3Gallery
Bhí sé mar sprioc ag Theresa May agus í i gceannas ar an Home Office timpeallacht dhoicheallach a chruthú d’iarrthóirí tearmainn. D’éirigh lena plean. D’éirigh go geal leis.

De réir ‘A Prison Without Walls’, tuarascáil a scríobh an t-eagras Housing4All anuraidh, tá an córas iarrtha tearmainn ceaptha d’aon turas le daoine a fhágáil ar an ghannchuid. Ní chuireann an stát ach tuairim is £5 in aghaidh an lae ar fáil d’iarrthóirí tearmainn, agus fiú má tá dídean acu, is minic na dálaí go holc ar fad – na tithe tais, píopaí uisce briste, múscán atá baolach don tsláinte ag fás ar na ballaí. Cuireann an Home Office srianta ar iarrthóirí tearmainn in achan ghné dá saol laethúil. Is léir gurb é is cuspóir leis an chóras a ndínit a ídiú agus an spiorad s’acu a bhriseadh. Cuireann sé isteach go mór ar a meabhairshláinte agus bíonn páistí go háirithe thíos leis.

Tá cosc ar chuid mhór iarrthóirí tearmainn a bheith ag obair agus iad ag fanacht le cinneadh faoina n-iarratas. Tugtar cead do dhaoine áirithe post a fháil, ach is rólanna iad a éilíonn saintaithí agus saincháilíochtaí – innealtóirí agus ceimiceoirí geolaíochta, mar shampla. Tá an t-iarrthóir tearmainn nár fhreastail ar an ollscoil i bponc.

3Gallery
Tá líonra d’eagrais a bhíonn ag plé le cearta an duine tagtha le chéile lena éileamh go gcuirfear deireadh leis an chosc oibre. ‘Lift the Ban’ an teideal atá ar an fheachtas.

D’eagraigh PPR (Participation and the Practice of Rights) seimineár an tseachtain seo caite agus chuala muid teistiméireacht Athi Silevu ó Housing4All. Rinne Athi cur síos ar an drochthionchar atá ag an chóras reatha uirthi féin agus ar dhaoine eile atá sa chruachás chéanna léi.

Siocair nach bhfuil ioncam ceart aici, níl sí in ann rudaí áirithe a chur ar fáil dá páistí ná pleananna a dhéanamh don todhchaí. Níl smacht aici ar a saol féin ó lá go lá ná ar bhonn fadtéarmach ach oiread.

Is speisialtóir i dTeicneolaíocht Faisnéise í Athi agus tá sí ilteangach. Ach tá sí díomhaoin faoi láthair ó thaobh a gairme de, agus ní dá rogha féin. Dúirt sí gur doiligh a mhothú go bhfuil cuspóir leis an saol nuair nach gá éirí ar maidin le dul amach ar obair. Luaigh sí an imní agus an strus atá uirthi siocair nach bhfuil a fhios aici cad é atá roimpi. Tá a saol á smachtú ag daoine eile – ba mhaith léi smacht a fháil ar ais air.

Chuala muid fosta ó Mpho Mokotso atá ina cónaí in ionad soláthair dhírigh ó dheas agus atá leis an eagras MASI, Gluaiseacht na nIarrthóirí Tearmainn in Éirinn. Caithfidh iarrthóirí tearmainn ó dheas fanacht naoi mí sula bhfuil cead acu bheith ag obair, agus is gá an cead oibre a athnuachan achan sé mhí go dtí go mbíonn cinneadh déanta faoina n-iarratas ar thearmann. D’fhéadfadh drogall a bheith ar fhostóirí post a thabhairt d’iarrthóirí tearmainn mar b’fhéidir go mbeadh orthu imeacht as an phost i ndiaidh sé mhí.

Sna seachtainí agus sna míonna atá amach romhainn, díreoidh feachtas Lift the Ban ar dhóigheanna le fáil réidh leis an chiníochas institiúidiúil in aghaidh iarrthóirí tearmainn. Beidh na feachtasóirí ag iarraidh ar ghnólachtaí a chuireann seirbhísí agus táirgí ar fáil don Home Office gan a bheith ag comhoibriú leo go dtí go n-athraíonn siad a bpolasaí díobhálach.

Beidh dlíthe éagsúla á dtástáil fosta. An féidir reachtaíocht áitiúil faoi thithíocht, sláinte agus fostaíocht a úsáid le drochdhlíthe Westminister i dtaca le hinimirce a shárú? Déanfaidh eagrais mar CAJ (a raibh ról an-tábhachtach acu san fheachtas ar son Acht na Gaeilge) iarracht freagra na ceiste sin a fháil amach.

Deireadh leis an chosc ar bheith ag obair an sprioc. Sin an rud atá á éileamh ag iarrthóirí tearmainn mar ba mhaith leo a saol a chaitheamh le dínit agus le bród agus a dtodhchaí féin a mhúnlú.