Tá Oíche Shamhna beagnach buailte linn. Páistí ar bís, ag roghnú cultacha difriúla sna siopaí nó ar líne, ag gearradh puimcíní, ag déanamh réidh do “bob nó bia”. Múinteoirí ar bís le seachtain saor ón scoil, tuillte acu! Na tuismitheoirí  ag smaointiú siar, ag machnamh ar  Oíche Shamhna mar a bhí, tornapaí agus Páirc Mhic Asmáint, cultacha níos simplí agus maisiúcháin? Bhain na maisiúcháin leis an Nollaig, chan an tSamhain!

Chomh maith le sin, tá scanradh ar pheataí na hÉireann leis na tínte ealaíne callanacha! Áfach, is fiú go mór Oíche Shamhna a cheiliúradh. Seanfhéile phagánach na nGael agus na gCeilteach. Ní chuirfidh muid fiacail ann, is féile Cheilteach í, bun agus barr an scéil.
Is féile ársa í Féile na Samhna. Bhí ceithre fhéile mhóra ag na Ceiltigh sa bhliain, ceann ag deireadh gach séasúr Imbolg (Lá Fhéile Bríde), Bealtaine (Samhradh), Lúnasa (Fómhar) agus Oíche Shamhna (Samhain/Geimhreadh). D’oibrigh na Ceiltigh leis an talamh, feirmeoirí cliste ab ea iad. Roinn siad an bhliain ina ceithre chuid. Ach, mar atá sa lá inniu ann, bíonn féilte ar leith níos tábhachtai ná féilte eile.

Ba í an tSamhain an fhéile is tábhachtaí den iomlán. Seo deireadh leis an Fhómhar agus tús leis an Gheimhreadh – agus leis an leath dorcha den bhliain. Las na Ceiltigh tine chnámh agus rinne siad cóisir. Chreid na Ceiltigh go raibh an bhearna idir an domhan seo agus an domhan eile, domhan na sióg agus na dtaibhsí, níos lú, níos tánaí ar Oíche Shamhna agus go raibh na sióga agus na taibhsí ábalta teacht trasna chuig an domhan seo, bhí siad níos congáraí dúinn! 

Smaoinigh ar Darby O’Gill agus a chairde nó an scannán clúiteach Coco a bhí amuigh ar na mallaibh, bunaithe ar Fhéile na Marbh i Meicsiceo, i Meiriceá Láir.

Is  tír Cheilteach í Éire, ach bhí Ceiltigh eile ann go stairiúil. Is náisiúin Cheilteacha iad; Albain, An Bhreatain Bheag agus Oileán Mhanainn. Sna tíortha sin, labhair agus labhraíonn go fóill muintir na dtíortha sin teanga Cheilteach agus chleachtaigh siad nósanna Ceilteacha, macasamhail, Oíche Shamhna. 

Chomh maith le sin, is Ceiltigh iad muintir Chorn na Breataine, i ndeisceart Shasana agus muintir na Briotáine, i dtuaisceart na Fraince. Mar sin de, bhí tionchar ag na Ceiltigh in Éirinn, sa Bhreatain agus ar mhór-roinn na hEorpa.

Ina theannta sin, spréigh nósanna na Samhna agus an fhéile Cheilteach go dtí na Stáit Aontaithe Mheiriceá i lár na naoú haois déag. Thug na Gaeil go Meiriceá a gcultúr agus a bhféiniúlacht. Cluichí náisiunta na hÉireann, Oíche Shamhna agus Lá na Féile Pádraig. Tharla seo go háirithe i ndiaidh an Ocrais Mhóir a d’imir tionchar tubaisteach ar stair na hÉireann agus ar líon na nGaeilgeoirí. 

Bhí daonra na hÉireann níos airde sa bhliain 1844 ná mar atá an daonra anois sa bhliain 2024! Tá Éire lán! Mo thóin, fáilte roimh theifigh!

Fadó ó shin in Éirinn bhí daoine iontach pisreogach agus chreid siad cuid mhór rudaí nach gcreideann muid anois. Chreid siad go mór sna síoga. Bhí na síoga ina gcónaí i lios, a thugann an logainm iontach dúinn Lios na Searrach agus Lios na gCearrbhach.
Gach Oíche Shamhna d’oscail an Lios agus ar feadh uair a’chloig, idir meánoíche agus a haon a chlog ar maidin, bhí gach duine a bhí marbh i do chlann beo arís agus tháinig siad ar ais ar cuairt! Sin agat Féile na Marbh. Is beag an t-iontas go bhfuil cuid mhór eagla ag baínt le hOíche Shamhna –gaoth láidir, rudaí ag bogadh, dorchadas, pucaí agus taibhsí!

Ní raibh mórán cailleach le hata biorach dubh, scuab agus cat, in Éirinn ag an am ach amháin an Chailleach Bhéara. An bhean is sine agus is cliste in Éirinn í ag an am!
Deirtear go raibh cuimhne iontach aici ag dul siar go dtí an oighearaois. 
Bhí cúpla carachtar eile ann fosta! Má chuala tú an Bhean Sí ag caoineadh bhí duine éigin i do chlann marbh nó ag dul bás a fháil. Chreid ár muintir fadó nach raibh cead ag páistí sméara dubha a ithe i ndiaidh Oíche Shamhna mar chaith an Púca séile orthu! 
Nó an é nach raibh siad aibí níos mo?
 
Buíochas do Dhia, go raibh go leor eile le hithe go fóill – ullaí go háirid. Bhí na húllaí aibí anois agus d’fhás siad go fluirseach in úlloird na tíre agus tá neart cluichí go fóill ag baint leis na húllaí!

Bia eile a bhí ann ná báirín breac agus cuireadh fáinne i bhfolach ann. Clúiche contúirteach!! Is fiú amharc ar na pisreogaí a bhain leis an bhairín bhreac.

Má fhaigheann tú an fáinne, pósfaidh tú go luath. 
Má fhaigheann tú an pónaire, beidh tú saibhir. 
Má fhaigheann tú an cheirt, beidh tú bocht. 

Ach má fuair tusa an giota ina raibh an fáinne bhí tú le pósadh taobh istigh de bhliain. Bia eile a bhí coitianta san am ná cál ceannann ‘Cál’ focal eile do chabáiste agus cuireadh cál isteach leis na prátaí agus im, le cál ceannann a dhéanamh. 
Blásta! Déan anocht é go bhfeice tú!

Cibé rud a dhéanann tú ar Oíche Shamhna, bain sult as agus bí cúramach! Tá na hoícheanta fada fuara ag teannadh orainn anois. Bhí an ceart ag na Ceiltigh leis an chóisir mhór a dhéanamh sular thit dorchadas an gheimhridh!

OÍCHE SHAMHNA SHONA!