[audio mp3="https://belfastmedia.com/wp-content/uploads/2020/04/200425-Neamart-an-BBC.mp3"][/audio]

Cliceáil an nasc thuas le héisteacht le Gráinne ag léamh an allt seo.

Chuir an BBC tús le Bitesize Daily an tseachtain seo, seirbhís a dhíríonn ar scolaíocht bhaile daltaí de gach aois. Dar leis an eagras féin, is é seo an “biggest push” riamh sa stair acu ó thaobh cúrsaí oideachais de.

GRÁINNE NÍ GHILÍN: Ligthe síos ag an BBC
3Gallery

GRÁINNE NÍ GHILÍN: Ligthe síos ag an BBC

Mairfidh Bitesize Daily 14 seachtaine. Tá ceiliúráin, múinteoirí agus saineolaithe den scoth páirteach ann, David Attenborough agus Brian Cox ina measc. Tá eagrais mhóra mar an Premier League agus Puffin Books ag comhoibriú leo. Tá cláracha agus ceachtanna laethúla ann, físeáin agus quizeanna, agus podchraolta agus ailt a luíonn isteach go maith leis an teagasc atá scoileanna ag cur ar fáil cheana féin. Tá teacht ar an ábhar seo uilig ar ardáin éagsúla de chuid an BBC – iPlayer, Cnaipe Dearg, suíomh gréasáin Bitesize, aip Bitesize, BBC Four agus BBC Sounds.

D’fhógair Tony Hall, Ardstiúrthóir an eagrais, go bhfuil bród air as an tseirbhís ‘chuimsitheach’ seo. Dúirt an Rúnaí Cultúir i rialtas Westminster go bhfuil lúcháir air go bhfuiltear ag cinntiú go mbeidh oideachas á chur ar pháistí sa tréimhse dhúshlánach seo. Agus tá áthas an domhain ar an Rúnaí Oideachais, mar tá a chlann aige féin agus tuigeann sé go maith nach bhfuil sé furasta iad a spreagadh le dul i mbun foghlama sa bhaile.

Tá ábhar i mBreatnais á dhéanamh sa Bhreatain Bheag agus tá BBC ALBA ag craoladh cláracha achan lá le tacú le lucht na Gàidhlig.

OFRÁIL DO GHAEIL


Ar an drochuair, is cosúil nach bhfuil sé de rún ag an BBC anseo aon fhreastal ar leith a dhéanamh ar dhaltaí gaelscoile. Áiseanna atá ann le tamall cheana féin, cuid acu le blianta fada anuas, atá mar ofráil do Ghaeil na 6 chontae ag an BBC. Tá cúpla clár litearthachta ardchaighdeáin ann do pháistí bunscoile, mar shampla ‘Na Dódaí’ agus ‘Telly Scéalta’, ach de réir mar a fheicim, níl ábhar eolaíochta ná mata ann. Ní cuidiú ar bith é Bitesize Daily ag an pháiste gaelscoile i rang a ceathair a bheadh ag iarraidh foghlaim faoi mhaighnéid nó cnámharlach an duine trí mheán na Gaeilge. Níl cluichí mata Gaeilge ann do pháistí rang a dó ná cláracha staire i nGaeilge do dhéagóirí óga.

Dúirt preasoifig an BBC i mBéal Feirste maidir leis an soláthar do dhaltaí gaelscoile go bhfuil siad “i dteagmháil lena gcomhghleacaithe san earnáil oideachais go leanúnach faoin dóigh is fearr chun tacú le riachtanais páistí áitiúla ag an am seo”.

A chairde, tá an chuma air go bhfuil feachtas nua stocaireachta romhainn mar phobal na Gaeilge. Tá súil againn go n-éistfidh an BBC leis na heagrais Ghaeilge agus le múinteoirí, tuismitheoirí agus daltaí a bheidh ag dul i dteagmháil leo go luath.

CÚLA4 AR SCOIL


Áit amháin a bhfuil soláthar lán-Ghaeilge ar fáil faoi láthair ná ‘Cúla4 ar Scoil’ ar TG4. Is de bharr éilimh ó thuismitheoirí a bunaíodh an tseirbhís scolaíochta baile seo – ní tionscnamh rialtais é. Rinne tuismitheoirí teagmháil le TG4 agus chuir an stáisiún an cás faoi bhráid na Roinne Oideachais. Bíonn ‘Cúla4 ar Scoil’ ar siúl ar maidin Luan go hAoine ar a deich a chlog, agus tá teacht air ar Sheinnteoir TG4 agus ar YouTube fosta.
 CÚLA4: An láithreoir Fiachra Ó Dughghaill[/caption]
3Gallery

CÚLA4: An láithreoir Fiachra Ó Dughghaill[/caption]

Tá réimse maith áiseanna teagaisc agus foghlama do dhaltaí gaelscoile ar shuíomhanna gréasáin CCEA agus an Áisonaid. Siocair gur suíomhanna iad seo do mhúinteoirí go príomha, tá neart ábhar teicniúil ann agus tá líofacht mheasartha de dhíth le dul i ngleic leo. Fós féin, tá cuid mhaith ábhar fiúntach ar na suíomhanna seo agus is cinnte go bhfuil múinteoirí ag baint úsáid astu agus iad ag cur pacáistí oibre ar fáil dá ndaltaí. www.ccea.org.uk/gaeloideachas/acmhainni agus www.stmarys-belfast.ac.uk/aisaonad

Tá neart irisí, cluichí, quizeanna agus eile ann déanta ag eagrais éagsúla. An dóigh is fusa le theacht orthu ná ar an chuntas Twitter Áiseanna Teagaisc, @AisTeagaiscCOGG, a bhíonn á riar ag an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaeilge.

Pic ar lch tosaigh: Rang 1 as Gaelscoil an Lonnain