Measaim go bhfuair go leor againn tuiscint níos fearr i mbliana ar cé chomh domhain atá ciníochas in aghaidh daoine dubha i ndiaidh gur mharaigh fir péas George Floyd in Minnesota. Cás uafásach amach is amach a bhí ann, agus spreagann sé sinn le bheith níos mó ar an eolas faoin chiníochas inár sochaí féin.

Bhí an craoltóir Ola Majekodumni, arb as Baile Átha Cliath di, sa nuacht ar na mallaibh nuair a fógraíodh an dea-scéal go bhfuil sí ar dhuine den triúr atá ceaptha as an nua ar bhord Fhoras na Gaeilge. Is bean ildánach í Ola. Ní hamháin go mbíonn sí ag plé leis an chraoltóireacht agus le léiriú físeán, ach foilsíodh dán léi in ‘Meascra ón Aer’ le Marcus Mac Conghail níos luaithe i mbliana fosta. Eisíodh leagan físe den dán, ‘Gruaig na mBan Dubh’, ar an iris Nós cúpla seachtain ó shin. Ar an drochuair, áfach, rinneadh ionsaithe ciníocha ar Ola ar líne, go háirithe ar YouTube, áit ar foilsíodh an físdán.

Mar shampla, agus í ina déagóir, dá mbíodh sí le grúpa cairde dubha ag siúl thart ar ionad siopadóireachta, bhíodh an lucht slándála i gcónaí gar dóibh, ag coinneáil súil orthu amhail is go raibh siad ag tnúth le trioblóid. A leithéid de mhasla.

B’éigean do Ghráinne Holland, léiritheoir fhíseáin Nós, feidhm na dtráchtanna a chur as ar YouTube mar gheall ar a ghránna a bhí na tuairimí a nochtadh i leith Ola ar bhonn cine. Ní raibh sé de mhisneach ag na meatacháin ar na méarchláir a bhfíorainm a úsáid, ach ba léir go raibh a n-iarrachtaí comhordaithe mar tháinig na tráchtanna go tiubh agus go tapa i ndiaidh don fhíseán bheith uaslódáilte.

Ní seo an chéad uair a tharla a leithéid do Ola, agus is bocht an scéal é. Dhá bhliain ó shin, b’éigean di na tráchtanna ar YouTube a bhalbhú nuair a chuir sí in airde ‘What does “Irishness” look like?’, físeán 6 bhomaite a léirigh sí faoi eispéiris a bhíonn ag Éireannaigh den chiníochas.

Ghlac Ola páirt i bhFéile Liú Lúnasa i mBéal Feirste cúpla bliain ó shin nuair a bhí sí ar phainéal de chainteoirí a phléigh an téama ‘Mionlach taobh istigh de Mhionlach’. Mhínigh sí an lá sin don lucht éisteachta, ar dhaoine geala formhór mór againn, go mbíonn an ciníochas le mothú aici ar shlite éagsúla agus ar dhóigheanna caolchúiseacha ar bhonn laethúil. Mar shampla, agus í ina déagóir, dá mbíodh sí le grúpa cairde dubha ag siúl thart ar ionad siopadóireachta, bhíodh an lucht slándála i gcónaí gar dóibh, ag coinneáil súil orthu amhail is go raibh siad ag tnúth le trioblóid. A leithéid de mhasla.

I bhfísdán Ola, luann sí an t-údar Chimamanda Ngozi Adichie agus an méid a dúirt sise faoi ghruaig Michelle Obama. ‘Dá mba rud é go raibh stíl nádúrtha ag Michelle Obama, níl seans dá laghad ann go mbeadh Barack Obama sa Teach Bán.’ Leagan eile den chiníochas chaolchúiseach atá ansin, a mhíníonn Ola. Ach deir sí fosta go bhfuil sé foghlamtha aici thar na blianta bheith muiníneach leis na stíleanna nádúrtha gruaige a chaitheann sí.

Tá líne mhór a sheasann amach i ndán Ola, ceacht ar mhaith léi é a theagasc di féin agus í níos óige agus ag streachailt leis an bhrú bheith cosúil leis na cailíní geala. `'Is leor thú mar thú féin mar is rud deas é an uathúlacht," ar sí. Nach mbeadh an saol i bhfad níos sócúla againn uilig dá dtuigfimis an méid sin.

Cé go bhfuil bliain úr linn agus cúl á thabhairt againn le 2020, is cosúil go mbeidh na seanmheatacháin linn i gcónaí. Ach, mar a fuair Ola féin amach nuair a tháinig siad ina diaidh, is treise i bhfad an tacaíocht atá ag an phobal di. Guím bliain mhór mhaith ar Ola agus ar léitheoirí uile an nuachtáin. Bímis go maith dá chéile!

Cuireann Ola ‘Afra-Éire’ i láthair ar Raidió na Life dara gach Satharn ar 4pm, clár ina bpléitear cúrsaí faisin, bia, gruaige agus ceoil.