SEOLADH Clár Imbolc Chultúrlann McAdam Ó Fiaich an tseachtain seo agus tá cantaireacht, cláirseoireacht agus ceiliúradh ar éarlaimh na hÉireann mar dhlúthchuid de na himeachtaí ar Bhóthar na bhFál idir seo agus deireadh mhí an Mhárta. Mar is gnách, beidh ceardlann chrosóga Bríde ann ar an 1 Feabhra agus beidh lá mór teaghlaigh ann le Clann Mhic Corraidh ar Lá Fhéile Pádraig.
 
Tháinig Séamus Ó Flatharta agus Caoimhe Ní Fhlatharta, as an Áird Mhóir i gCarna i gConamara, chun cinn go mór in 2020 nuair a ghlac siad páirt i gclár TG4 ‘Slí na mBeaglaoich’. Chuir siad an lucht féachana faoi dhraíocht lena léiriú éagsúil ar an amhránaíocht ar an tsean-nós, lena gcomhcheol uathúil agus leis an aontacht álainn cheoil a bhíonn idir beirt den chlann chéanna. Thug deartháir agus deirfiúr, ceoltóirí ildánacha Gaeltachta, aghaidh ar Dhámh Chruinne Éireann Rince agus Ceoil in Ollscoil Luimnigh le staidéar níos doimhne a dhéanamh ar a gceird. Beidh siad ar ardán Amharclann Shiobhán Nic Cionnaith ar an 24 Feabhra le linn TradFest Bhéal Feirste an Gheimhridh, agus Jack Warnock agus Lauren Ní Néill mar chuideachta acu. An oíche ina dhiaidh sin, an 25 Feabhra, beidh an halla mór sa Chultúrlann líonta lán arís nuair a chuirfidh na Friel Sisters, Marty Barry, Cathal Ó Curráin agus an cláirseoir agus cumadóir ceoil Michael Rooney siamsaíocht ar fáil. Tá roinnt ticéidí go fóill fágtha don dá cheolchoirm ar belfasttraditionalmusic.com.
 
Ní gá fanacht chomh fada le deireadh Feabhra, áfach, le ceol den scoth a chluinstin sa Chultúrlann óir tá Miadhachlughain O’Donnell, fliútadóir agus fonnadóir as Caisleán Uidhilín ar de bhunadh chlann cheolmhar McSherry í, ag seoladh a EP nua ar an 27 Eanáir. Níos luaithe an lá sin beidh Ceol na mBan, seisiún míosúil, ar siúl fosta.
Cuirfear fearadh na bhfáilte chun na Cultúrlainne roimh láithreoirí RTÉ Áine Ní Bhreisleáin, Sinéad Ní Uallacháin agus Siún Ní Dhuinn, ar Lá Idirnáisiúnta na mBan, an 11 Márta, agus iad ag dul dá bpodchraoladh rathúil ‘Beo ar Éigean’. Bí ag súil le hoíche chraiceáilte.
 
Bliain mhór í 2023 ag an siopa leabhar An Ceathrú Póilí, atá ag ceiliúradh dhá scór ar an fhód. Beidh an Ciorcal Léitheoireachta ag teacht le chéile mar is gnách uair sa mhí le leabhair nuafhoilsithe a phlé agus beidh cóisir mhór Leabhra Feabhra ann le seanchomrádaithe an tsiopa, an foilsitheoir Pádraig Ó Snodaigh, Coiscéim, agus a mhic cheolmhara atá sa ghrúpa Kíla – Rónán, Colm agus Rossa – ar an 11 Feabhra ar 1pm. Dream bisiúil iad na Snodaíocha agus dosaen leabhar agus albam eisithe acu le dhá bhliain anuas.

Bronnadh Gradam Úrscéalaíochta an Oireachtais ar an Ollamh Fionntán de Brún as a shaothar ‘Béal na Péiste’ in 2022. Fillfidh an Feirsteach, atá ag obair in Ollscoil Mhá Nuad le 6 bliana anuas, ar a fhód dúchais leis an úrscéal a sheoladh i nDánlann Dillon ar an 4 Márta ar 1pm.
 
Cúis ghliondair í an fhoghlaim ar feadh ar an tsaoil agus beidh Na Saoithe Gan Locht ag leanacht lena ranganna Gaeilge, amhránaíochta agus oidhreachta gach maidin Dé Céadaoin. Cuirfidh a múinteoir, Caoimhín Ó Seanáin, fáilte chroíúil roimh rannpháirtithe nua a shantaíonn craic agus cuideachta. Beidh dianchúrsa Gaeilge Imbolc ar siúl ar an 4 Feabhra, agus tá Ióga le Dunla ar ais arís i ndiaidh sos an gheimhridh gach tráthnóna Dé Máirt, mar atá na ranganna Gaeilge gach oíche Dé Céadaoine. Tuilleadh eolais le fáil ó sinead@culturlann.ie.
 
Mí mhór na Gaeilge agus na bpáistí atá i mí an Mhárta agus Seachtain na Gaeilge le Energia agus Féile Páistí Bhéal Feirste Young At Art ar siúl. Beidh Branar, compántas drámaíochta do pháistí atá lonnaithe i nGaillimh, ar ais sa Chultúrlann lena seó bóthair ‘Rothar’. Leanfar leis na croí-imeachtaí seachtainiúla óige fosta, Aisling Óg, Airneál na nÓg, Na Bopóga agus Cumann Óige na bhFál.
Tá neart eolais eile faoi Chlár Imbolc na Cultúrlainne le fáil ar www.culturlann.ie nó trí scairt a chur ar 028 9096 4180.