Tá Leah Ní Mhurchú, arb as Scairbh na gCaorach i gContae Mhuineacháin ach a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste le roinnt blianta anois, ag dul chun stáitse mar Rós Thrá Lí i mbliana.
Roghnaíodh Leah mar Rós Mhuineacháin ní ba luaithe i mbliana, agus tá ceangal pearsanta aici féin agus ag a teaghlach leis an fhéile.
"Bhí m'aintín, Sinéad Murphy, mar Rós Uladh sa bhliain 1991. Ach fuair sí bás dhá bhliain ina dhiaidh sin i dtimpiste bóthair, níor bhuail mé léi riamh. Ach d'fhás mé aníos ag éisteacht le scéalta ón chlann agus ó dhaoine sa cheantar fúithi. Scéalta faoin turas go Trá Lí, na cairde ar bhuail sí leo.
"Tá pictiúr againn sa teach di lena Sais Uladh. Bhí a fhios agam riamh go raibh mé ag dul a chur isteach air, ach ní raibh mé ag dúil go bpiocfaí mar Rós Mhuineacháin mé!"
Cé go bhfuil sí iontach go deo sásta le bheith mar ionadaí Mhuineacháín i mbliana, deir sí go bhfuil rud beag cumha uirthi agus ar a clann fosta..
"Tá mé ar bís an clann a thabhairt síos uair amháin eile go Trá Lí. Tá mo sheanmháthair ag teacht agus an uair dheireanach a raibh sise anseo bhí a hiníon - m'aintín - ar an stáitse.
"Tá sé iontach speisialta. Déarfainn go mbeidh sé cineálín brónach, ach beidh sé iontach speisialta iad a thabhairt síos uair amháin eile."
Oibríonn Leah mar bhainisteoir leis an chomhlacht Options i mBéal Feirste, áit a bhfuil sí i gceannas ar fhoireann d'ochtó. Tá an-bhród uirthi as a bheith ina bean a oibríonn in STEM.
"Tá bród orm a bheith mar bhean a oibríonn in STEM. Sílim go bhfuil Rós Thrá Lí 2025, Katelyn, ag déanamh jab den scoth ag scaipeadh an scéil sin. Is leictreoir í agus tá sí ag taispeáint do chailíní óga go bhfuil tú in ann a bheith mar Rós Thrá Lí agus na poist seo a dhéanamh chomh maith."
Próiseas fada a bhí sa phróiseas iarratais. Ní mór d'iarrthóirí a bheith roghnaithe mar Rós an chontae ar dtús, rud a eagraíonn an t-ionad áitiúil.
"Chuir mé iarratas isteach ar líne, agus bíonn Ionad Rós Mhuineacháin i dteagmháil agus ag eagrú cúpla cruinniú le chéile roimh an oíche roghnúcháin, chun aithne a chur ar na cailíní eile.
"Ansin ar an lá féin bíonn agallamh duine ar dhuine agat leis na moltóirí, tá triúir ann. Bíonn agallamh grúpa ann chomh maith agus déanann muid ábhair éagsúla a phlé. Ansin téann tú ar an ardán san oíche.
"Nuair a piocadh mar Rós Mhuineacháin mé, ní raibh mé ábalta é a chreidiúint! Is grianghrafadóirí iad m'athair agus m'uncail agus bhí siad ag clúdach an searmanais. Agus nuair a scairteadh m'ainm amach shíl mé, 'oh this footage better be on camera!"
Tá Leah i ndiaidh a bheith iontach gnóthach ó shin. Bhí sí ina hionadaí do Chontae Mhuineacháin ag imeachtaí ar fud an chontae agus na tíre. D'eagraigh sí ócáidí tiomsaithe airgid do charthanais, agus anois tá na Rósanna uilig ar thuras le chéile.
"Deir achan duine go mbíonn sé seo ar an seachtain go leith is fearr i do shaol agus go mbíonn cairde agat go deo ina dhiaidh. Níl mé in ann a chreidiúint go bhfuil mé anseo agus mar chuid den eispéireas seo."
Tá cáineadh á dhéanamh ar an Fhéile Rós Thrá Lí ag roinnt daoine as a bheith seanfhaiseanta agus gur chóir deireadh a chur leis. Ní aontaíonn Leah leis an dearcadh sin. Leoga, deir sí go bhfuil an oiread á dhéanamh ag an fhéile ar son ban sa tír.
"Is féile í seo chun mná na hÉireann a cheiliúradh, agus ní cheapaim go bhfuil sé sin seanfhaiseanta ar chor ar bith. Is ceart dúinn sin a dhéanamh agus déanann an fhéile seo é sin.
"Dar ndóighe tá sé iontach sean fosta agus tá sé ina pháirt lárnach de chultúr na hÉireann. Bíonn daoine ag dúil le Féile Rós Thrá Lí ag deireadh an tsamhraidh go fóill.
"Agus tá sé níos nua-aimseartha. D'athraigh na rialacha cúpla bliain ó shin. Is féidir mná trasinscneacha páirt a ghlacadh ann, ardaíodh an aois go tríocha, is féidir mná pósta agus mná a bhfuil páistí acu páirt a ghlacadh ann chomh maith. Tá sé ag bogadh leis na blianta, gan amhras."


