[audio mp3="https://belfastmedia.com/wp-content/uploads/2020/05/200516_An-F-fhocal.mp3"][/audio]

Buail an nasc thuas le héisteacht le Gráinne

2Gallery
Tá dea-scéala ann an tseachtain seo a chuirfidh gliondar ar gach gráthóir Gaeilge faoin spéir, scoláirí agus saoithíní go háirithe. Tá an ‘Concise English-Irish Dictionary’ curtha chuig na clódóirí san Iodáil ag Foras na Gaeilge agus beidh 8,000 cóip ar an mhargadh faoi thús na scoilbhliana nua i mí Mheán Fómhair.

Seo an chéad uair le breis agus trí scór bliain a bhfuil mórfhoclóir nua Gaeilge á fhoilsiú – is i 1959 a tháinig ‘English-Irish Dictionary’ de Bhaldraithe amach. (Dála an scéil, nach suimiúil gur ‘Concise’ a thugtar i mBéarla ar an rud atá ina ‘mhórfhoclóir’ ag lucht na Gaeilge? Sílim gur comhartha é go mbeidh orainn a bheith níos uaillmhianaí inár n-éilimh as seo amach.)

Tá an leagan digiteach den fhoclóir nua le fáil ar líne le tamall maith de bhlianta anuas. Is áis den scoth é focloir.ie agus bíonn éileamh mór air achan lá ag daltaí, múinteoirí, mic léinn, scríbhneoirí, iriseoirí, aistritheoirí agus duine ar bith a bhíonn ag dul i ngleic leis an saol trí mheán na Gaeilge. Tá 48,000 ceannfhocal Béarla ann agus tá cuid mhór samplaí ann ón teanga labhartha, Béarla agus Gaeilge araon, chun a chinntiú gurb é an teanga mar atá sí á labhairt sa lá atá inniu ann atá á chur i láthair an phobail.

Ní bheidh an leagan clóite den fhoclóir nua chomh mór leis an leagan leictreonach. Ní bheidh ach 30,000 ceannfhocal ann, ach fós féin is mór an méid é agus líonfaidh sé beagnach 1,800 leathanach. Tá mise ag súil go mór le mo lámha a fháil ar leabhar trom, tiubh, tríthoiseach mar mhalairt ar an scáileán, go háirithe in aimsir seo na dianghlasála nuair atá fad agus leithead i ngach rud, ach chan doimhneacht.

Bhí lámh mhór ag na hUltaigh san fhoclóir nua. Is dócha gur ‘Foclóir an Mhianánaigh’ a thabharfar air as seo amach. Is é Pádraig Ó Mianáin an príomheagarthóir, fear de bhunadh Dhoire a d’fhás aníos i dTír Chonaill. Bhí Pól Mac Fheilimidh, Gael as Baile Andarsain a chaith seal ag obair i mBunscoil Phobal Feirste agus san Áisaonad i gColáiste Naomh Muire, i measc na n-eagarthóirí fosta agus bhí comhrá breá agam leis an lá cheana ag plé mionphointí gramadaí agus an scoilt atá ann ó thaobh an Chaighdeáin Oifigiúil de.

An raibh a fhios agaibh go bhfuil ‘Continuity Caighdeán’ agus ‘Real Caighdeán’ ann? Scéal fada atá ann a bhaineann leis an athrú réimis idir Fianna Fáil agus Fine Gael, agus an dualgas as an Chaighdeán a nuashonrú a bheith curtha ar dhá dhream éagsúla acu.

Ach ar ais chuig Pól. Ghlac sé leis gur dóichí ná a mhalairt go rachaidh cuid mhór d’úsáideoirí an fhoclóra nua caol díreach chuig an litir F nuair a thiocfas an leagan clóite amach. Ceann de na difríochtaí idir an foclóir seo agus foclóirí de Bhaldraithe agus Uí Dhónaill, a tháinig amach i 1977, ná go bhfuil níos mó den tsráidchaint agus de theanga na collaíochta sa cheann úr. Tá rudaí ann, arsa Pól, a bhí ceilte san am a chuaigh thart mar ní raibh an tsaoirse ag daoine iad féin a chur in iúl i scríbhinn. Rud eile atá spéisiúil agus tábhachtach ná go raibh na heagarthóirí cúramach gan teanga ná samplaí a úsáid atá maslach do mhná agus do mhionlaigh.

Beidh fáilte mhór roimh an fhoclóir nua – níl aon amhras fá sin. Seans go bhfuil léitheoirí amuigh ansin nár mhaith leo seo a admháil, ach tá a fhios agam nach mise an t-aon fhoghlaimeoir a thugadh cóip d’fhoclóir Gaeilge chun na leapan liom san oíche le hiontrálacha randamacha a léamh. Bhí mé dóchasach i gcónaí go rachadh cuid den eolas agus den saibhreas teanga isteach sa chomhfhios agus tá mé iontach sásta go mbeidh a mbíobla teanga féin ag an chéad ghlúin eile.