2Gallery
Gearradh téarma príosúnachta fiche bliain ar fhear as Tiobraid Árann as coireanna gnéasacha a dhéanamh ar iníonacha, seachtar acu, agus ar a dheirfiúr.

Scéal millteanach truamhéalach atá ann agus tá ceisteanna á n-ardú faoi ról an Stáit ann.

Ar tugadh neamhaird ar chlann O’Reilly agus iad ina bpáistí toisc gur Taistealaithe iad? Tá an teaghlach agus eagrais mar an Rape Crisis Network agus an Fóram Náisiúnta do Thaistealaithe Mná ina measc siúd atá ag éileamh fiosrúcháin ar an chás.

Tá rabharta eile scéalta #MeToo ann fosta le laethanta beaga anuas agus mná in Éirinn, go háirithe iad siúd in earnáil na n-ealaíon, ag trácht go poiblí ar dhrochíde, mí-úsáid agus ionsaithe gnéis atá fulaingthe acu.

Tá misneach múscailte i gcuid acu siúd bhí ina dtost go dtí seo mar gheall ar an tráma. Tá éirithe leo an ceann is fearr a fháil ar an eagla a choinnigh balbh iad.

Mar sin féin, tá go leor leor eile ann nach bhfuil ag déanamh gíog ná míog faoina dtaithí ar chúis amháin nó ar chúis eile.

Fiú amháin má thugann duine a éigníodh eolas faoin eachtra don PSNI, tá dochúlacht an-bheag ar fad ann go gcuirfear an t-éigneoir sa phríosún. Ní bhíonn ciontú i gceist ach amháin i dtuairim is 2% de na cásanna éignithe a chuirtear in iúl do na póilíní.

I saol na hollscolaíochta, tá gnéas in aghaidh a dtola fulaingthe ag triúr iníonacha léinn as gach deichniúr.  Mac léinn amháin as gach deichniúr agus 28% na figiúirí i dtaca le fir agus daoine neamh-dhénártha, faoi seach. An tseachtain seo a fógraíodh na torthaí seo ar shuirbhé náisiúnta a rinne Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn.

Is dócha go bhfuil ionsaithe gnéis i bhfad níos coitianta ná mar a thugann na staitisticí le fios, áfach. Tá an bharúil seo bunaithe ar theistiméireachtaí le mná atá léite agus cluinste agam agus ar chomhráite le mná eile. San am a chuaigh thart bhíodh iontas mór orainn ar a chluinstin dúinn gur tharla a leithéid de rud.

Tá go leor againn tagtha chuig an phointe fán am seo, áfach, go mbíonn iontas orainn mura ndearnadh ionsaí gnéis nó éigniú féin ar bhean, go háirithe mná atá anois sna tríochaidí, sna daichidí agus níos sine. Is olc an scéal é.

Tá sé tugtha le fios ag daoine a d’fhulaing an cineál seo d’eachtra cad chuige nach labhraíonn siad amach. Níor mhaith leo an tráma a athmhúscailt. Níor mhaith leo clú an duine thrioblóidigh a tharraingt orthu féin.

Drogall orthu dlíthe clúmhillte a shárú


Síleann siad nach gcreidfidh duine ar bith iad. Tá siad buartha go ndéanfaidh cairde agus lucht tacaíochta an ionsaitheora an saol níos deacra dóibh, agus tá siad imníoch go gcuirfear bac orthu dul chun cinn a dhéanamh ina gcuid oibre. Tá drogall orthu dlíthe clúmhillte a shárú agus b’fhéidir go bhfuil cás cúirte ar na bacáin agus nár mhian leo go gcaithfí an cás amach sula mbeadh triail cheart ann.

https://www.youtube.com/watch?v=7zVOkb3CdZ0

Smaoinigh fosta ar chás an Ollaimh Christine Blasey Ford a ndearnadh bagairtí báis uirthi nuair a thug sí teistiméireacht do choiste Seanaid faoi fhear atá anois ina bhreitheamh sa Chúirt Uachtarach i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Baineann rioscaí móra le labhairt amach. Tá an baol ann go bhfágfar an duine ar an trá fholamh. Tá lán ár dtacaíochta ag dul dóibh siúd atá cróga go leor lena scéal a insint. Tá siad ag déanamh gar mór don chuid eile againn, go háirithe don chéad ghlúin eile.  

Ní féidir le duine ar bith againn fanacht inár dtost níos mó nuair a fheicimid iompar doghlactha nó nuair a chluinimid focail urchóideacha. Caithfimid an chiotaí agus an míchompord sóisialta a shárú. Ní mór dúinn dúshlán an té atá i mbun drochiompair a thabhairt, bíodh sé sa teach tábhairne, san obair nó in suíomhanna sóisialta. Ná bímis ag déanamh leithscéalta níos mó.

Má tá faitíos orainn deacrachtaí a tharraingt orainn féin, cuimhnigh nach bhféadfadh sé bheith níos measa ná cás an té atá ag atógáil a saoil nó a shaoil i ndiaidh ionsaí gnéis.

Sonraí teagmhálacha úsáideacha:
www.womensaidni.org
www.mapni.co.uk
www.nexusni.org
www.psni.police.uk/crime/sexual-violence-and-abuse