Tá aip nua seolta ag Raidió Fáilte, stáisiúin raidió pobail na Gaeilge i mBéal Feirste, i gclochmhíle stairiúil eile don stáisiún.

Ba é an Corcaíoch Neil Ó Briain a d'fhorbair an aip. Teagascóir a bhí ann sular thug sé faoin aistriú gairme go saol na mbogearraí.

"Dhein mise Gaeilge ar an ollscoil, agus bhíos ag teagasc," ar seisean. "Bhíos ag iarraidh rud éigin eile a dhéanamh, agus bhí suim agam i gcónaí sa teicneolaíocht agus sna bogearraí."

Tá an Corcaíoch thar a bheith sásta leis an aip úr.

"Luaigh mé leis an stáisiún go mbeadh suim agam aip a fhorbairt agus bhí siad breá sásta an deis a thabhairt dom. Mar chuid den phróiseas forbartha, fuair mé cúpla duine lena tástáil agus fuair mé aiseolas uathu sin, agus tiocfaidh tuilleadh eolais amach anseo, rud a ba mhaith liom!"

Deir Ó Briain go mbíonn sé ciotach in amanna éisteacht arlíne. 

"Leis an aip seo is féidir le daoine dul isteach agus tá cnaipe mór ansin le brú, agus tá rannóg éisteacht siar ann chomh maith. Tá súil agam go ndéanann sé rochtain ar Raidió Fáilte níos éasca teacht don lucht féachana."

I ndiaidh dó cúpla bliain a chaitheamh ag obair agus ag craoladh leis an stáisiún, tá Neil sásta go raibh sé ábalta rud éigin a thabhairt ar ais dóibh.

"Fuair mise ana-chuid ón stáisiún agus ó phobal na Gaeilge i mBéal Feirste agus bhí mé breá sásta rud éigin beag mar seo a dhéanamh dóibh."

Is féidir an air a íoslódáil ón suíomh.