Tá ‘Spiegel im Spiegel’ (Scáthán sa Scáthán) leis an chumadóir Eastónach Arvo Pärt ar cheann de na píosaí ceoil is suaimhní agus is áille dá bhfuil le fáil. Chuala mé den chéad uair é ar chúrsa machnaimh san Ind. Shuíodh an grúpa againn ceithre huaire sa lá agus ba é seisiún na hoíche an tréimhse ba chiúine agus ba shuanmhaire ar fad.

Taobh amuigh de thrucail nó dhó, bhíodh an bóthar ar imeall an champa bánaithe agus lucht tiomáinte na ngluaisrothar agus na gcarranna imithe abhaile, agus bhíodh na héin agus na moncaithe áitiúla ina gcodladh. An t-aon rud a bhíodh le cluinstin ná bualadh an chloig sa halla istigh agus corrghlam fia amuigh, áit éigin go doimhin sa choill ag tabhairt rabhaidh do na créatúir eile go raibh creachadóir ina measc, liopard nó tíogar.

Nuair a éisteann tú le ‘Spiegel im Spiegel’ tá sé mar a bheadh aingeal coimhdeachta ag cíoradh na snaidhmeanna i d’intinn agus i do chroí. Suantraí don anam atá ann seinnte ar veidhlín agus pianó. Is leis an phíosa draíochtúil seo a chuir an Ulster Consort and Players tús lena gclár ceoil bliana in eaglais Naomh Molua gar do Chnoc an Anfa tá cúpla seachtain ó shin. Bhí aon cheoltóir déag páirteach sa léiriú ar chúig phíosa de chuid Arvo Pärt, faoi stiúir Matthew Owens. I measc na bpíosaí ceoil bhí ‘My Heart’s in the Highlands’ bunaithe ar dhán de chuid Robert Burns, agus ‘Sarah Was 90 Years Old’.

Tá an saothar deireanach bunaithe ar scéal Shárá, bean chéile Abrahám, ar rugadh mac di, Íosác, agus í in aois a deich mbliana is ceithre scór. Píosa dian, dúshlánach é don éisteoir. Níl sa chéad cheithre bhomaite ach buillí malla ar dhruma, rud a chuireann in iúl na blianta fada a bhí Sárá gan pháiste. Is annamh a bhíonn deis ag muintir Bhéal Feirste a leithéid de cheol a chluinstin beo agus chuir an lucht féachana a mbuíochas in iúl go fonnmhar ag deireadh na hoíche.

Beidh 13 cheolchoirm eile ag an Ulster Consort in 2023 agus tá an clár, atá deartha go galánta le híomhá de chuid an ealaíontóra áitiúil Kenny McKendry’, le fáil ar a leathanach Facebook agus ar Twitter. Ní mhaireann ach cuid de na ceolchoirmeacha ach uair an chloig agus tosaíonn siad ar 6pm le deis a thabhairt don phobal an ceol a shú roimh dul ar aghaidh le gnó eile an tráthnóna, ’60 Minutes @ 6’. Idir seo agus an Cháisc beidh ceol eaglasta le Allegri, Tallis, Lotti, Byrd, Messaien agus Stainer le cluinstin. Is in Ardeaglais Naomh Peadar a bheas an chéad cheolchoirm eile Déardaoin, an 2 Feabhra ar 6pm.

Casfaidh Matthew Owens ‘La Nativité du Seigneur’ le Olivier Messiaen, saothar naoi gcuid don orgán. £10 atá ar na ticéidí agus tá siad le fáil ar an doras nó ar Eventbrite (tá táille bhreise le híoc as gach ticéad a cheannaítear ar Eventbrite).