Bhí mé ag iarraidh cuimhneamh ar an uair dheireanach a bhí mé ag seisiún ceoil nó ceolchoirm, seoladh leabhair nó taispeántas ealaíne – imeacht de chineál ar bith in aon seomra amháin le daoine a bhí ag léiriú a gcuid cruthaitheachta ar an láthair. 


An chéad choicís i mí na Márta agus Seachtain na Gaeilge faoi lán seoil, sular tugadh an t-ordú dianghlasála, bhí an dialann líonta lán.

Ceiliúradh le cláirseoirí, cleamairí agus cór as an Bhreatain Bheag ag oscailt oifigiúil Aonach Mhacha. Léiriú ceoil de dhánta Mháirtín Uí Dhireáin le Johnny Óg Connolly agus Liam Ó Maonlaí in Áras Mhic Reachtain. Sárléiriú damhsa sa Chultúrlann ar leabhar Mháire Zepf, An Féileacán agus an Rí. Agus cúpla seisiún i dtithe tábhairne i lár an bhaile roimh an srianadh mór.
Fiú agus muid scartha amach go fisiciúil óna chéile ar feadh ráithe, a bheag nó a mhór, thug na healaíona misneach agus sólás dúinn.

Bhí i bhfad níos mó ama ag cuid againn le bheith ag léamh leabhar agus ag amharc ar chláir agus scannáin a bhí sábháilte ar ár liosta mianta. Bhain leithéidí Paddy Raff gáire asainn lena fhíseáin ghrinn ghéarchúiseacha faoin saol i ré COVID-19 (caith súil ar The Paddy Raff Show ar iPlayer an BBC mura bhfuil sé feicthe agat). Agus ba iontach mar a chuaigh ionaid chultúir mar an Duncairn i ngleic leis an dúshlán lucht féachana a mhealladh agus ardán – agus cúpla punt – a thabhairt do cheoltóirí fiú nuair a bhí an áit druidte. Buaicphointe seachtainiúil ab ea an Virtual Cabaret gan amhras ar bith.
Nuair a dhruid tithe tábhairne, amharclanna agus eile, fágadh cuid mhaith den aos ealaíon, iad siúd a dhéanann an saol níos siamsúla, níos suimiúla dúinn, san fhaopach. B’fhíor sin go háirithe ina gcás siúd nach raibh teacht isteach ó fhostaíocht eile acu.

Tógaimis ceoltóirí traidisiúnta mar shampla. Labhair mé le seanchara a bhí ag dúil go mór le camchuairt a dhéanamh ar mhór-roinn na hEorpa go dtí gur cuireadh na ceolchoirmeacha uilig ar ceal. Tháinig deireadh fosta leis na gigeanna rialta a bhí aige i dtábhairní an bhaile.
Bhí an bhróg teannta go maith ar cheoltóirí traidisiúnta fiú sula raibh aon chaint ann ar chor ar bith ar COVID-19. Tá sé de nós ag éisteoirí na laethanta seo ár gcuid ceoil a fháil ó sheirbhísí sruthaithe, leithéidí Spotify agus YouTube.

Gach uair a chastar traic, faigheann an té ar leis na cearta don phíosa ceoil íocaíocht – ní hionann an té sin agus an ceoltóir i gcónaí, áfach. Is méid damanta íseal a íoctar as casadh amháin ar Spotify. Níl i gceist, ar an mheán, ach an tríú cuid de phingin amháin! Chuaigh mé siar ar an fhigiúr sin cúpla uair lena chinntiú nach raibh dul amú orm. Bheadh míle casadh de dhíth le go mbeadh go leor saothraithe ag ceoltóir le cupán caifé agus barra seacláide a cheannach. Má tá sé de rún againn bheith ag tacú leis na ceoltóirí is ansa linn, is fearr i bhfad dlúthdhioscaí agus táirgí a cheannach óna suíomhanna oifigiúla féin.
D’eagraigh an Chomhairle Ealaíon suirbhé lena fháil amach cén tionchar airgeadais a bheadh ag druidim síos na n-ionad ealaíon ar na healaíontóirí féin. Thug Róisín McDonagh, an príomhfheidhmeannach, le fios go mbeadh sé “iontach dian” agus go mbeadh an tionchar le mothú “láithreach”. Sheol an Chomhairle Clár Éigeandála d’Ealaíontóirí ag deireadh mhí Aibreáin ach níor leor é, ná baol air.

Bhí leathmhilliún punt sa phota le dáileadh ar ealaíontóirí aonair a chuir isteach ar dheontais arbh fhiú suas le £5,000 iad. Ach níorbh fhada go raibh an pota sin folmhaithe. Chuir breis agus 300 duine isteach ar an scéim agus bheadh £700,000 eile de dhíth leis an éileamh iomlán a chlúdach. 
Tá gá le babhta eile deontas gan mhoill. Is tráthúil mar sin fógairt na Roinne Pobal ag tús na míosa seo go mbeidh £4 mhilliún breise le fáil ón Fheidhmeannas d’earnáil na n-ealaíon. Caithfear a chinntiú gurb iad is mó atá ina dhíth a gheobhas an t-airgead. Saibhríonn lucht na n-ealaíon ár saol go mór, go háirithe in am an ghátair, agus tá cúiteamh ceart ag dul dóibh as sin.