Tá Scoil Samhraidh Mhic Reachtain ar siúl an tseachtain seo. Tá sí ar na féilte is fearr liom, agus í ar leac an dorais agam. Bíonn ráchairt mhór ar na ranganna Gaeilge agus tá clú ar an fhéile as an ardchaighdeán múinteoireachta. Bíonn ceolchoirmeacha agus ócáidí litríochta den scoth ann san oíche, go háirithe le ceoltóirí, damhsóirí agus scríbhneoirí Gaeltachta. Bíonn an-dúil ag an lucht féachana áitiúil air sin.
Mar gheall ar an dianghlasáil, is arlíne atá scoil samhraidh na bliana seo. Mothaím uaim na hoícheanta teolaí i mBarr a’ Tí agus sa Seomra Éigse agus na comhráite ar an tsráid le cairde as áiteanna i gcéin is i gcóngar.
Tá an tOllamh Fionntán de Brún ar chlár na bliana seo. Bíonn na léachtaí poiblí a thugann sé i gcónaí iontach maith. Rianaíonn sé gnéithe éagsúla de stair na nGael i mBéal Feirste, eolas a bheadh ceilte ar an chuid is mó againn murach é. Tá an sárscríbhneoir Seán Ó Muireagáin (thíos) ann fosta. Fuair an leabhar gearrscéalta s’aige, ‘Gáire in Éag’, moladh mór nuair a tháinig sé amach in 2018.
Tá lucht na n-ealaíon traidisiúnta ar an ardán digiteach fosta i mbliana. Is scéalaí sciliúil é Seanán Mac Aoidh, agus tá aithne mhaith fud fad na cathrach seo ar Chormac ‘Buzz’ Ó Briain, píobaire mórchroíoch. Tá Doimnic Mac Giolla Bhríde ag déanamh ranganna amhránaíochta ar an sean-nós agus chuir sé féin agus Frances Morton, fliútadóir, tús leis na himeachtaí ceoil oíche Dé Luain.
Cé go bhfuil daoine den scoth páirteach sa scoil samhraidh i mbliana, tá mé cinnte go bhfuil sé tugtha faoi deara agaibhse, a léitheoirí géarchúiseacha, go bhfuil easnamh mór groí ann. As an seisear atá luaite as a n-ainm ar chlár na féile, níl ach aon bhean amháin ina measc.
Roinnt scéalta agus dánta á n-aithris ag Seán Ó Muireagáin.
Publiée par Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain sur Jeudi 30 juillet 2020
An ag magadh atá eagraitheoirí na scoile samhraidh? An gcreideann siad i ndáiríre go bhfuil sé ceart go leor leath de phobal na Gaeilge a fhágáil as? An bhfuil na maoinitheoirí, Foras na Gaeilge agus Comhairle Cathrach Bhéal Feirste san áireamh, sásta leis seo?
Níor ghá dul rófhada as baile ar chor ar bith le theacht ar mhná cruthaitheacha, ceannródaíocha a chuirfeadh siamsa, cainteanna spreagúla agus ábhar machnaimh ar fáil dúinn. Seo liosta de chuid acu, gan dul thar theorainn Chúige Uladh amach, ach ar ndóigh tá i bhfad níos mó ná sin ann. In ord aibítreach...
Celia de Fréine – is í Cathaoirleach Aontas na Scríbhneoirí í agus tá dánta úra scríofa aici le cúpla mí anuas a dhíríonn go sonrach ar eispéiris a bhaineann leis an dianghlasáil. Áine Durkin – file as Conamara a gceileann simplíocht agus nádúrthacht a cuid rannta an mháistreacht atá aici ar an teanga. Brídanna Ní Bhaoill – scéalaí as Rann na Feirste í a dhéanann obair mhór ina pobal féin leis an traidisiún a chur ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile.
Róise Ní Bhaoill – scoláire, údar agus Stiúrthóir Iontaobhas Ultach. Tá ábhar foghlama curtha ar fáil aici do dhaoine fásta agus tá taithí leathan aici ar a bheith ag plé le cúrsaí polasaí i réimsí éagsúla, oideachas, na meáin agus dea-chaidreamh ina measc. Caitríona Ní Chléirchín – tá cnuasach nua dátheangach amuigh aici le cúpla seachtain anuas, ‘The Talk of the Town’. Eithne Ní Ghallchobhair – scéalaí agus acadóir le hAcadamh Ríoga na hÉireann ar foilsíodh eipic úrnua léi i mbliana, ‘Múscail, a Ghiorria’, atá fréamhaithe go domhain sa bhéaloideas.
Áine Ní Ghlinn – a roghnaíodh mar Laureate na nÓg tá cúpla mí ó shin, an chéad údar a bhíonn ag scríobh i nGaeilge a ceapadh sa ról sin riamh. Réaltán Ní Leannáin – údar Feirsteach a phléann téamaí a bhaineann le saol na mban agus leis an fheimineachas ina saothar. Caitríona Nic Sheáin – comhúinéir An tSnáthaid Mhór, teach foilseacháin fíor-rathúil a chuireann leabhair ghalánta ar fáil do pháistí agus atá ag leathnú amach anois leis na leabhair a chur ar fáil i dteangacha eile.
Máire Dinny Wren – file liriciúil, ceolmhar, gradamúil as Gaoth Dobhair (físeán thíos). Máire Zepf – an chéad údar Gaeilge ar bronnadh mórdhuais Leabhar na Bliana uirthi ar na mallaibh ag Gradaim KPMG Leabhair Pháistí na Bliana as an úrscéal véarsaíochta ‘Nóinín’.
Ansin, tá na ceoltóirí ann. Brighde Chaimbeul, Gráinne Holland, Deirdre Lamb, Joanne McSherry, Tíona McSherry, Úna Monaghan, Caoimhe Ní Chathail, Máire Ní Choilm, Edel Ní Churraoin, Emma Ní Fhíoruisce, Mairéad Ní Mhaonaigh, Pádraigín Ní Uallacháin, Bláithín Mhic Cana agus na scórtha eile.
Níl na cúinsí uilig ar eolas agam faoi na srianta atá ar lucht na scoile samhraidh i mbliana ó thaobh buiséid, teicneolaíochta, foirne agus eile de. Mar sin féin, ní thig liom smaointiú ar fháth ar bith a mbeadh aon cheann acu ina chúis leis an deis a shéanadh ar mhná atá ag obair i ngort na n-ealaíon dul ar an ardán. Tugaim dúshlán Chumann Cultúrtha Mhic Reachtain clár a chur le chéile don bhliain seo chugainn a léiríonn an saibhreas iontach léinn, litríochta, scéalaíochta, damhsa agus ceoil atá le fáil i measc mhná na Gaeilge. Sin an rud atá an lucht féachana ag santú.