Ar uairibh, bíonn an focal laoch in úsáid go minic ag daoine. Barraíocht. In amanntaí, bíonn muid ró-fhlaithiúil leis an chur síos, leis an ainmniú agus leis an mhíniú…laoch.
Tá curadh agus gaiscíoch ar fáil sa teanga chomh maith. Iompraíonn an focal laoch macallaí an tseanchais agus na miotaseolaíochta leo: Cú Chulainn, Ferdia, Fionn Mac Cumhaill nó Macha agus Gráinne Mhaol.
Nuair a fuair an fear óg de bhunadh Ard Mhacha agus Crois Mhic Lionnáin ó dhúchas, Caolán Finnegan bás le déanaí, chuir sé bás Anto Finnegan de bhunadh Bhéal Feirste agus Léana an Dúin ó dhúchas, i gcuimhne domh.
Ní amháin go raibh an sloinne céanna acu, Ó Fionnagáin, bhí cosúlachtaí eile ann fosta. Peileadóirí do chlub agus do chontae a bhí iontu, lúthchleasaithe ag an leibhéal is airde ag Cumann Lúthchleas Gael. Bhí ardmheas ag daoine orthu sa phobal. Ar ndóighe, bhí teaghlach, tuismitheoirí, clann agus cairde acu. Bhí grá ag a mhuintir daofa, chuaigh siad i bhfeidhm ar dhaoine.
Beirt fhear óga a d’éag ró-luath. Fuair Caolán Finnegan bás de dheasca ailse, galar a fhaigheann an lámh in uachtar ar an duine ró-mhinic. Fear a raibh clú agus cáil air i gcomhphobal dheisceart Ard Mhacha.
Stócach a bheadh ar phaineál Kieran McGeaney i mbliana nuair a bhain na Fir Bhuí an Soitheach Naofa, Craobh na hÉireann, Sam, amach. Is ait an mac an tsaoil. Tá an pobal CLG faoi bhrón, chan amháin in Ard Mhacha ach ar fud na hÉireann.
Bhí baint mhór ag Caolán lena mheánscoileanna, Scoil Iósaef, Crois Mhic Lionnáin agus an coláiste iomráiteach peile Coláiste Cholmáin, Iúr Cinn Trá, áit a ghnóthaigh sé urraim agus gradam. Laoch.
Fuair Anto bás cothrom na hama seo, trí bliana ó shin ar an 18 Meán Fómhair 2021. Macasamhail Caolán, bhuail tinneas millteanach marfach é. Throid Anto go cróga calma in éadan an ghalair néarón luadrach, Motor Nuerones Disease. D’ardaigh sé feasacht, bhailigh sé airgead, bhunaigh carthanas le cuidiú le daoine eile a bhí thíos leis an ghalar. Laoch.
Bheinn ag déanamh áibhéile, dá ndéarfainn go raibh Anto mar bhuanchara agam. Ní raibh, ach, bhí aithne agam air. Tá aithne níos fearr agam ar a dheartháir, Joe. D’imir mé sacar le Anto agus Joe agus rothaigh mé leo.
Bhuail mé le hAnto go minic i gCumann Chluain Ard fosta, áit a chuir sé snas ar a chuid Gaeilge agus a d’oibrigh a mhac, Conall go páirt aimseartha.
Sacar, rothaíocht agus an Ghaeilge, trí ghné, b’fhéidir nach rithfeadh le gach duine nuair a smaointíonn siad ar Anto! Fear ildanach a bhí ann. Bhí níos mó ná ruaim amháin ar a shlat aige. Meon aigeanta agus fonn foghlama air.
Tá seanléine rothaíochta agam a chaithim go fóill agus mé ag traenáil, reathaíocht nó rothaíocht. Níor thuig mé riamh daoine a chaitheann éadaí maithe snasta ag traenáil!
When someone has an illness, it can be difficult to know what to say but Anto Finnegan made it so easy. He was a leader.
— Mark Simpson (@BBCMarkSimpson) September 19, 2021
I’ve never forgotten these words. pic.twitter.com/N2BZbEoHXt
Tá na dathanna gorm agus oráiste air. Smaoinigh ar Ard Bó Uí Dhonnabháin Rosa! Pócaí ag an chúl do smailceanna nó airgead. Léine measartha téann le faiscín reatha. Dathanna spleodracha a chuireann léaspáin ar do shuile nuair a fheiceann tú é. Dathanna an charthanais DETERMND, carthanas a bhunaigh Anto. Smaoiním ar Anto, nuair a fheicim an léine. Anto an peileadóir, an t-iománaí, an t-imreoir sacair, an rothaí, an Gaeilgeoir, fear Lámh Dhearg, fear Naomh Pól, captaen Aontroma, fear na cuideachta agus níos tábhachtaí ná aon ní eile, fear teaghlaigh.
Tá Anto Finnegan curtha faoi chré na cille i Reilig Bhaile an Mhuilinn, seo cur síos beathaisnéise a scríobh mé don fhoilseachán Stair faoin Spéir, Reilig Bhaile an Mhuilinn.
Rugadh Anthony Finnegan i mBéal Feirste i 1973. Tógadh é in iarthar Bhéal Feirste i Léana an Dúin. Bhí teaghlach mór grámhar thart air, deartháir amháin agus beirt dheirfiúracha.
D’fhreastail sé ar an bhunscoil áitiúil i Léana an Dúin, St.Oliver Plunkett agus ansin d’aistrigh sé go dtí an mheánscoil áitiúil, Christian Brothers’ School (CBS) ar Bhóthar an Ghleanna.
Agus é ag fás aníos, bhí an-suim aige i gcúrsaí spóirt. Bhí sé cumasach i ngach spórt agus dearcadh maith aige ar an tsaol. D’imir sé sacar, liathróid láimhe agus rinne sé rothaíocht. Bhí dúil mhór aige bheith taobh amuigh faoin spéir.
Áfach, thar aon ní eile, bhí bua ar leith aige don CLG. Iománaí agus peileadóir den chéad scoth a bhí ann. Léirigh sé cumas ceannasaíochta ar an pháirc imeartha agus bhí sé ina chaptaen ar fhoirne scoile agus ar fhoirne Lámh Dhearg CLG agus é ag teacht i méadaíocht.
Bhain sé a lán gradam le CLG Lámh Dhearg. D’aistrigh sé go Naomh Pól agus bhain Naomh Pól trí shraith Aontroma sa pheil ag deireadh na 1990aidí.
Faoin am seo, bhí Anto ag imirt peile le hAontroim fosta. Bhí sé ina chaptaen ar an fhoireann. D’imir Anto a chéad chluiche le hAontroim in 1994 agus d’éirigh sé as an fhoireann idirchontae in 2005. Chuidigh sé le hAontroim Craobh Peile Uile-Éireann B a bhaint in 1999.
Nuair a chríochnaigh Anto ag imirt le hAontroim agus le Naomh Pól, chuidigh sé le foirne óga Naomh Pól ar Bhóthar Seoighe. Chaith sé níos mó ama lena theaghlach féin. Thug sé faoin rothaíocht agus thosaigh sé ag foghlaim na Gaeilge.
Bhí Anto pósta ar Alison agus bhí beirt pháistí acu, Conall agus Ava.
Fuair Anto drochscéal sa bhliain 2012 nuair a dúirt dochtúirí leis go raibh an galar néarón luadrach air. Is galar é seo a chuireann isteach ar na teachtaireachtaí a chuireann an inchinn chuig codanna difriúla den chorp. Ní bhíonn daoine ábalta siúl ná bogadh mar is ceart agus bíonn orthu dul isteach i gcathaoir rothaí.
Bhí Anto i gcónaí dearfach, go fiú nuair a fuair sé an drochnuacht. Bhailigh sé a lán airgid do charthanais dhifriúla agus bhí baint aige leis an charthanas DeterMND – carthanas a dhéanann cuid mhór sa troid in éadan an ghalair néarón luadrach.
Go fiú nuair a bhí air cathaoir rothaí a úsáid, bheadh sé go fóill le feiceáil ag cluichí peile agus ag imeachtaí le hairgead a bhailiú le cuidiú le daoine eile. Níor lig sé don tinneas s’aige a spiorad ná a dhóchas a mhúchadh.
Gael go smior a bhí in Anto. Bhí a chroí istigh sna cluichí Gaelacha agus bhí a chroí istigh sa Ghaeilge. Bhí sé ag foghlaim Gaeilge i gCumann Chluain Árd i mBéal Feirste. Cara mór de chuid na nGaelscoileanna a bhí ann fosta.
Thit scamall an bhróin ar phobal Chumann Lúthchleas Gael Chontae Aontroma agus ar Ghaeil Bhéal Feirste nuair a fuair sé bás. Fuair sé bás ar an 18ú Meán Fómhair 2021. Ní raibh sé ach 48 bliain d’aois.
Agus Anto faoi agallamh tamall gairid, sula bhfuair se bás, dúirt sé;
“ Every day is a blessing, Enjoy life. If you can do something to help someone else, then roll up your sleeves and do it.”
Go raibh suaimhneas síoraí ar Anto agus ar Chaolán beirt.