Bliain mhór stairiúil a bhí in 2022, bliain inar cuireadh cearta teanga sa dlí ó thuaidh nuair a tugadh isteach in Westminster An tAcht um Fhéiniúlacht agus Teanga. Ní as féin a tharla an chéim mhór seo chun cinn. Ba thoradh é ar obair atá ag dul ar aghaidh le breis agus leathchéad bliain i réimsí éagsúla de shaol na nGael. Tá dúshraith láidir fúinn. Tá fís, paisean agus díograis ionainn agus muid i mbun oibre agus gnímh. Tá bua na smaointeoireachta straitéisí againn. Tá mapa againn le sinn a thabhairt ar aghaidh go ceann scribe, cé go n-aithnímid nach bhfuil a leithéid de rud ann agus ceann scribe óir beimid ag iarraidh feabhsú go deo. Tá daoine óga á gcumasú le scileanna cumarsáide agus le heolas chun go mbeidh siad in inmhe na cathanna a bheas le troid sa todhchaí a bhaint. Seo súil siar ar chuid de na buaicphointí a bhí ann in 2022, agus ar chúpla íosphointe leis. 
 
I mí Feabhra bhí díomá ar Ghlór na Móna mar gheall ar ghiorrúcháin £86,000 a bhí beartaithe ag an Údarás Oideachais. Dúirt an t-eagras pobail go mbeadh orthu deireadh a chur láithreach le seirbhísí óige ar leith, go gcaillfí cúig phost san earnáil, agus go raibh siad buartha go mbeadh tuilleadh giorrúchán ann ar fud na sé chontae. Bheadh 160 duine óg thíos leis, gan an deis acu níos mó tairbhe a bhaint as imeachtaí óige Gaeilge taobh amuigh den seomra ranga. 
 
I mí an Mhárta tháinig rialacha úra isteach agus thig le saoránaigh sna sé chontae anois breitheanna, básanna, póstaí agus comhpháirtnéireachtaí sibhialta a chlárú go hoifigiúil i nGaeilge. Bhí mac óg Michaeline Donnelly, Tánaiste Chonradh na Gaeilge, ar dhuine de na chéad leanaí ar cláraíodh a bhreith i nGaeilge i gComhairle Chathair Bhéal Feirste. 
 
I mí Aibreáin bhí CONCOS, eagras a dhéanann ionadaíocht ar son a lán coláistí samhraidh sa Ghaeltacht, i mbun suirbhéireachta. Tháinig sé chun solais go raibh tionchar na paindéime ag déanamh dochar mór don earnáil. Chuir Coláiste na bhFiann a gcúrsaí samhraidh siúd ar ceal agus i gceantair Ghaeltachta eile bhí titim ag teacht le tamall ar líon na dteaghlach a bheadh ag glacadh le scoláirí feasta. Ag an am, bhíothas ag tuar go mbeadh suas le 3,000 dalta gan áit i gcoláiste i samhradh 2022. Meastar go gcuireann an earnáil €50 milliún sa bhliain le geilleagar na Gaeltachta. 
 
An mhí chéanna, rinneadh tagairt in Óráid na Banríona i Sasana do reachtaíocht teanga, ach bhí Conradh na Gaeilge go mór in amhras fán ghealltanas parlaiminte. Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta, “Ag amharc ar an mhéid a thit amach le bliain anuas, agus go deimhin, le 16 bliain anuas, beidh pobal na Gaeilge soiniciúil ag éisteacht le coimitmint eile don reachtaíocht teanga in óráid na Banríona inniu . . . Idir an dá linn tá ár bpobal ag eagrú agus ag beartú don Lá Dearg ar an 21 Bealtaine agus tá muid ag súil leis na mílte Gael a fheiceáil ar shráideanna Bhéal Feirste chun cearta teanga a éileamh.”

Bhí lár Bhéal Feirste deargtha go maith ar an 21 Bealtaine ag na mílte a shiúil ón Chultúrlann go Halla na Cathrach lena éileamh go gcuirfeadh Rialtas na Breataine agus an DUP deireadh láithreach lena mbac ar an Ghaeilge. Dúirt Clíodhna Ní Mhianáin, dalta i gColáiste Dhoire a bhí ag dul do na scrúduithe Ardleibhéil ag an am, “Anois tá ré s’againne ann, agus tá sé in am do ghlúin s’againne ár gcuid a dhéanamh . . . Tá Gaeil óga díograiseacha, oilte agus muiníneacha anseo inniu atá sásta an troid mhaith a dhéanamh agus ár dteanga dhúchais a chur chun cinn. Ní ghlacfaidh muid le haon socrú eile.”
 
I mí Lúnasa, rialaigh an Breitheamh Scoffield san Ardchúirt gur sháraigh an Feidhmeannas an dlí nuair a theip orthu Straitéis don Ghaeilge a thabhairt isteach. Ba é sin an dara huair taobh istigh de chúig bliana a tháinig an Ardchúirt ar an bhreithiúnas seo in athbhreithnithe breithiúnacha a d’iarr Conradh na Gaeilge. Dúirt Scoffield go raibh easpa gnímh an Fheidhmeannais “mídhleathach”. Sa tréimhse idir an 6 Samhain 2020 agus an 24 Meitheamh 2021, rinne an tAire Pobal 26 iarracht an Straitéis a chur ar chlár oibre Choiste an Fheidhmeannais agus cuireadh cosc ar an iarratas sin 26 uair. 
 
Foilsíodh figiúirí an Daonáirimh i mí Mheán Fómhair agus léirigh siad go raibh méadú 23.6% tagtha idir 2011 agus 2021 ar líon na ndaoine a dúirt go raibh cumas sa Ghaeilge acu. Thug 5,969 duine (0.32% den daonra) le fios gurb í an Ghaeilge a bpríomhtheanga, méadú 1,805 duine ó bhí 2011 ann.
 
Mar thoradh ar dhianfheachtasaíocht an Chumainn Ghaelaigh in Ollscoil na Banríona, cuireadh tús leis an scéim chónaithe Ghaeilge. D’aistrigh mic léinn isteach in Elms BT1 ar Ascaill an Choláiste ag tús na bliana acadúla. Tá na mic léinn ag dul do réimse ábhar éagsúil ar an ollscoil. 
 
I mí Dheireadh Fómhair bhí fógraí Gaeilge le cluinstin ar an Glider den chéad uair. Is é glór binn Chaoimhe Ní Chathail, léiritheoir agus láithreoir raidió ceoil leis an BBC, atá le cluinstin ar bhusanna móra corcra G1 a théann soir siar fríd lár na cathrach. Is in iarthar agus lár Bhéal Feirste amháin a bhíonn an Ghaeilge le cluinstin, agus céim mhór i dtreo normálú na teanga a bheas ann nuair a bheas sí le cluinstin ar an chúrsa uilig.

Go gairid roimh an Nollaig, tháinig an Bille um Fhéiniúlacht agus Teanga fá lámh rí Shasana agus rinneadh acht de. Leis sin, fuair cainteoirí Gaeilge sna sé chontae cearta sa dlí a bhí á séanadh orainn le fada fada an lá. Tá bóthar fada go fóill le dul le cearta cuimsitheacha a bhaint amach. 
 
Tá léamh Phadaí Uí Thiarnaigh ón Dream Dearg ar an scéal mar threoir dúinn anois agus muid ag tabhairt aghaidh ar an bhliain úr. Dúirt sé an lá a tháinig an tAcht isteach, “Is toradh é seo ar ghluaiseacht phobail a thosaigh le ceannródaithe misniúla Bhóthar Seoighe breis agus 50 bliain ó shin. Ón tréimhse chlaochlaitheach sin amach. Tá muid ar aistear athbheochana teanga agus ar thuras teanga a d’athraigh an domhan s’againn ó bhun. Le blianta anuas tá pobal na Gaeilge ag dul chun sráide le dúshlán an stáit anseo a thabhairt ar cheist na Gaeilge, stát a rinne imeallú agus cos ar bolg ar ár dteanga dhúchais le fada fada an lá. Níl aon cheann scríbe bainte amach againn, agus tosaíonn an obair ollmhór forálacha an achta seo a chur i bhfeidhm agus Coimisinéir Gaeilge a cheapadh, agus beidh muid ag teacht ar ais arís agus arís eile leis na dlíthe nua seo a láidriú agus a neartú. Ar aghaidh linn le chéile. Do na Gaeil uilig a shiúil an ród mór, is libhse bua an lae inniu. Agus do na Gaeil uilig atá réidh don chéad chéim eile san aistear sin, siúlfaidh muid é sin le chéile.”