Tá ról na Gaeilge in Éirinn Aontaithe á phlé ag iarrthóir dochtúireachta ó Ollscoil na Ríona, ag seó bóthair úr de chuid Chonradh na Gaeilge.
Is í Róisín Nic Liam, Corcaíoch, atá ag tabhairt faoin seó bóthair, agus tagann sé i ndiaidh vóta Chonradh na Gaeilge a bheith ag gníomhú i dtreo Éire Aontaithe, rún a ritheadh ag an Ard-Fheis i mBéal Feirste ní ba luaithe i mbliana.
"Gach bliain ó 2019 ar aghaidh ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge, glacadh le rúin éagsúla a bhain leis an teanga in Éirinn Aontaithe," ar side.
"I mbliana vótáil tromlach na heagraíochta ar son rúin go ngníomhódh Conradh na Gaeilge ar son Éireann Aontaithe chun leas na Gaeilge agus na Gaeltachta.
"Deineadh coimisiúnú ar thuairisc thaighde mar chuid de na rúin sin," arsa Nic Liam, "Mé féin a bhí mar údar air, agus ghlaoigh sé sin ar scoipéail agus léargas a thabhairt ar ionad na Gaeilge agus na Gaeltachta sna díospóireachtaí ar an ábhar seo go dtí seo."
Tá sí i ndiaidh taisteal go Cathair Dhoire, Gaoth Dobhair, Corca Dhuibhne agus Corcaigh leis an seó bóthair a chur i láthair, agus dúirt Nic Liam go bhfuil na díospóireachtaí ar Éirinn Aontaithe faoi lánseol.
"Tá siad faoi lánseol ó bhí an Breatimeacht againn," lean sí léi. "Agus spreag sé sin cur is cúiteamh i measc phobal na Gaeilge. Chomh luath is a tharla an Breatimeacht thosaigh pobal na Gaeilge ag caint faoin chuma a bheadh ar an teanga dá mbeadh athrú ann ó thaobh an stádais bhunreachtúil."
TEANGA BHEO POBAIL
Maíonn Nic Liam nach gcuirtear síos ar an teanga mar rud dearfach sa díospóireacht faoi athaontú na hÉireann ar an leibhéal is airde.
"Is é príomhtheachtaireacht na hoibre sin ná go bhfuil an Ghaelainn á cur in iúl go leanúnach mar a bheadh ábhar idirbheartaíochta ann sna díospóireachtaí ar Éire Aontaithe.
"Níl sí á cur in iúl mar theanga bheo phobail ná mar ceist dhearfach ar fud na tíre. Is é a chuir muid romhainn leis an turas seo na dúshláin a thabhairt don taobh diúltach sin, agus fís dhearfach, radacach, uaillmhianach a leagan amach don teanga amach anseo, agus ag impí ar phobal agus ar ghluaiseacht na Gaeilge a bhfís radacach, réabhlóideach, dhearfach féin a leagan amach do thodhchaí na teanga.
"Tá muid ag iarraidh tuairisc na taighde a chur chun cinn agus rannpháirtíocht phobal na Gaeilge a mhéadú i dtogra na haontachta."
Is féidir easpa muiníne i measc an phobail a bheith ina dhúshlán mór, dar leis an Chorcaíoch, agus dúirt sí gur sprioc mhór dá cuid í na dearcthaí sin a athrú.
"Is cinnte go bhfuil an-suim ag daoine ann, ach deacracht amháin atá againn ná go mothaíonn daoine nach féidir leo labhairt mura bhfuil na freagraí uilig acu, agus bíonn leisce orthu páirt a ghlacadh. Ach caithfidh muid an nós sin a bhriseadh agus a léiriú gur deis í seo do chosmhuintir na tíre teacht ar 'levers' mhóra na cumhachta agus todhchaí na tíre seo a mhúnlú.
"Tá fís á cur in iúl don teanga sna mórdíospóireachtaí seo, ach is fís dhiúltach í. Mura mbíonn muidne sásta seasamh sa bhearna bhaoil agus malairt físe a leagan amach, ní mó ná sásta a bheidh muid le toradh na hoibre amach anseo."
TÚS AISTIR
Ag caint léi fá na chéad chéimeanna eile, dúirt Nic Liam nach bhfuil an díospóireacht seo ach ag tús a thurais, agus go bhfuil tuilleadh le déanamh chun tógáil uirthi.
"Dúramar i gcónaí nach raibh sa tuairisc ach pointe tosaigh. Ní raibh sé i gceist againn go mbeadh sé sin bun agus barr an scéil. An rud is tábhachtaí anois ná rannpháirtíocht phobal na Gaeilge a mhéadú anseo."


