Beart le Briarthar - Príosún, Cearta Daonna agus Conradh na Gaeilge 1971-2000. Eoghan Mac Cormaic €15. Pluid.ie
Is é nós a bhíodh ag ár sinsir trí gháir a thabhairt ar chnoc le teann áthais nuair a bhí bua acu.
Ba mhaith sin a dhéanamh anois le tréan ómóis don údar Eoghan Mac Cormaic mar is bua é an leabhar seo uaidh don Ghaeilge, don stair agus dó féin mar iar-throdaí is mar iar-phríosúnach a bhfuil a scéal breacaithe tríd Beart le Briathar.
An chéad gháir, is d’Eoghan féin é. Na trioblóidí atá feicthe aige, na húafáis a d’fhulaing sé, an cruatan a dteachaigh sé tríd – cúis iontais agus lúchaire dúinn gur threisigh na héispeiris uile sin é agus go bhfuil sé anois ar dhuine de na gníomhaithe is bisiúla I saol na Gaeilge.
Is é is luaithe é, dar liom, a thuig nach aon mhaith cartlann a bheith ag Conradh na Gaeilge gan daoine fiosracha a bheith ag siortú tríd na bpéarlaí luchamhar atá ann. Tá sin déanta aige le Beart le Briathar agus is taispeánadh a bhfuil ann dúinn a mhair tríd an tréimhse 1971-2000 gan a bheith ag caint ar na hiontaisí atá ag fanacht leis an mhuintir óga a bhfuil an scéal seo uilig ina ábhar nuachta acu.
An dara gáir, tíolaicítear do laochra Chonradh na Gaeilge é a rinne beart le briathar le linn coimhlint na bpríosún.
Is homage é an leabhar seo do na Conraitheoirí sin a sheas le cearta an duine thar na blianta: Seán Mac Mathúna, Íte Ní Chionnaith (a léigh an forógra raidió do fheachtas na mBloc-H is Ard Mhacha I dtoghcháin 1981 nuair a bhí ball eile an Choiste coiscithe faoi Alt 31) ach go háirithe.
Agus ar ndóigh Pádraig Ó Snodaigh, uachtarán móruchtúil an Chonartha sna seachtóidí nár ghéill d’aon duine ariamh.
Gníomhaithe cróga a bhí iontu uile ar mhó an oiliúint is oideachas a bhí orthu maidir le cúrsaí saoirse is cúrsaí poblachta. Féach, mar shampla, cúlra Íte, atá chomh glórach fá chearta teanga is cearta daonna inniu is a bhí sí I 1981.
"(Bhí) a beirt tuismitheoir gníomhach agus faoi ghlas sa Churrach agus i bPríosún Mhuinseo, agus Íte féin lárnach anois i bhfeachtais ar son cearta príosúnach tríocha bliain níos déanaí. Bhí Ní Chionnaith ina ball den Chonradh ó bhí sí 14 bhliain d'aois nuair a chláraigh sí mar ball de Dháil na nÓg, ag freastal ar a céad ardfheis i 1969...de bhrí baint a bheith aici le polaitíochta na heite clé, d'fhulaing sí féin ón stát. Coisceadh postanna éagsúla uirthi ina hóige, agus chaith sí seachtain faoi ghlas mar gheall ar agóid ceadúnas teilifíse."
Ba bheag líon an dreama sin sa sochaí i gcoitinne a sheas guala ar gualainn leis na chime ach bhí siad flúirseach go maith sa Chonradh sa tréimhse seo mar is léir ó Beart le Briathar.
Ba chóir nod ar leith sa chomhthéacs sin a thabhairt do Phádraigh Ó Cléirigh, fear ardmheanmach, ceardchumannaí, gníomhaí pobail is gníomhaí Gaeilge a feallmharaíodh I 1992 taobh amuigh dá theach cónaí i dtuaisceart Bhéal Feirste. Is é an trua é nár mhair sé go bhfacha sé réabhlóid na Gaeilge ag teacht I mbláth I mBéal Feirste ár linne.
Ach B’fhiú fosta tagairt ar leith a dhéanamh do sheasamh misniúil Albert Fry a bhí ina Uachtarán ar an Chonradh ó 1979-1982.
Ba iad 1979 agus 1980 ar na blianta a ba chruaidhe amuigh ó thuaidh le linn na cogaíochta. Bhí an mhuintir sin a raibh baint acu le feachtas na bpríosún a marú ag dronganna a bhí ag obair as láímh a chéile leis an stát – meabhraím Miriam Daly agus an comh John Turley I samhradh 1980.
Mar sin de, ghlac sé uchtach ar leith do dhuine ar bith a n-aimh a chur le héilimh na bpríosúnach mar rinne Albert agus é ina Uachtarán ar an Chonradh. Ach bhí baol ar leith ann dó mar d’oibir sé i ndeisceart na cathrach le comhlacht profisiúnta a raibh cúlra Protastúnach aige, thaisteal sé go laethúil chuig ceantair aontachtacha agus bhí sé ina chónaí i dtuaisceart Bhéal Feirste – an áit is contúirtí amuigh sa Tuaisceart.

Lena chois, ní polachtóir de réir polaitíochta ár linne é Albert – tírghráthóir a bhí ann ach bhí sé neodarach a bheag nó a mhór ar gach ceist seachas ceist na Gaeilge a bheag nó a mhór agus chuir an nasc idir cúrsaí polaitíochta agus cúrsaí na Gaelilge buaireamh air. Ach mar sin fein, sheas sé go cróga ar son na córa mar Uachtarán an Chonartha.
Clúdaíonn an leabhar seo cogadh na Gaeilge sna príosúin le linn blianta dorcha sin ar bpianpháise ó 1971 go 1994 ach go háirithe. Agus léiríonn sé chomh gnóthach is bhí an Conradh ar cheist na Gaeilge sna príosúin ar fud an oileáin agus i Sasana ach fosta ar cheisteanna cearta daonna sna carcracha céanna.
Bhí Conradh ag cosaint cearta príosúnaigh go ginearálta maidir le brúidiúlachta na bpéas is na mbáirdéir agus fosta ag éileamh ceart na bpríosúnach Gaeilge a fhoglaim is a úsáid. Bhí siad ag tabhairt dúshlán an stáit a bhí á maoiniú.
Bhi go leor de bhaill an Chonartha go dubh in aghaidh polaitíochta na bpríosúnach ar ndóigh. Tá cuntas anseo ar chraobhacha a bhrúigh ar ais in éadan ordú an Choiste Gnó gur chóir tacú le feachtas na gcimí . I Ros Mhic Triúin, chaith baill na craoibh £40 ar nóibhéine dona príosúnaigh seachas dul ar agóid! Déanta na fírinne, bhi an seasamh sin ní ba chóngaraí do sheasamh mhórchuid mhuintir na hÉireann ná seasamh an Choiste Ghnó.
Bhí an Conradh ar thús cadhnaíochta in obair na stailce ocrais agus san fheachtas ar ball in aghaidh an eiseachadtha.
Mar deir an t-údár: Bhí siad “I líne tosaigh na comhghuallaíochta".
I ndiaidh an chéalachain, bhí deis ag an Chonradh díriú ar an tsainobair a bhí aige – ag cosaint ceart na gcimí le Gaeilge a fhoghlaim agus a úsáid. Ba leor iomrascáil a bhí acu leis na húdaráis sa dá dhlínse: Cath na mBíoblaí Gaeilge, cath na nuachtán, cath an fháinne (Buaite ag deireadh na 80í), cath Ghlór na nGael.
Ach Bba é buaicphointe feachtas na gcimí ar son na Gaeilge ná an cás cúirte a ghlac Eoghan i 1990 ina raibh sé mar ionadaí dó féin i gcás cuig lá fán chosc ar an Ghaeilge agur ar na spóirt Ghaelacha. Éacht a bhí sa chás sin. Ar nós go leor eile sa tír seo, chaill siad an case ach, idir sin is tráthas, bhain siad amach gach éileamh maidir le cearta Gaeilge – rud a bhrostaigh bunú Gaeltachta sna Blocanna sular druideadh iad sa bhliain 2000.
Mar a léirítear sa leabhar seo, bhí an Conradh ag brú ceist na Gaeilge sna píosúin ó bhí lár na seachtóidí ann. Leoga bhí Pádraig O Snodaigh ag lorg cead isteach chun na Ceise Fada an t-am sin le go mbronnfadh sé an fáinne ar bhaill den UVF a bhí ag foghlaim na teanga – tá scannán ansin gan a bheith ag caint ar leabhar eile.
.
An tríú gáir ar chnoc. Tíolaicim é do na príosúnaigh sin uile – murb é ar fhulaing siad, ní bheimis san áit is go bhféadfadh Conradh na Gaeilge ard-fheis s'acu a reachtáil i lár Bhéal Feirste ag deireadh na seachtaine seo thart.
B’iad glúin Eoghain an ghlúin a b’iontaí is a ba mhisniúla amuigh. Fir is mná a d’fhás ó Thuaidh i ndiaidh feachtas na gceart sibhialta a bheith sciobtha ó na sráideanna. Glúin a d’éirigh aníos in aghaidh an stáit. Glúin a d’fhulaing cuid mhór sna príosúin dá bharr. Eoghan é féin ina measc.
Bíodh rachairt mhór ar an tseoid seo de leabhar.
Tá Beart le Briarthar ar fáil ón Cheathrú Póilí nó go direach ón fhoilsitheoir, pluid.ie.


