Ceann de na rudaí is fearr liom fá bheith ag obair sa Chultúrlann ná go bhfuil siopa leabhar den chéad scoth ann. Caithfear a bheith cúramach gan an sparán a fholmhú óir bíonn cathú orm i gcónaí an leabhar is déanaí a cheannach. Nuair a bhí mé ag aistriú isteach i dteach úr an bhliain seo caite, bhí 30 bocsa lán leabhar agam, formhór mór acu a cheannigh mé in An Ceathrú Póilí thar na blianta. Fiú agus mé ag dul don alt seo, tá leabhragán le feiceáil as ruball mo shul i gcoirneál an tseomra agus is aoibhinn an radharc é an tuar ceatha de leabhair atá fáiscthe isteach ar na seilfeanna.

Níl lá a théann thart nach mbíonn fir DPD agus eile isteach ar dhoras na Cultúrlainne le tralaí lódáilte go hard le bocsaí troma líonta leis na seoda léitheoireachta is nua ar an mhargadh do dhaoine d’achan aois. Pictiúrleabhair dhaite don aos óg; tráchtais pholaitíochta agus staire; úrscéalta, gearrscéalta agus filíocht, agus áiseanna éagsúla d’fhoghlaimeoirí. Tá cluichí agus saothar ceardaíochta agus ealaíne déanta ag daoine áitiúla le fáil fosta.

Foilsíodh físeán deas de chuid Molscéal TG4 le hÁine Nic Gearailt, úinéir An Ceathrú Póilí, an tseachtain seo. Ar an bhliain seo chugainn beidh Áine dhá scór bliain i mbun an tsiopa leabhar. Is in 1983 a bunaíodh An Ceathrú Póilí agus, mar a deir sí féin san agallamh, feidhmíonn sé mar a bheadh cineál d’oifig phoist ann. Is minic daoine ag fágáil clúdacha litreach, beartán agus eile le foireann an tsiopa le go dtógfaidh duine ar ball iad.

Tá Áine agus a comhghleacaithe dílse, Pádraigín agus Séamus, mar bhunchloch na Cultúrlainne ó bunaíodh í in 1991, ach tá An Ceathrú Póilí ar an fhód níos faide ná sin. Tá an Ardscoil agus Muileann Mhic Con Midhe i measc na n-áiteanna ina raibh sé lonnaithe go dtí gur shocraigh siad ar an bhunurlár i sean-eaglais Phreispitéirigh an Bhealaigh Leathain. Sna luathlaethanta, bhí obair an triúir ilghnéitheach – is beag feidhm a bhí le cur síos poist! Taobh amuigh d’obair an tsiopa, dhíol siad fógraí ar leathanaigh Lá agus rinne Áine profléitheoireacht ar scéalta an nuachtáin. Nuair a bhí múinteoir as láthair i Meánscoil Feirste, chuirtí Séamus isteach mar ionadaí. 

Ní hamháin gur áit mhiondíola é An Ceathrú Póilí ach is croílár pobal léitheoireachta atá ann fosta, pobal atá comhdhéanta de pháistí, daoine fásta, léitheoirí, údair agus foilsitheoirí. Cruinníonn páistí agus a dtuismitheoirí ar na laethanta móra teaghlaigh fá choinne sheoltaí leabhair An tSnáthaid Mhór, sraitheanna Ríta agus Muireann. Tagann Ciorcal Léitheoireachta na Cultúrlainne le chéile uair sa mhí. Is é ‘EL’ le Thaddeus Ó Buachalla an chéad leabhar eile a bheas faoi chaibidil acu ar an 30 Eanáir 2023, agus ‘Imram agus Scéalta Eile’ le Róise Ní Bhaoill a bheas á phlé ar an 27 Feabhra 2023.

Tagann cuid mhaith foilsitheoirí Gaeilge as fud fad na tíre chuig An Ceathrú Póilí nuair a bhíonn leabhar nua le seoladh acu, ina measc Éabhlóid as Gaoth Dobhair, Leabhar Breac as Indreabhán agus Coiscéim as Baile Átha Cliath. Tá ceiliúradh mór ar an obair atá déanta ag Coiscéim le blianta fada beartaithe i mí Feabhra nuair a sheolfaidh triúr de mhuintir Uí Shnodaigh, Pádraig agus a mic Colm agus Rossa, leabhair nua dá gcuid. Seans go mbeidh an ceathrú ceann réidh ag a ndeartháir Aengus fosta.

An chéad leabhar a cheannaigh mé in An Ceathrú Póilí 31 bhliain ó shin, is é sin Foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill. An tseachtain seo caite, ba dhoiligh dom srian a choinneáil orm féin. Sa deireadh, shocraigh mé ar chreach bheag de thrí leabhar a bheas mar chomhluadar agam um Nollaig. Leabhar taistil, ‘In Search of El Dorado’ le Ciarán de Baróid; ‘Ceallach’ le Diarmuid Johnson faoi chléireach a thaistil ar fud na hEorpa sa 6ú céad ag bunú mainistreacha Críostaí i gcuideachta Columbanus, agus úrscéal nuafhoilsithe le Séamus Ó Grianna a bhí i bhfolach le ceithre scór bliain anuas, ‘Báire na Fola’. Tá bronntanais na Nollag go fóill le fáil, mar sin beidh mé ar ais gan mhoill.
Tá Áine Nic Gearailt agus a foireann dár gcothú le 40 bliain anuas agus is muid atá buíoch díobh. Gurab fada buan iad!