Chuir an t-iriseoir Gearóid Ó Muilleoir na haoi-chainteoirí Caitríona Nic Sheáin agus Andy Whitston as na foilsitheoirí tSnáthaid Mhór i láthair ag cruinniú mhí an Mhárta de Chiorcal Gnó Iarthar Bhéal Feirste.
Dar leis gur "laochra inár measc agus ní thugann muid faoi deara iad – agus níos fearr fós, ní thugann siad féin faoi deara sin."
Tá a nomad gradam bainte amach ag An tSnáthaid Mhór, a bhfuil a n-oifigí sa Chultúrlann le 20 bliain anuas - ina measc, trí huaire roghnaíodh leabhar dá gcuid mar leabhar na bliana d'Éirinn. San iomlán foilsíodh 45,000 cóip de na leabhair sin.
"Tá sé dochreidte a bhfuil déanta acu – ní amháin sraith leabhar Rita atá ina mbeatha anois ar TG4, ach I leabharthaí a chruthaiagh caighdeán úr nua i litríocht na Gaeilge," ar seisan
.
"Tá sean-aithne agam ar Chaitríona ó bhí sé óg ar Ghaeltacht Bhóthar Seoighe. Agus is breá liom an pictiúr sin den seachtar páistí – Caitríona ina measc – a bhí sa chéad rang i mBunscoil Phobal Feirste.
"Ar ndóigh, bhí sí ina múinteoir sa scoil chéanna – agus thig liom a rá gur múinteoir ar leith a bhí inti – tiomanta dá gairm agus dá scoláirí."
Lean sé air:
"Nasc sí a taithí saoil mar oideachasóir agus a grá dúchasach don Ghaeilge le tabhairt faoin fhoilsitheoireacht, agus tharla sé go raibh aithne aici ar fhear a bhí chomh cumasach céanna, Andy, a cheangail a thaithí mar mhaisitheoir lena ghrá féin don Ghaeilge. Agus mar gheall orthu, tá na glúnta de pháistí scoile, ní amháin i mBéal Feirste ach ar fud na tíre, ag baint sult as an léitheoireacht Ghaeilge."
ARDMHOLADH: Andy agus Caitríon ag déanamh cur i láthair don chiorcal gnó
Labhair Andy agus Caitríona fá thuras ionspioráidiúil An tSnáthaid Mhór, a bhfuil a carachtar dána Rita anois le feiceáil ní hamháin i bprionta ach ar TG4.




