Craolfar an chéad chlár i sraith nua, atá léirithe ag comhlacht léiriúcháin as Béal Feirste iad, ar RTÉ anocht.
Is sraith faisnéise breathnóireachta nua ceithre pháirt í ‘Breith, Beatha, Bás,’ léirithe ag Below the Radar do RTÉ ina leantar pobal ceiliúraithe agus iad ag cuidiú le gnáthdhaoine ar fud na hÉireann ceiliúradh agus comóradh a dhéanamh ar na hócáidí is mothúchánaí ina saol.
Pléitear athruithe in Éirinn maidir le cúrsaí creidimh, cúrsaí pósta, cúrsaí báistí do pháistí agus cúrsaí báis le linn na sraithe seo, agus buaileann muid le daoine suimiúla a bhíonn ag tabhairt fá dhóigheanna úra agus dóigheanna éagsúla leis na hócáidí saoil seo a chéiliúradh.
Sa bhliain 2024, bhí bainiseacha sibhialta níos coitianta ná bainiseacha Caitliceacha den chéad uair riamh, agus buaileann muid leis an cheiliúraí Nóra Ní Raghallaí sa tsraith seo. Creideann Nóra óna taithí phearsanta féin gur chóir do dhaoine a bheith ábalta searmanas a bheith acu a léiríonn a méin agus a mianach go fíor, agus labhraíonn sí go hionraic sa chlár faoin phléisiúr a bhaineann sí as difríocht a cheiliúradh.
Feiceann muid obair Ciara Turley, bean as Contae an Dúin, a tógadh le creideamh ach a bhí ag iarraidh rogha a thabhairt dá páistí féin. Chinn sí cáilíocht a fháil mar cheiliúraí ainmniúcháin, agus tchítear a leithéid i gcéad chlár na sraithe seo.
I gContae Chill Dara, tá Sinéad Gould ag ceiliúradh bainise aerach agus labhraíonn sí go hoscailte faoin dóigh a ndéanann sí iarrachtaí mothúcháin mhaithe a chothú i ndaoine eile. Pléann sí an rogha anois atá ag muintir na hÉireann maidir le hócáidí móra an tsaiol a chéiliúradh, agus gurb í an bharántúlacht an rud is tábhachtaí sna searmanais seo do dhaoine na laethanta seo.
Sinéad Gould leis an lánúin, Kat agus Sofia
Buaileann muid leis an cheiliúraí Ceilteach Dara Ó Maoldha níos moille sa tsraith, a bhí ina shagart ach a chaill a chuid suime sa Chriostaíocht agus atá anois ag obair ar Inis Mór.
Ba é an Conallach Seán Ó Baoill, atá ag obair i mBéal Feirste le blianta, a bhí mar stiúrthóir ar an tsraith, agus dúirt sé gur faoi na daoine a bhí an tsraith seo, go príomha.
“Is iad na daoine dlúth agus inneach na sraithe seo. An cineál scéalaíochta a raibh spéis agam féin ann riamh anall an cineál sin scéalaíochta a chuidíonn linn tuiscint níos fearr a fháil ar a chéile. A bhuí leis na ceiliúraithe, bhí muid i láthair ag cuid de na hócáidí is tábhachtaí i saol daoine agus fuair muid spléachadh ar leith ar an mbealach a bhfuil Éire ag athrú.
Arsa Seán, “Ba phribhléid é scéalta grá, caillteanais, teaghlaigh, féiniúlachta agus muintearais a fheiceáil, agus chuir sé i gcuimhne dom go mbímid go fóill ag santú an mhuintearais sin bíodh is go bhfuil athrú ag teacht ar na bealaí a ndéanaimid comóradh ar ócáidí móra an tsaoil."
Is léiriúchán de chuid Below the Radar é ‘Breith, Beatha, Bás’, clár a rinneadh le haghaidh RTÉ agus a fuair tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann; craolfar an chéad chlár sa tsraith ar an 16 Iúil ag 20:30 ar RTÉ One.


