AR an ­­26 Bealtaine 2016, vótáil Príomhaire na Breataine, Rishi Sunak, agus a chomhghleacaithe ar son an tAcht um Chearta an Duine, 1998 a aisghairm, rud a chuirfeadh deireadh leis an chosaint atá ag gach uile dhuine againn sa dlí maidir le cearta bunúsacha.

Cosnaíonn an t-acht muid ar chiapadh agus ar sclábhaíocht agus bímid i dteideal triail chothrom sna cúirteanna mar gheall air. Tugann an t-acht cearta dúinn maidir le cur in iúl ár gcuid tuairimí. Murach an dlí seo, thiocfadh leis an rialtas saoránaigh a bhalbhú sna meáin agus ar na sráideanna. Samhlaigh cosc a bheith ar agóidí inspioráideacha, spleodracha mar an Lá Dearg, nó ar na léirsithe a rinne lucht Ghluaiseacht na gCeart Sibhialta d’fhonn cothromaíocht a bhaint amach sa tsochaí tráth a raibh polasaithe claonta i bhfeidhm a d’fhág cuid den phobal ar an ghannchuid agus i ngreim na bochtaineachta.

Ní neart go cur le chéile. Agus tuigeann lucht an aisghairthe é sin. Gan an t-acht seo, ní bheadh sé de cheart againn ballraíocht a ghlacadh i gceardchumainn, i bpáirthe polaitíochta ná i gcumainn eile a dhéanann stocaireacht ar ár son.
In uireasa an Achta um Chearta an Duine, ní bheadh an ceart againn ar bheith beo. De réir na reachtaíochta, má fhaigheann duine bás mar gheall ar ghníomhartha stáit nó mainneachtain stáit ina chuid oibleagáidí a chomhlíonadh, ní mór an chúis lena mbás a fhiosrú agus torthaí an fhiosrúcháin a phoibliú.

Cuirimis i gcás tragóid Hillsborough, mar shampla. De thairbhe an achta, bhí teaghlaigh an 96 duine a maraíodh in 1989 in ann céim mhór chun tosaigh a thabhairt ina bhfeachtas leis na drochscéalta a bhí á scaipeadh faoi na mairbh agus an ról a bhí acu ina mbás féin a bhréagnú. Roimh an chéad fhiosrúchán faoi eachtraí uafásacha na hoíche sin, bhí scéalta bréige á gcraobhscaoileadh ag cuid de na nuachtáin ba mhó sa Bhreatain agus ag póilíní a dúirt gurbh iompar lucht leanúna Learpholl ba chúis leis na básanna. Scaipeadh an scéal go forleathan gur tháinig siad isteach sa staid mall, go raibh siad ar meisce, gur bhrúigh siad ar dhaoine eile. Ba é breithniúnas an chróinéara gur ‘bás tionóisceach’, bás de thaisme, a bhí ann.

Chuaigh teaghlaigh íobartaigh Hillsborough i muinín an Achta um Chearta an Duine lena chinntiú go mbeadh an dara fiosrúchán níos leithne. Bhí ar an ghiúiré aird a dhíriú ar na cúinsí a thug an bás i gcás gach uile dhuine ar leith den 96 a cailleadh agus breithiúnas a thabhairt i dtaca le gníomhartha na bpóilíní agus na seirbhísí otharchairr ar an oíche. Ba é an breithiúnas a rinne siad sa deireadh ná gur maraíodh an 96 go mídhleathach agus nach orthu féin a bhí an locht as an tragóid.

Ó thaobh na heacnamaíochta de, deir an Príomhaire nua ‘go dtuigeann sé go hiomlán cé chomh deacair atá cúrsaí’ i láthair na huaire. Ach cad é mar a thuigfeadh fear a meastar luach £730 milliún a bheith leis an fhortún atá aige féin agus ag a bhean chéile? An fear seo a bhronn conarthaí arbh fhiú na milliúin punt in airgead poiblí iad ar chomhlachtaí rachmasacha a bhí mór leis an Pháirtí Choimeádach in aimsir Covid. Rinne na comhlachtaí céanna praiseach de dhéantús trealamh cosanta pearsanta agus d’aipeanna rianaithe. Cén lé atá ag Sunak leis an chosmhuintir agus le daoine a bhfuil an bhróg ag luí go millteanach teann orthu i ré seo na déine? Lé ar bith.

Tá sé in am d’olltoghchán.