Tá Fleadh Feirste, féile Nollag na Ceathrún Gaeltachta, níos mó, níos fairsinge agus níos ilghnéithí ná riamh agus 15 eagraíocht Ghaeilge ag obair ar scáth a chéile le clár den scoth a chur ar fáil. Féile ealaíon go príomhá atá san Fhleadh ach is léiriú é an clár ar an éagsúlacht mhór gort a bhíonn á dtreabhadh ag lucht na Gaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Tá ceolchoirmeacha agus cainteanna ann, scannán agus seoltaí leabhar. Tá ollchiorcal comhrá agus  taispeántais ealaíne ann, mar aon le cúrsa forbartha gairmiúla daofa siúd a thosaigh ag obair in earnáil na Gaeilge ar na mallaibh.

Is í an tArd-Mhéara Tina Black a sheol Fleadh Feirste go hoifigiúil i nDánlann Dillon i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar an 18 Samhain. Labhair sí go geanúil ar na daoine óga a chruthaigh atmaisféar beoga, paiseanta lena gcuid ceoil ar an lá, cór Rang 4 ó Ghaelscoil na bhFál agus Cumann Ceoil Thraidisiúnta Choláiste Ollscoile Naomh Muire. Dhírigh sí féin agus Gilly Campbell ón Chomhairle Ealaíon, príomh-mhaoinitheoir na Cultúrlainne, ar thréith a shníomhann go láidir trí Fhleadh Feirste, mar atá an chomhpháirtíocht.

Cad iad na seoda atá le haimsiú ag cuairteoirí ar an Cheathrú Ghaeltachta idir 30 Samhain agus 4 Nollaig mar sin?

Cuirfear tús neamhoifigiúil leis na himeachtaí Dé Máirt, an 29 Samhain ar 5pm nuair a dhéanfar ceiliúradh sa Chultúrlann ar na héachtaí atá bainte amach i mbliana ag feachtasóirí ar son cearta teanga. Tá scéim chónaithe Ghaeilge nua ar an fhód in Ollscoil na Banríona agus tá comharthaíocht Ghaeilge ar an champas sin agus ar champas Ollscoil Uladh fosta. Ar ndóigh, ní fada go mbeidh an Bille um Fhéiniúlacht agus Teanga achtaithe ag lucht Westminster, 16 bliana i ndiaidh gur gealladh a leithéid de reachtaíocht. Beidh plé ann fá dhua agus buanna na bhfeachtas seo uilig, ansin ceolchoirm agus Ard-Seis a rianóidh cúrsa na bpubanna síos go lár na cathrach.

Tá ceolchoirm Andy Irvine in Áras Uí Chonghaile díolta amach, ach tá ticéidí go fóill fágtha don gheamaireacht sa Chultúrlann, léiriú Aisling Ghéar ar ‘Luaithríona agus Pósadh an Phrionsa’ le Seán Ó Muireagáin.

Tá dhá sheoladh leabhar eagraithe ag An Ceathrú Póilí ar an 3 Nollaig, úrscéal nua le Jake Mac Siacais, Tearmann na Mara, agus atheagrán den leabhar beag gorm is ansa linn uilig, Abair Amhrán, atá curtha in eagar ag Marcas Ó Murchú. Ardseis eile i ndán dúinn an lá sin! Beidh deis ann foghlaim faoi ghné na logainmneacha sna hamhráin Ghaeilge ag léacht Chonradh na Gaeilge, Dúchas sa Cheol, Dé Céadaoin, an 30 Samhain ar 7.30pm sa Chultúrlann.

Is galánta an toradh atá tagtha as comhpháirtíocht idir Ionad Uíbh Eachach agus Cumann Chluain Árd an Nollaig seo. Beidh Ollchiorcal Comhrá ar siúl i Sráid na Sceiche d’fhoghlaimeoirí bunleibhéil, meánleibhéil agus ardleibhéil ar 7pm Dé hAoine, an 2 Nollaig, le seisiún ceoil ina dhiaidh.

Ní raibh sé bliain féin ar oscailt go raibh air druidim arís mar gheall ar Covid, ach tá stiúideo taifeadta ceoil nua Raidió Fáilte réidh le seoladh go hoifigiúil Déardaoin, an 1 Nollaig, ar 12pm. Áis iontach don phobal a bheas sa stiúideo seo, áit a mbeidh oirfidigh áitiúla agus lucht uirlisí in ann buanú a dhéanamh ar a gcuid ceoil agus lucht éisteachta níos leithne a aimsiú. Beidh teicneoirí óga in ann a gcuid scileanna a fheabhsú fosta agus gan aon amhras beidh an stiúideo ceoil ar cheann de na tograí Gaeilge is spreagúla sa chathair go ceann na mblianta fada.

Tá lucht Fhóram na nÓg agus Ghlór na Móna in Uachtar Chluanaí ceannródaíoch i gcónaí. Fuair siad maoiniú ar na mallaibh ón Chrannchur Náisiúnta fá choinne clár oideachais neamhfhoirmeálta do pháistí a bhfuil sainriachtanais acu. Seolfaidh an Coimisinéir um Leanaí agus Daoine Óga, Koulla Yiasouma, Sólás na nÓg Dé Céadaoin, an 30 Samhain ar 7pm i nGael-Ionad Mhic Goill.

Is é an tOirmhinneach Marty McNeely a bheas mar aoichainteoir ag dinnéar Cothaigh, a bhíonn á eagrú ag Forbairt Feirste ar bhonn bliantúil. Bhí páirt mhór ag Marty, a bhíonn ag obair sa Bhaile Caol ar an Bhaile Meánach, sa togra Ceiliúradh Caomhnóireachta a threisigh na naisc idir an Eaglais Phreispitéireach agus muintir na Ceathrún Gaeltachta le bliain agus tuilleadh anuas.

Chaith líonra d’eagrais Ghaeilge in Iarthar Bhéal Feirste seacht mbliana i mbun taighde agus pleanála teanga sula bhfuair siad an maoiniú le Comhordaitheoir a cheapadh chun a bplean, ina bhfuil beagnach 90 beart ar leith, a chur i bhfeidhm. Fís an Phobail an t-ainm nua atá ar an líonra agus tá Meitheal Mheantóireachta bunaithe acu a dhíríonn ar fhorbairt ghairmiúil in earnáil na Gaeilge. Seolfar an Mheitheal sa Chultúrlann ar 1pm, an 2 Nollaig.

Beidh críoch spleodrach le Fleadh Feirste nuair a bheas an fear mór é féin, Daidí na Nollag, sa Chultúrlann le bualadh leis na páistí uilig. Seolfaidh An tSnáthaid Mhór an leabhar is déanaí dá gcuid agus beidh imeachtaí spraíúla go leor ann ar an lá mór teaghlaigh seo. Tá Daithí Mac Gabhann ina mháistir fán am seo ar lasadh soilse an chrainn Nollag agus beidh sé ar ais inár measc arís i mbliana leis an jab tábhachtach seo a chur i gcrích. Beidh printísigh aige an iarraidh seo, mar atá An Dream Dearg. D’fhoghlaim sé daofa an dóigh le dlí úr a thabhairt isteach, eisean ag plé le deonú orgán, na Deargóirí ag dul do chearta teanga. Táimid uilig thar a bheith bródúil as achan duine acu agus táimid ag súil go mór le ceiliúradh mór groí a dhéanamh leo sa Chultúrlann Dé Domhnaigh, an 4 Nollaig.

Tá clár iomlán Fhleadh Feirste le fáil ar www.culturlann.ie.