Tá muid ar cheann de na 2,889 teaghlach atá ag tógáil a gclann le Gaeilge sa Ghaeltacht. 
 
Níl ach 23 faoin chéad den 12,586 teaghlach atá ina gcónaí sa Ghaeltacht ag tógáil a gclann le Gaeilge, de réir taighde atá foilsithe ag Tuismitheoirí na Gaeltachta. 
 
‘Staidéar ar theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge laistigh de na Limistéir Oifigiúla Gaeltachta’ is teideal don taighde, a tharraing cuid mhaith ar eolas ó Dhaonáireamh 2016 agus ar eolas a bhailigh lucht pleanála teanga sna limistéir pleanála teanga sna 26 contae. 

Meabhrú atá sna figiúirí ar a leochaillí is atá an teanga fiú sna ceantair Ghaeltachta is láidre, ar a laige is atá sí i gceantracha eile agus ar an cheadtadán beag de theaghlaigh na Gaeltachta atá ag cur stró orthu féin a gcuid páistí a thógáil le Gaeilge. 

Is i nGaeltacht na Gaillimhe agus Dhún na nGall atá formhór na dteaghlach atá á dtógáil a gcuid páistí le Gaeilge. Tá 1,414 de na teaghlaigh sin i nGaillimh agus tá 857 i nDún na nGall. 621 teaglach atá ar fud na ceantair Ghaeltachta eile, i gCiarraí, Corcaigh, Maigh Eo, Port Láirge agus an Mhí. 
 
Léirítear sa taighde nua, a rinne meitheal taighdeoirí ó Choláiste Mhuire gan Smál, Luimneach, go labhraíonn 16 faoin chéad (4,090) de pháistí agus daoine óga faoi 18 sa Ghaeltacht Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais. 

Meabhrú atá sna figiúirí ar a leochaillí is atá an teanga fiú sna ceantair Ghaeltachta is láidre, ar a laige is atá sí i gceantracha eile agus ar an cheadtadán beag de theaghlaigh na Gaeltachta atá ag cur stró orthu féin a gcuid páistí a thógáil le Gaeilge. 
 

AN TEANGA FAOI BHRÚ: An Spideál, Gaeltacht na Gaillimhe
2Gallery

AN TEANGA FAOI BHRÚ: An Spideál, Gaeltacht na Gaillimhe

Deir an Dr Neasa Ní Chuaig, príomh-thaighdeoir na tuarascála gur léiriú é an taighde ar an “claonadh i dtreo an Bhéarla” atá i dteaghlaigh na Gaeltachta. 
 
Tá “tacaíocht, treoir, agus comhairle” de dhíth ar thuismitheoirí atá ag tógáil a gclann le Gaeilge “ionas nach dtiocfaidh lagmhisneach orthu,” a deirtear sa taighde. 

"MAOINIÚ SEASTA"

Deirtear gur chóir do na dreamanna ar fad atá ag obair le teaghlaigh na Gaeltachta teacht le chéile agus “plean cinnte” a leagan amach agus “maoiniú seasta” á lorg ó na hudaráis don phlean sin. Moladh chomh maith go ndéanfaí taighde eile le fáil amach cén fáth nach labhraíonn daoine ón Ghaeltacht Gaeilge dá bpáistí.
 
Seachas pacáiste beag ina raibh cúpla leabhar Gaeilge do pháistí agus leabhrán beag eolais ní fheicim go bhfuil aon tacaíocht, treoir ná comhairle ar fáil do thuismitheoirí atá ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge. Mar thuismitheoir, atá ina cónaí sa Ghaeltacht, tá sé deacair gan a bheith lagmhisneach, go háirithe nuair is léir go bhfuil bhfuil níos mó focal Béarla ag mo mhac dhá bhliain d’aois in ainneoinn na n-iarrachtaí ar fad.
 
Tá muid inár gcónaí ar an Spidéal agus ní chuireann a bhfuil sa tuarascáil taighde aon iontas orm. Is é an Béarla is mó a chluintear i bpáirc spraoi an Spidéil, faraor. Bhuail mé le máthair amháin sa pháirc spraoi chéanna ar na mallaibh a cheannaigh teach ar an Spidéal le linn na dianghlásála. Saol nua faoin tuath a bhí uathu agus iad tinn tuirseach den saol san ardchathair, a dúirt sí. D’admhaigh sí chomh maith nár thuig sí “i gceart” go raibh an teach nua sa Ghaeltacht.

"PUSHING THE IRISH"

“Does that mean all the schools will be pushing the Irish?”, ar sise. 
 
Deirtear go bhfuil an Spidéal mar a bhí Bearna deich mbliana ó shin, agus is beag Gaeilge á chluinfeá agus tú ag siúl thart fán sráidbhaile sin inniu ar an drochuair. 
 
Is í an Ghaeilge a bhíonn á labhairt agamsa leis na páistí. Béarla a bhíonn á labhairt ag mo chéile leo, cé go dtarraingníonn sé ar an Ghaeilge a d’fhoghaim sé ar scoil agus leabhair a léamh aige. Labhraíonn an feighlí léanaí Gaeilge leo fosta agus tá muid an-bhuíoch go bhfuil an socrú sin againn. Tugadh suntas sa tuarascáil nua do na deacrachtaí a bhíonn ag tuismitheoirí sa Ghaeltacht teacht ar fheighlithe léanaí a bhfuil Gaeilge acu toisc easnamh mór a bheith ann. 
 
D’uireasa treoir, tacaíocht, comhairle tá mé chun beart reabhlóideach a dhéanamh chun an lagnmhiseach a chur díom. Tá mé chun Gaeltacht taobh istigh de mo theach féin a chruthú. Ní chluinfear focal Béarla ar aer nó ar scaileán sa teach seo nuair atá na leanaí ina suí. Gaeilge ar fad a labhróidh mé le mo páirtí go dtí go dtéann na léanaí a luí! Feicimid an ndéanfaidh sé difear ar bith!