Tá saol na gceoltóirí traidisiúnta proifisiúnta, agus an dóigh a saothraíonn siad airgead, ag athrú le tamall anuas. San am a chuaigh thart, bhíodh siad in ann ioncam a shaothrú as ceirníní, téipeanna agus dlúthdhioscaí a dhíol.

D’fhaigheadh siad tacaíocht airgeadais ó chuideachtaí a chlúdaigh na costais a bhain le halbam a thaifeadadh agus a eisiúint. Bhíodh pá na gceoltóirí san áireamh fosta. Dar leis an fhidléir Donal O’Connor, arb as Contae Lú dó agus atá ag cur faoi i dtuaisceart Bhéal Feirste anois, bhíodh ceoltóirí in ann suas le 20 faoin chéad dá dteacht isteach a ghnóthú as taifid dá gcuid ceoil a dhíol.

Ach deir O’Connor go bhfuil an tsamhail sin ‘briste’.

Tá athrú tagtha ar nósanna éisteachta an phobail agus ar na modhanna a bhíonn in úsáid againn le taifid den cheol is ansa linn a cheannach. Le teacht chun cinn iPodanna agus seinnteoirí mp3, thosaigh muid ag tabhairt cúl leis na crua-earraí agus ag sruthú agus ag íoslódáil comhaid dhigiteacha nach nglacann suas mórán spáis ar chor ar bith. Tá siad iontach tarraingteach mar tig leat éagsúlacht mhór ceoil, na céadta traiceanna, a chur ar ghléas beag nó ar do ghuthán agus sin a thabhairt leat i do phóca gach áit.

"Táimid ag iarraidh cuid de na hamhráin mhóra sean-nóis a chóiriú ar dhóigh úr in éineacht le ceolfhoireann chun áilleacht agus maorgacht na n-amhrán a léiriú. Ba mhaith linn an t-idircheol idir an ceol clasaiceach agus an ceol traidisiúnta a fhiosrú."

Buille mór a bhí ann seo do cheoltóirí, áfach. Gach uair a chastar píosa ceoil ar Spotify, mar shampla, ní fhaigheann an ceoltóir ach aon trian de phingin amháin, £0.0033. Mar sin, dá mbeadh ceoltóir ag brath ar Spotify le go leor a ghnóthú le líotar bainne a cheannach, bheadh tuairim is 300 casadh ar an tseirbhís sruthaithe de dhíth. Níl sé furasta orthu siúd atá ag treabhadh gort sainiúil an cheoil thraidisiúnta.

DEIS DO CHEOLTÓIRÍ

Níl drochscéal uilig é, áfach. Cé go bhfuil an tseansamhail briste, tá samhail úr maoinithe, an sluamhaoiniú, ag teacht chun tosaigh a thugann deis do cheoltóirí na costais uilig a bhaineann le halbam a léiriú a chlúdach gan cur isteach ó chorparáidí móra.

Ní bhíonn cuideachtaí ceirníní bainteach leis an phróiseas ar chor ar bith, agus an buntáiste a bhaineann leis sin ná gur féidir le ceoltóirí a bhfís féin ó thaobh na cruthaitheachta de a fhíorú ina hiomláine gan cur isteach ná éilimh ó fheidhmeannaigh na gcuideachtaí.

Is le sluamhaoiniú atá Dónal O’Connor ag airgeadú an tionscadal ceoil atá idir lámha aige faoi láthair, Róisín Reimagined, in éineacht leis an amhránaí Muireann Nic Amhlaoibh, atá lonnaithe i gCorca Dhuibhne.

Dúirt O’Connor, "Ó thaobh na n-éisteoirí de, is féidir leo dlúthdhiosca, ceirnín nó leagan digiteach d’albam a réamhordú seachas fanacht go n-eiseofar é. Déantar lucht infheistíochta den lucht éisteachta. Mura n-éiríonn leis an cheoltóir go leor infheisteoirí a mhealladh leis an albam a thabhairt i gcrích, tugtar an t-airgead ar ais do gach duine a gheall airgead. Mar sin, níl baol ar bith ann go gcaillfidh an pobal éisteachta airgead ar bith."

UAILLMHIANACH, ÁLAINN

Tá Róisín Reimagined uaillmhianach, álainn mar thogra. Tá Ceolfoireann Aireagail na hÉireann, Féile Ealaíon Chill Chainnigh agus cumadóirí nua-aimseartha páirteach ann, ina measc Linda Buckley, Michael Keeney, Niamh Varian-Barry agus Sam Perkin.

Arsa O’Connor, "Táimid ag iarraidh cuid de na hamhráin mhóra sean-nóis a chóiriú ar dhóigh úr in éineacht le ceolfhoireann chun áilleacht agus maorgacht na n-amhrán a léiriú. Ba mhaith linn an t-idircheol idir an ceol clasaiceach agus an ceol traidisiúnta a fhiosrú."

Tá dhá amhrán déag i gceist le Róisín Reimagined, cuid acu a cumadh chomh fada siar leis an 16ú haois (Róisín Dubh) agus leis an 17ú haois (Bruach na Carraige Báine, Táim Sínte ar do Thuama).

Is féidir linne, an lucht éisteachta, tacú leis an tionscadal seo ach airgead a dheonú ar Kickstarter agus ceann de na pacáistí, a bhfuil praghsanna éagsúla orthu idir £9 agus £430, a roghnú. Agus an t-alt seo ag dul i gcló, bhí 70 faoin chéad den airgead tiomsaithe ag Dónal agus a chairde ceoil le tacaíocht ó chóir a bheith 250 duine. Is féidir tuilleadh eolais a aimsiú ar Kickstarter.