Tá fómhar beag na ngéanna linn faoi láthair nó an samhradh beag. Is beag samhradh a bhí againn, mar sin de, is fiú tairbhe a bhaint as.

Is  fearr liom an chéad nath cainte, fómhar beag na ngéanna..Indian Summer as Gaeilge. Le bheith ionraic, tá an ghrian ag scoilteadh na gcloch.

An cineál aimsire sin a chuireann spionn maith ort agus tart ort, fonn ort spaisteoireacht nó caitheamh aimsire a dhéanamh faoin spéir.

An aimsir sin a nochtann mar is gnách agus na páistí scoile ar ais ar scoil, ar an drochuair do na páistí agus ar an deá-uair do na tuismitheoirí.
 
Is maith le gach duine gnáthamh ceart rialta a bheith acu, idir óg agus aosta. In amanntaí, bíonn muid ag casaoid agus ag gearán faoin obair, faoin tsaol agus faoi ghnáthchúrsaí an lae. Ach, crónaíonn muid é fosta. Santaíonn muid ar bhealach é. Cuireann fáilte roimhe. Agus cogair é, is maith leis na daltaí scoile é fosta. Routine.
 
Daltaí scoile ó gach cearn de Bhéal Feirste agus ceithre hairde is fichead na hÉireann ar ais ar scoil agus ag cur chlár ama de ghlanmheabhair. Is maith le déagóirí go mbionn an struchtúr sin acu. Is maith le páistí beaga bunscoile go mbíonn an patrún acu. Is maith linn uilig é ar bhealach.

Gach oíche Luain, i dteach s’againne i ndiaidh am scoile, bíonn cleachtadh peile le Cumann Naomh Pól Faoi 12 agus Faoi 14. Bíonn na mílte páistí ag freastal ar chumainn agus ar ghníomhachtaí de chuid an CLG fud fad na tíre. Tugann sé sprioc do na páistí, faoiseamh do na tuistí agus gan dabht ar bith cuireann sé le sláinte fisiceach agus le meabhairshláinte na bpáistí.

AOIBHINN BEATHA AN SCOLÁIRE: Coláiste Feirste
2Gallery

AOIBHINN BEATHA AN SCOLÁIRE: Coláiste Feirste

Is fíor a rá go mbíonn barraíocht am scaileáin ag páistí ár linne, ach ar an láimh eile, bionn scaifte ollmhór páirteach i ngníomhachtaí spóirt agus cumainn, macasamhail sacar, peil, iománaíocht, camógaíocht, reathaíocht, haca agus cibé rud eile. Tá borradh faoi pheil ghaelach na gcailíní. Deirtear go bhfuil peil na mban ar an spórt is mó fáis ar an oileán. Chreidfinn sin, feicim é. Is rud iontach é.
 
Mar sin, bígí dearfach deimhneach  go bhfuil do pháiste ag imirt spóirt agus go gcaithfidh tú tiomáint go Ros Earcáin, Bun Abhann Dalla nó Port Chluain Eoghain no áit choimhthíoch eile oíche Aoine fá choinne cluiche camógaíochta nó Go Games faoi 10! Smaoinigh ar na buntaistí do do pháiste!
 
Is cinnte go bhfuil lúchair mhór ar thuismitheoirí agus ar  chaomhnóirí agus na páistí uilig ar ais ar scoil. Bígí ag tabhairt amach faoin trácht agus na scuainí do na Gliders, ach os a choinne sin, nach bhfuil an t-ádh orainn in iarthar Bhéal Feirste go bhfuil plúr na scoileanna againn. Bunscoileanna, gaelscoileanna, meánscoileanna agus gan amhras an gaelcholáiste is mó in Éirinn, Coláiste Feirste. Is aoibhinn beatha an scolaire!
 
Is cúis ceiliúrtha agus ábhar mórtais gan aon agó caighdeán an oideachais i scoileanna an iarthair, scoileanna a chuireann ar fáil réimse leathan d’imeachtaí seach-churaclam d’ár bpáistí sa tseomra ranga agus taobh amuigh den tseomra ranga. I scoileanna áirithe, bíonn Cumann Bricfeasta agus Cumainn Iar-scoile ar bharr gnáthchlár an lae.
 
Mar sin de, thiocfadh le do pháiste bheith ar scoil óna hocht ar maidin go dtí a ceathair nó leath i ndiaidh a ceathair. An chloch is mó ar phaidrín an tuismitheora ná  an chaomhnóra go bhfuil a pháiste sábháilte ag foghlaim agus ag forbairt.
 
Tá saol scoile agus saol oibre iomlán difriúil leis an dóigh mar a bhí. Brú na nua-aoise! Bíonn tuismitheoirí a bhfuil post buan lánaimseartha ag brath ar comhoibriú oná dtuismitheoirí féin, bíonn ról níos suntasaí ag daideo nó  maimeo i saol na bpáistí an lae inniu. Is minic go mbíonn ról an-lárnach acu, go háirid le gogamanaíocht agus tachráin agus scoileanna ag críochnú ag amanntaí éagsula!
 
Is maith liomsa an gnáthamh, nó gnáthchúrsaí an lae, coinníonn sé muid ag dul, ag rothlú ag feidhmniú. Áfach, abair os íseal é…. tá mé ag dúil le sos Oíche Shamhna!