IS in San Diego, California a chaith mé féin agus mo mháthair aimsir na Nollag agus muid ar cuairt ar ghaolta linn. Cathair bheoga, ilchultúrtha í ar chósta an Aigéin Chiúin atá beag go leor go bhfuil sí inláimhsithe ag an chuairteoir, agus mór go leor fosta go bhfuil gach cineál áise a bheadh uait le fáil ann. Tá béim ar an spórt, ar na healaíona agus ar oidhreacht mhíleata, chultúir agus teicneolaíochta na háite, ach an rud is mó a chuaigh i bhfeidhm orm ná a chairdiúla agus a chineálta a bhí muintir na háite (correisceacht ann, ar ndóigh!). Bhí siad lách, foighdeach lena chéile agus linne, turasóirí, agus is ar na busanna poiblí áitiúla is mó a bhí na tréithe sin le sonrú. 
 
Cé gur fágadh carr breá fá mo choinne ar an tsráid taobh amuigh den teach, bhí drogall orm dul sa tseans go rómhinic agus tabhairt faoin tiomáint ar an taobh ‘contráilte’ den bhóthar. Ar an dea-uair, bhí seirbhís bus bhreá ann. Bhí Uimhir 3 le fáil achan 20 bomaite idir an lóistín agus an t-ospidéal, áit a raibh ár dtriall gach lá le duine dár ndaoine muinteartha a fheiceáil. Téann Uimhir 11 síos go lár na cathrach chomh fada leis an Chéad Ascaill ar an Bhealach Leathan, an ceantar gnó agus airgeadais nach bhfuil rófhada ón fharraige. Tá tiománaithe MTS San Diego, an comhlacht bus, le moladh go mór as a chuidiúla a bhíonn siad go háirithe le daoine leochaileacha. Tá miotas in Éirinn gur sa tír seo amháin a ghabhann paisinéirí buíochas leis na hoibrithe bus, ach bhí ‘I appreciate it’ mór croíúil as béal gach taistealaí ar chúrsaí MTS. 
 
Níl San Diego ach 17 míle ón teorainn le Meicsiceo. Bhí gaoth an fhocail faighte againn go raibh margaí iontacha le fáil i siopaí monarchan na mórdhearthóirí ar an teorainn, leithéidí Levis, Armani, Michael Kors, Nike agus na scórtha eile nach iad. Isteach linn go lár an bhaile mar sin le turas trálaí ar an líne ghorm a dhéanamh chomh fada le San Ysidro, áit a bhfuil an ceathrú teorainn idirnáisiúnta is gnóthaí ar domhan. $5 a bhí ar thuras fillte, $2.50 le lascaine, agus ghlac sé 40 bomaite an teorainn a bhaint amach. Cé nach ndeachaigh muid isteach i Meicsiceo féin, bhí radharc bhreá againn ón droichead coisithe ar Tijuana agus ar na cnoic a thimpeallaíonn í. Bhí 10 lána tráchta ag an seicphointe thíos fúinn. Rachaimid féin trasna lá níos faide anonn. 
 
Ar ndóigh, tá rian an choilíneachais agus an impiriúlachais le sonrú go láidir in San Diego. Tá sé san ailtireacht, sna logainmneacha, sna teangacha atá ar na comharthaí, Béarla agus Spáinnis, agus sna scéalta a insítear sna hionaid oidhreachta agus chultúir. Bheadh dua ort theacht ar léiriú de stair na mbundúchasach. Is féidir béile a chaitheamh ar sheanlong chogaidh a bhfuil na scórtha eitleán suite in uachtar uirthi. Thug cara linn go Rinn Loma ar imeall na cathrach sinn tráthnóna amháin agus an ghrian ag dul ó radharc san Aigéan Ciúin – níl radharc is deise ar domhan ná an spéir ar an chósta thiar agus an ghrian ag dul faoi. Chonaic muid an reilig mhór mhíleata gona crosóga bána leagtha amach go néata i línte fada díreacha, agus thaispeáin sí dúinn áit a mbíonn na ‘seals’ á n-oiliúint ag Cabhlach Mheiriceá. Rónta a bhí i gceist aici – aimsíonn siad féin agus deilfeanna mianaigh san fharraige – ach shín sí a méar i dtreo na háite ina mbíonn fórsaí speisialta daonna an chabhlaigh ag traenáil fosta.
 
Áit ilghnéitheach, spreagúil í cathair San Diego agus an ceantar máguaird. Beidh mé ar ais.