‘Béal Feirste Cois Cuain — cathair na nGael is na nGall, cathair an tsaibhris agus na bochtaineachta, cathair an ghrá agus na gruaime’: b’shin an chur síos a bhí ag an scéalaí Liam Mac Carráin ar a chathair dhúchais. 

Léireofar tionscadal ilmheánach ina bpléitear Béal Feirste tríd an phrós, an fhilíocht, an ghrianghrafadóireacht, an ealaín agus tríd an cheol ag 8pm Dé hAoine 3 Aibreán in Áras Mhic Reachtain i mBéal Feirste. Is é mac Liam Mhic Carráin, Liam Carson, bunaitheoir agus Stiúrthóir IMRAM, an fhéile litríochta Gaeilge atá mar choimeadaí ar an dtionscadal, atá maoinithe ag Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann.

Tá coimisiún tugtha ag IMRAM do chúigear scríbhneoir as Béal Feirste saothar úr a chruthú a dhéanann ceiliúradh ar an gcathair. 
Padaí de Cléir

Is file é Padaí de Cléir a scríobhann i nGaeilge go príomha. Bhuaigh sé an comórtas ‘Slam Filíochta Liú Lúnasa’ i 2025, agus i ndiaidh dó teacht sa darna háit roimhe sin. Is é an priomhscríobhneoir amhrán é sa bhanna ceoil TART. Múinteoir eolaíochta é mar ghairm beatha.

3Gallery

Art Hughes
File, péintéir, fear léinn agus úrscéalaí é Art Hughes. Is pearsantacht ar leith atá ann i saol na Gaeilge i dTuaisceart Bhéal Feirste. Scéal eipiciúil é An Cairdeagan Buí, an chéad úrscéal ag Hughes. Pléitear duairceas na Níolanna Maigdiléana agus leatrom na heaglaise i Luimneach i lár an 20ú haois.
 
Réaltán Ní Leannáin
Tá cuid mhór de fhicsean Réaltáin Ni Leannáin sáite i ndaoine agus i gcathair Bhéal Feirste. Tá tionchar ag a cuid eispéireas féin le linn na dtrioblóidí sna 1970í le sonrú ar a saothar gearrscéalta Dílis. Thrácht an iris Books Ireland: ‘the ease with which she creates atmosphere and a sense of place bears testament to her intimate knowledge of the city and people she writes about.’
 
Máire Burns
Rugadh agus tógadh Máire Burns ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste agus chaith sí a saol oibre ag múineadh Gaeilge i nDún Pádraig, Co. an Dúin. Is i nGaeilge a scríobhann sí, gearrscéalta agus filíocht go hiondúil. Tá a saothar le feiceáil sa chnuasach gearrscéalta Bláth na dTulach. Is í an stiúrthóir agus an ceann feadhna í ar an ngrúpa Facebook iomráiteach Gaeilge Amháin.

NA LAETHE A BHÍ: The Long Bridge by Andrew Nicholl, (1804-1868)
3Gallery

NA LAETHE A BHÍ: The Long Bridge by Andrew Nicholl, (1804-1868)

Seán Ó Muireagáin
Is as Uachtar Cluanaí do Sheán Ó Muireagáin. Scríbhneoir filíochta, amhrán, gearrscéalta agus tá a chéad úrscéal Sí díreach foilsithe ag éabhlóid. Scéalta corraitheacha suite i dtréimhse na dTrioblóidí atá ina chéad chnuasach gearrscéalta Gáire in Éag, a thugann léargas daonna ar shaol Bhéal Feirste le linn na coimhlinte.
Beidh íomhánna leis an ngrianghrafadóir Feirsteach Colm Mac Aindreasa agus grianghraif chartlainne á dteilgean ar scáileán, an dearthóir Margaret Lonergan a bheidh i mbun an léirithe. Seinnfidh Gráinne Holland agus ceoltóirí eile amhráin a bhfuil baint acu le Béal Feirste.

Is féidir ticéid a chur in áirithint ar £12 ag mhicreachtain.com.