Bhí na sluaite Gaeil, agus daoine nach raibh Gaeilge ar bith acu, ag teacht is ag imeacht ón MAC le linn na Fleidhe mar a bhí sé ag feidhmiú mar ionad na Gaeilge.
Ba í Claire Kieran, as an chomhlacht Súgrú, a chuir an clár le chéile don Gig Rig agus don Mhol Gaeilge ag an MAC.
"Bhí sé ina phléisiúr agam an clár don MAC a thabhairt le chéile don Fhleadh.
"Na mothúcháin a tháinig chugam le linn na seachtaine ná nach iontach a bheith i lár an aonaigh. Spás speisialta a bhí sa MAC don rud a bhí muid ag iarraidh a chruthú.
"Tá foireann cumasach iontach istigh ansin acu cheana féin, agus d'oscail siad an spás dúinn agus thacaigh siad le gach rud a bhí muid ag iarraidh a dhéanamh."
Bhí Claire iontach sásta leis an fhreastal ar an Mhol le linn na seachtaine, agus shíl sí gur éirigh leo spás a chur le chéile a raibh daoine ábalta a scíth a ligean ann.
"Sílim gur spré an teachtaireacht faoin spás i rith na seachtaine. Tháinig na sluaite agus tháinig níos mó daoine achan lá.
"Creidim go raibh sé deas go raibh sé ina thearmann beag le linn achan rud a bhí ag tarlú. Bhí na sráideanna thar a bheith gnóthach ach chruthaigh muid spás sa MAC a raibh daoine agus ceoltóirí ábalta teacht chuige agus seisiún ciúin a bheith acu."
Bhí na hoibrithe deonacha le feiceáil ar fud na cathrach le linn na Fleidhe, le léinte buí agus hataí gorma. Dar le Claire bheadh sé dodhéanta imeachtaí a reáchtáil gan na daoine seo, agus gan Bainisteoir an Mhoil, Sorcha Nic Cathmhaoil.
"Bhí na hoibrithe deonacha speisialta maith. Bhí an Fhleadh ina iomláine ag obair le VolunteerNow, agus nuair a chláraigh daoine bhí ar dhaoine a rá má bhí Gaeilge acu agus an mbeadh siad sásta a bheith ag obair sa mhol Gaeilge."
"Chuir na hoibrithe deonacha fáilte roimh dhaoine sa MAC. Chuidigh siad le foireann an MAC. Bhí siad iontach maith ar fad. Tháinig oibrithe ar ais ar laethanta nach raibh siad ag obair mar go raibh siad ag iarraidh páirt a ghlacadh sna himeachtaí fiú! Murach iad ní bheadh muid ábalta rudaí a reáchtáil."
Níor thosaigh na cainteanna go fóill faoi Fhleadh na bliana seo chugainn, ach tá Claire ag moladh go mór go gcuirfear an MAC ar fáil arís mar spás don Ghaeilge sa chathair, agus ní hamháin sin ach go mbeidh sé níos mó arís!
"Ó thaobh an chláir de sílim go ndéanfainn níos mó rudaí do theaghlaigh, níos mó drop-ins. Ar ndóighe, agus an oiread rudaí ag tarlú bíonn sé deacair ar dhaoine pleananna a dhéanamh.
"Bhí ionchur agam ón Fhóram Gaeilge ar Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste. Bhí siadsan in ann léiriú suime a chur isteach fosta, rud a chuidigh go mór agus a thug éagsúlacht smaointí.
"Ba bhreá liom dá mbeadh muid ag spréadh amach go Cearnóg Naomh Áine!"


