Tá amhras ann anois an gceapfar choíche Coimisinéir Teanga ó thuaidh. Tá mise den bharúil go gceapfar ach an t-amscála, sin scéal eile.

Creidim go diongbháilte go mbeidh Coimisinéar ann agus go mbeidh cearta phobal na Gaeilge ó thuaidh cosanta mar go bhfuil trí chárta laidre le himirt againn: muid féin, pobal na Gaeilge an chéad aon; an talamh I lár báire – sin an dara haon. Agus an pobal aontachtach atá ar son na síochána an triú haon atá le himirt againn. Tá lámh níos láidre ná riamh againn. 
 
Tá mionpháirt agam féin sa turas ar son cearta teanga ó thuaidh mar gur díbríodh as mo chéad chruinniú comhairle i mBéal Feirste mé nuair a labhair mé i nGaeilge, i mí na Samhna 1987. 

Is breá liom daoine óga a chluinstin ag cur síos ar an chruinniú sin, ag caint ar na péas barbartha a streachail amach as halla na comhairle mé. In earnáil na hiriseoireachta, is é a deirimid, nuair a thrasnaíonn na fíricí ar an fhinncéal foilsigh an finscéal. Agus cé gur maith liom an finscéal sa chás seo is é fírinne an scéil é gur shiúil mé amach as an chruinniú go béasach nuair a ritheadh an vóta díbeartha.

Tá sé fíor, áfach, nár mhair mé ach deich mbomaite sa chruinniú. 
 
Is minic ó shin a chastar daoine orm, a deir "10 mbomaite! Bhí siad ábalta tusa a stickeáil ar feadh 10 mbomaite. Wow! Bhí siad níos foighdí ná bheinnse." Mo chomrádaithe i Sinn Féin is mó a deir sin. 😜
 
Ba é ag an chruinniú sin a bhaist Sammy Wilson ón DUP “leprechaun language” ar an Ghaeilge.
 
An t-am sin, ní raibh le himirt againn ach aon chárta amháin - muid féin mar phobal Gaeilgeoirí agus na polaiteoirí a thaobhaigh linn (agus cuid acu sin bhí cosc orthu ón raidió agus ón teilifís!).
 
In amanna, bíonn fonn orainn a shílstean gur beag a d’athraigh ó thaobh na Gaeilge de - go háirithe nuair a tchímid pleidhcíocht den chineál a bhí ar bun an tseachtain seo caite ag Comhairle Ard Mhacha, Craigavon agus Droichead na Banna agus iad ag cur bac ar shráidainmeacha dátheangacha. .
 
Ach níl sin fíor. Tá gach rud athraithe – agus is as siocair go bhfuil athrú ann go n-éireofar leis an phróiseas malltriallach seo le Coimisinéar Gaeilge a cheapadh. 

Mar inniu tá trí chárta le himirt againn:

  • Muid féin mar phobal Gaeilge (agus Conradh na Gaeilge agus An Dream Dearg ár dtreorú) agus na polaiteoirí a thaobhaíonn linn - agus tá siad níos líonmhaire anois na bhíodh siad sna hochtóidí. Sin an chéad aon.
  •  Tá an talamh i lár báire - the middle ground - le pobal na Gaeilge, rud nach raibh fíor le mo linnse - leoga; ní raibh aon talámh láir ann. Sin an dara haon. 
  • Tá go leor den phobal aontachtach atá sásta seans a thabhairt don Ghaeilge - daoine a mbeadh náire orthu dá dtabharfadh a n-ionadaithe tofa 'teanga leipreacháin' ar an Ghaeilge. Sin an tríú haon. 

Cad é mar dhéanfas muid cinnte de mar sin de go mbeidh an lá le lucht na Gaeilge  (agus is cloch mhíle ar an turas sin é ceapadh an Choimisinéara)?

Bhuel, beimid foighdeach fadfhulangach, ach fosta beimid físiúil  - agus feargach. 
 
Tuigfimid go bhfuil tábhacht mhór leis an tacaíocht a fhaighimid ó Pháirtí an Chomhaontais i lár báire agus ó aontachtaithe a bhfuil meas acu ar an Ghaeilge – ceannródaithe Turas ina measc. Beidh muid buíoch as sin agus éascóidh muid an ród rompu i dtreo cearta don Ghaeilge. 
 
Ba é an rud a fuair mé amach an seal a chaith mé mar ardmhéara i mBéal Feirste go bhfuil fonn ar an phobal aontachach theacht ar chomhréiteach lena gcomharsana náisiúnacha. Tá cíocras athmhuintearais orthu agus tá siad bréan den bhiogóideacht agus den deighilt idir ár bpobail. 
 
Tuigeann siad go bhfuil an tír ag athrú; go bhfuil an talamh bunreachtúil ag bogadh. Tá siad oscailte don athrú sin má dhéanann sé a leas. Bíodh sé le feiceáil mar sin gur saibhre, gur dlúithe agus gur láidre an dá phobal ó Thuaidh agus an Ghaeilge faoi bhláth agus cosaint dhlíthiúil aici. 
 
An t-aon triuf, an t-aon hart, an t-aon muileata. Sin lámh dheas cártaí in aon chluiche pócair. Ach tá an ceathrú haon - an t-aon spéireata ar fáil fosta. 
 
Sin é an Coimisinéar féin ar ndóigh - comhartha go bhfuil normalú déanta ar an Ghaeilge, í i lár an aonaigh, cosaint an stáit aici agus i athraithe go mór ó bhí laetha an 'leprechaun language' ann.

Sin iad na cártaí. Anois, imrímis. 

Seo leagan de chaint a thug an t-údar ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne ar 4 Samhain 2023.