TÁ Iontaobhas na Gaelscolaíochta [InaG] ag feidhmniú ó 2001 go dtí an lá atá inniu ann; táimid lonnaithe san fhoirgneamh mór bán ag croisbhealach Bóthar na bhFál agus An Bealach Leathan, mar atá, Áras na bhFál atá suite cóngarach don Chultúrlann i gCeathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste. 
 
Bunaíodh InaG agus ár gcomhghleacaithe Comhairle na Gaelscolaíochta [CnaG] leis an ghaelscolaíocht a éascú agus a fhorbairt fud fad an tuaiscirt de bharr Comhaontú Aoine an Chéasta a leag dualgas reachtúil ar an fheidhmeannas an ghaelscolaíocht a chur chun cinn. Tugadh £3.6m do InaG tabhairt faoi éileamh na gaelscolaíochta, ní suim mhór a bhi ann i bhfianaise go raibh an chuid is mó de na bunscoileanna gan aitheantas nó maoiniú ón stát ag an am. Go díreach, thug InaG deontais do 84 tionscadal thar an tréimhse sin. 
 
Ní ábhar iontais do lucht na Gaeilge an fás rábach ar an líon daltaí gaelscoile le 20 bliain anuas ó 1500 sa bhliain 2000 go dtí 7500 an lá atá ann innniu. Chuir lucht bunaithe Bhunscoil Phobal Feirste lasair sa bharrach i 1971 a bhí mar lóchrann ag glún eile a tháinig ina dhiaidh a bhí ag iarraidh teimpléad s’ acu a leanstan agus ardchaighdeán oideachais i nGaeilge a chur ar fáil. 
 
Is féidir sástacht a bhaint as an méid dul chun cinn a rinneadh chuige seo, ach go deimhin tá neart dúshlán go fóill ag an earnáil go dtí go bhfuil sé ar comhchéim leis an earnáil Bhéarla. Díríonn InaG ar chúrsaí cóiríochta ach go háirithe agus tá sé mar sprioc againn go mbeidh foirgneamh agus suíomh fóirstineach ach gach Gaelscoil. 

Tá roinnt áiteanna go fóill a bhfuil éileamh ann don Ghaelscolaíocht agus tá InaG ag obair leis na pobail sin an t-éileamh a shásamh. Ba chóir go raibh rogha gaelscoile ag gach tuismitheoir sa réigiún seo, ach nílimid ann go fóill. Tá cuidiú de dhíth ar na coistí deonacha le daoine a fhostú, le aiseanna teagaisc, seomraí ranga agus suíomhanna a chur ar fáil. Tugann InaG an cuidiú sin nuair is féidir linn. Níl go leor acmhainní againne san am i láthair leis an leibhéal cuí tacaíocht a chur ar fáil, ach leanfaimid linn ag déanamh abhcóideachta ar an fheidhmeannas agus ar lucht déanta cinnidh gur gá infheistiú i bhforbairt na Gaelscolaíochta.
 
Tá borradh sa Ghaeilge ó thuaidh i láthair na huaire, ach tá na gaelscoileanna mar dhúsraith ag an bhorradh sin. Déánfaidh an ghaelscolaíocht an mhúscailt chultúrtha agus an beocht, an chruthaitheacht agus an tonn fuinnimh atá le mothu anois ag Gaeil an tuaiscirt a chur ar bhonn inbhuanaithe. 

2Gallery