3Gallery
Bhí rialacha againn sa rang Tís ar scoil. Nuair a bhímis ag dul don chócaireacht, ní raibh cead againn seodra de chineál ar bith a chaitheamh ar na lámha. B’éigean dúinn fáinní, bráisléidí agus uaireadóirí a bhaint dínn. Lámha loma amháin a bhí ceadaithe sna babhlaí bia. 

Ba iad na múinteoirí a chinntigh go raibh na rialacha seo á gcur i bhfeidhm againn. Bhí bean amháin ina measc, áfach, agus ba léir gurbh fhearr léi féin na ranganna a rialú de réir an mhana ‘Déan mar a deirim, chan mar a dhéanaim’. 

Beart de réir briathair?

Níor chleacht sí a leithéid.

Bhíodh slabhraí tiubha óir ag sileadh dá rostaí agus í ag meascadh uibheacha agus plúr le chéile. Bhíodh clocha lonracha ag glioscarnach ina cuid fáinní agus í ag taispeáint dúinn cén dóigh le taos a fhuineadh. 

Is cuimhin liom a bheith ag smaointiú ag an am cad chuige a raibh an riail seo ann ar chor ar bith mura raibh sí féin ag déanamh dá réir. An ceist sláinteachais i ndáiríre a bhí ann? Nó an amhlaidh go raibh sí ag iarraidh smacht a imirt orainn díreach siocair gur sin an rud a dhéanadh múinteoirí i scoileanna a bhí á reáchtáil ag mná rialta?

Is dócha go raibh an dá rud i gceist.

Níor smaointigh mé ar an mhúinteoir áirithe seo le fada, fada an lá.

Ach an tseachtain seo tháinig sí chun aigne an athuair. Duine a raibh údarás aici. Duine a raibh cumhacht aici. Duine a chum rialacha agus a chuir iachall ar dhaoine eile iad a leanstan, ach a rinne neamhaird orthu í féin. An gcuireann sí duine ar bith i gcuimhne duit?




Tá an ealaín chéanna ar siúl ag Dominic Cummings, ach tá blas i bhfad níos dímheasúla ar a ghníomhartha agus ar a fhocail siúd, agus tá na himpleachtaí i bhfad níos tromchúisí gan amhras. 

 

CÚISEANNA CEILIÚRTHA


Thiocfadh le hiompar náireach na dTóraithe luí go trom ar do chroí, ach ar an dea-uair tá cuid mhaith cúiseanna ceiliúrtha ag pobal na Gaeilge le cúpla seachtain anuas. Beidh spás de dhíth ar na seilfeanna fá choinne na dtrófaithe uilig atá buaite acu.

Bronnadh an phríomhdhuais i gcomórtas náisiúnta Ghlór na nGael ar Chultúrlann McAdam Ó Fiaich an tseachtain seo caite agus cuireadh €20,000 le ciste an eagrais. Caithfear gach cent rua de go ciallmhar agus ar dhóigh a rachaidh chun sochair do gach duine a thaithíonn an áit. Bronnadh €1,000 fosta ar Chumann Gaelach Ollscoil na Banríona as an obair thrasphobail a dhéanann siad. 

Fógraíodh na buaiteoirí i gcraoladh snasta ar an Straoisleabhar a raibh daoine ar fud na tíre páirteach ann, Uachtarán na hÉireann ina measc. Leath aoibh ar bhéal Mhichael D. go háirithe nuair a mhol sé an obair atá ar siúl i gCúige Uladh.

BUAITEOIR: Cultúrlann MacAdam-Ó Fiaich
3Gallery

BUAITEOIR: Cultúrlann MacAdam-Ó Fiaich


Bronnadh duaiseanna ar Ionad Naomh Pádraig i nDobhar, Contae Dhún na nGall, ar Choiste Forbartha Charn Tóchair i gContae Dhoire agus ar Chairde Teo. in Ard Mhacha. Is dreamanna iad seo uilig atá ag neartú an phobail ina gceantar féin agus ag cur na Gaeilge chun cinn san am céanna. 

Rinneadh gaiscí móra i saol na leabhar chomh maith. An bhfuil teorainn ar bith le tallann Mháire Zepf? Is léir nach bhfuil. Bronnadh Gradam Leabhar na Bliana ag Gradaim KPMG Leabhair Pháistí Éireann uirthi ar na mallaibh as a húrscéal saorvéarsaíochta ‘Nóinín’.

Ní hamháin go gcuirfidh sé go mór lena stádas mar scríbhneoir, ach tarraingeoidh sé aird ar an taisce iontach de leabhair Ghaeilge atá ar fáil go ginearálta. Bronnadh Gradam Eilís Dillon ar Kim Sharkey as an mhaisiú a rinne sí ar an scéal béaloidis ‘Mór agus Muilc’, a d’fhoilsigh Éabhlóid, teach foilsitheoireachta i nGaoth Dobhair. Agus bronnadh Gradam Onóra Maisithe ar Ashling Lindsay, iardhalta de chuid Bhunscoil Bheann Mhadagáin, as a saothar ealaíne ar an leabhar ‘The Tide’ le Clare Helen Welsh.

Comhghairdeas ó chroí le hachan duine agus le hachan dream acu!




  • Pictiúr Tosaigh: Ruairí agus Fionnuala McCann ag Seoladh Rita agus an Dragan le Máire Zepf agus Andrew Whitson sa Chutlúrlann i 2018.