BHÍ léirmheas cuimsitheach ar leabhar nua Chiaráin Dunbar, ‘Síolta – Pobail Ghaeilge úra agus na daoine a thóg iad’ (foilsithe ag Coiscéim), ar an nuachtán seo coicís ó shin ag Máirtín Ó Muilleoir. Mar sin féin, ní miste an leabhar a lua arís. Iriseoir é Dunbar leis an Belfast Telegraph a bhí leis an BBC roimhe sin agus a chaith seal mar eagarthóir ar Gaelscéal agus le tionscadal na logainmneacha in Ollscoil na Banríona. 

Caithfidh mé a admháil go raibh mé buartha faoin leabhar seo a léamh sular thug mé faoi. Scríobh an Dúnbarrach ailt san am a chuaigh thart sna meáin Bhéarla a bhí bunaithe ar staitisticí loma a chuir droch-chuma ar chás na Gaeilge tráth a raibh mórfheachtas fuinniúil pobalbhunaithe ar siúl le hacht Gaeilge a fháil. An fadhb le staitisticí loma ná go gceileann siad an beocht, an spiorad agus an tionchar a bhaineann leis na daoine a dtagraíonn siad daofa. Sa leabhar úr seo, áfach, luann, agus athluann, an t-údar rud a dúirt an tOllamh Tadhg Ó hIfearnáin, is é sin go bhfuil “meon áirithe” i bpobail áirithe atá ina “acmhainn don phobal”. Chítear don Dúnbarrach go bhfuil an meon sin le fáil i mBéal Feirste, i gCarn Tóchair, i Ráth Chairn, sna Déise agus i gclub CLG Na Gaeil Óga i mBaile Átha Cliath go háirithe. 

Tá an leabhar dea-struchtúrtha, é bunaithe ar ábhar acadúil le sochtheangeolaithe agus agallaimh a rinne an t-údar féin le gníomhaithe atá bainteach le pobail Ghaeilge úra a chothú agus a fhás. Is mór an acmhainn an leabhar seo dúinne atá ag iarraidh eolas a chur ar stair phobal na Gaeilge lenár linn féin. Tá sé iontach spreagúil fosta léamh faoi na hiarrachtaí a bhí agus atá ar siúl ag daoine tiomanta, díograiseacha le pobail fadmharthanacha, inbhuanaithe a bhunú. Molaim go mór é a léamh.

Cúnamh

TÁ na rialacha agus an treoir a bhaineann le gnéithe éagsúla de shláinte phoiblí agus Covid-19 ag athrú i gcónaí. Mar shampla, le cúpla seachtain anuas tá an tréimhse féinleithlisithe laghdaithe ó dheich lá go seacht lá. Chomh maith leis sin, athraíodh an treoir maidir lena bhfuil le déanamh ag an té a fhaigheann toradh dearfach ar thástáil sreafa chliathánaigh (lateral flow test). Go dtí le deireanas, treoraíodh don té sin tástáil PCR a fháil déanta lena dhearbhú cé acu a bhí nó nach raibh an víreas tolgtha aige nó aici. Anois, táthar ag rá linn gan bacadh leis an tástáil PCR ina leithéid de chás agus dul díreach ar aghaidh chuig céim an fhéinleithlisithe seacht lá.

Ní ábhar iontais ar bith é go bhfuil athrú ag teacht ar an treoir oifigiúil de réir mar a thagann na heolaithe ar thuiscint níos fearr ar an víreas agus ar an dóigh a scaipeann sé agus a théann sé i bhfeidhm ar dhaoine. Ach ní hiad na heolaithe a cheapann an treoir, na rialacha ná na dlíthe a bhaineann le Covid-19. Déanann siadsan moltaí, ach, mar atá feicthe againn i gcás NPHET agus an rialtas ó dheas, ní i gcónaí a bhíonn na rialacha a cheaptar ag teacht le comhairle na n-eolaithe.

Bíonn ar rialtais gach rud a chur sa mheá, cúrsaí eacnamaíochta san áireamh. Le linn na chéad dianghlasála, thug an Scéim Coinneála Post um Covid, an scéim scoir (furlough), faoiseamh d’oibrithe, d’fhostóirí agus d’úinéirí gnó nuair ba ghá áiteanna oibre a dhruidim. Tacaíodh le 11.7 milliún post agus £70 billiún an costas a bhí leis. Chinntigh sé go raibh teacht isteach de chineál éigin ag fostaithe, fiú má bhí sé níos ísle ná an gnáthphá, agus laghdaíodh an dochar ollmhór a d’fhéadfadh a bheith déanta don gheilleagar. Glactar leis gur beart fiúnach ab ea é. 

Tá sé molta ag an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta do rialtas na Ríochta Aontaithe bheith réidh le scéim eile den chineál sin a thabhairt isteach arís má bhíonn ar ghnónna druidim mar gheall ar Omicron. Tá bialanna, tithe tábhairne, óstáin agus ionaid cheoil agus amharclannaíochta ar na gnónna is troime ar bualadh buile orthu mar gheall ar na dianghlasálacha agus beidh cúnamh airgid de dhíth ar go leor acu le theacht slán.