True Love’ an ceann is mó acu sin atá le cluinstin ar na haerthonnta ó shin agus tá draíocht ag baint leis. Baineann sé leis na nithe beaga a bhraithimid uainn nuair a imíonn duine ar shlí na fírinne. De réir an tseachais scríobhadh an t-amhrán taobh istigh d’achar gairid agus rinneadh taifead 20 bomaite ina dhiaidh sin air.

Is cinniúint, dea-chinniúint, a thug an grúpa seo le chéile. Tá gach duine de na ceardaithe ceoil seo i mbarr a gcumais agus mar gheall ar an chóiriú agus ar an léiriú máistriúil atá déanta acu, tá gach amhrán ina shaothar foirfe. Is in Amharclann Braid ar an Bhaile Mheánach a bheas an chéad ghig eile ag Ceithre Cinn Dé Sathairn an 15 Aibreán. 

Tá an ceol ag rith go tréan sna féitheacha ag Miadhachlughain O’Donnell, fliútadóir agus amhránaí a sheol EP nua s’aici an tseachtain seo caite sa Chultúrlann agus lán tí i láthair. D’fhás Mia aníos i gCaisleán Uidhilín faoi thionchar láidir an cheoil thraidisiúnta. Is í Tíona McSherry as Baile Andarsain a máthair, agus bhí clú ar an ghrúpa Tamalin ina raibh Tíona lena siblíní, John, Paul agus Joanne agus a ndlúthchara Kevin ‘Dod’ Dorris, nach maireann, ag deireadh na 1990idí. 

Ceolann Mia amhráin Ghaeilge agus Bhéarla araon. Is minic armóin ar a glúin mar thionlacan aici, agus tá leaganacha suntasacha aici de ‘Cailín as Contae Lú’ agus ‘Siúil a Rúin’. Bhláth a cruthaitheacht go mór le linn na ndianghlasálacha agus scaip a clú mar gheall ar fhíseáin a rinne sí le Féile na Gealaí agus le grúpa dlúthchairde ar ceoltóirí agus léiritheoirí teilifíse iad sa lána ar chúl an tí lá gréine. Tá toradh a cuid oibre agus an bua atá inti ó nádúr le cluinstin san EP iontach atá eisithe aici.