I 1987, caitheadh amach as mo chéad chruinniú den Chomhairle i mBéal Feirste mé as Gaeilge a labhairt.
Nó “teanga leipreacháin” mar bhaist Sammy Wilson uirthi.

Mhuscail mé inniu agus Acht Ghaeilge ar an táirseach againn.

Moill ró-fhada ach d’éirigh linn mar phobal Gaeilge ó Thuaidh tabhairt ar na húdaráis an tAcht a bhí geallta ó 2006 a ghéillstin.

Tá na heilimintí tábhachtacha atá de dhíth in aon Acht ansin:

Stádas oifigiúil.

Coimisinéir Teanga.

Caighdeáin seachas scéimeanna.

Agus ar ndóighe tá ríméad ar leith orm go bhfuil aistriúchán comhuaineach le bheith curtha ar fáil sa Tionól féin agus comhaltaí ag caint Gaeilge. Is fada an t-aistear atá siúlta againn ó ré theanga an leipreacháin.

Is breá liom fosta go bhfuil deireadh a bheith curtha leis an phéindlí deireannach, Acht 1737 a choscann úsáid na Gaeilge sna cúirteanna. Ach ní sin an fíor-dhuais – an Ghaeilge a bheith le feiceáil san Ard-Chúirt i mBéal Feirste agus cead an teanga a úsáid sna cúirteanna an fíor-sprioc.

B’fhearr linn uilig Coimisinéir Gaeilge a bheadh go hiomlán neamspléach ar an rialtas agus é nó í ag beartú caighdeáin teanga do na forais phoiblí ach níor baineadh an méid sin amach fiú sa Bhreatain Bheag, ait a gcaithfidh an Coimisinéir Breatnaise a chuid pleananna a chur faoi bhráid na parlaiminte.

Tá sé de chiall ag na teachtai sa Senedd gan an t-ionchur atá acu a mhíúsáid mar veto. B’amaideach an mhaise d’aon Chéad Aire Aontachtach iarracht a dhéanamh moltaí an Chomisinéir ó Thuaidh a loit. Beidh le feiceáil.
Trí bliana a sheas muid an fód ar son na Gaeilge ó Thuaidh, ag coimhlíonadh geallúint Martin McGuinness nach bpillfí ar an status quo. D’ainneoin bagairtí is béal bán dúirt muid nárbh fhiú Tionól nó Feidhmeannas a bheith ann gan Acht Ghaeilge. Lena cheart a thabhairt dó, sheas Rialtas na hÉireann leis an dearcadh sin fosta.
Tá Acht Ghaeilge anois faighte againn. Níl sé chomh cuimsitheach is a ba mhaith liomsa é a bheith ach gan amhras tá briseadh tríd déanta againn ar son na teanga agus ar son na comh-urraime.

Agus beidh an stádas oifigiúil agam. I mo chomhráití leis an iar-Choimisinéir Breatnaise Meri Huws, bhéimigh sí an fíor-thábhacht atá le haitheantas oifigiúil agus tú ag iarraidh tabhairt ar aon údaráis plé go cothrom le pobal teanga. Credim go bhfuil an ceart aici. Ní neamhtheanga a bhéas sa Ghaeilge feasta.

Agus mé ag scríobh tá Sinn Féin ag déanamh a machnaimh ar an phlean — tá mise anois seasta siar ó chúrsaí polaitiochta — agus guím gach rath ar a bplé.

Ach tá a fhios agam seo. Tá go leor san Acht Ghaeilge domsa mar Ghaeilgeoir le mo shásamh a chur ar an taifead.
Ach tuigtear nach bfhuil anseo ach céim chun tosaigh sa ród. Tá rún agamsa a bheith ag leanstan liom ag seasamh an fóid don Ghaeilge agus ag troid ar son tuilleadh ceart agus tuilleadh achmhainní. An mbeidh sibh liom?