Seolfaidh an file agus an scríbhneoir Áine Uí Fhoghlú a cnuasach úr filíochta trítheangach le linn Fhéile an Phobail i mBéal Feirste.
Is as Gaeltacht na Rinne i gContae Phort Láirge í Áine agus seo é an cúigiú cnuasach filíochta aici. Tá scéalta ficsin do dhéagóirí foilsithe aici fosta, chomh maith le húrscéalta do dhaoine fásta agus cnuasach béaloidis as a ceantar dúchais.
Déanfaidh sí a bealach ó thuaidh lena cnuasach is úire ‘Scéal ó Carolina’ (foilsithe ag Éabhlóid) a sheoladh i gcuideachta Réaltán Uí Leannáin i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar an 1 Lúnasa ag 4in.

Cnuasach ar leith é an ceann seo a bhfuil dlúthnasc ag an údar leis. Bhí beirt Airgintíneach mar thuismitheoirí báistí ag Áine agus chaill a muintir féin teagmháil leo ar feadh tamall fada.
“Bhí sé mar rún agam i gcónaí iarracht a dhéanamh aithne éicint a chur orthu," arsa Áine. "Bhí mé ag teacht is ag imeacht ón iarracht sin ar feadh ana-cuid blianta i mo shaol. Ar feadh na mblianta go léir ní raibh aon ríomhphost i gceist, ní raibh idirlíon ann.”
Ach nuair a bhí Áine ina seomra ranga in 2009 – is iarmhúinteoir scoile í – ba bheag a shíl sí go dtiocfadh ríomhphost fríd ó bhean darb ainm Carolina.
“Bhí mé sa seomra ranga an lá áirithe seo agus bhí cailín suite ag mo bhord, agus í ag úsáid mo ríomhaire, agus mise ag siúl thart. Agus dúirt sí liom go raibh ríomhphost díreach i ndiaidh teacht isteach dhom, agus b’shin an ríomhphost ó Carolina…”
Agus cé hí Carolina? Iníon athair baistí Áine, duine a raibh sí sa tóir air le blianta fada.
“…míle buíochas as do ríomhphost,” a bhí scríofa, “ar an dea-uair tá m’athair beo beathach… seo é mo sheoladh ríomhphoist… Beannachtaí, Carolina.”
Chroch Áine a cuid seolta ansin agus thug sí aghaidh ar an Airgintín i gcuideachta a hiníne, Liadain, áit ar bhuail sí lena hathair báistí, Quique, athair Carolina. Chuir siad i dteagmháil í leis an mháthair báistí, Norma, agus chaith Áine coicís in Buenos Aires ag cur aithne ar an bheirt agus ar an chathair féin.
“Tá an ailtireacht go hiontach ar fad ann," lean sí léi. "Ach tá a fhios againn go léir gur coilíneacht a bhí ann agus dá bhrí sin, nuair a mholann muid structúr an choilíneachais tuigeann muid gur sórt ‘paradox’ atá ann. Ach is seanstíl chlasaiceach Eorpach atá in ana-chuid de na foirgnimh.
“Tá an t-uafas saibhris ann agus rian an rachmais ar an chathair, ach tá an t-úafás bochtanais ann chomh maith. Bhí ceantracha áirithe agus níl iontu ach ‘shanty towns,’ agus taobh le taobh leis sin tá lucht an airgid atá ana-shaibhir ar fad.”
Ba léir go ndeachaigh bród mhuintir na háite go mór i bhfeidhm ar Áine chomh maith le linn a sheala sa chathair.
“Níl aon náire orthu seasamh suas agus a rá gur pobal dílis Airgínteach iad, agus tá siad neamhleithscéalach ó thaobh a bhféinaitheantais, rud a d’oscail mo shúile. Tá an méid sin taithí againn in Éirinn mar thír iar-choilíneach ar a bheith leithscéalach gach uair a n-osclaíonn muid ár mbéil. Thall ansin seasann siad go bródúil agus bíonn an t-amhrán náisiúnta le cloisteáil i ngach áit.”
Beidh aithne ag cuid dár léitheoirí ar Áine as an tréimhse a chaith sí abhus ag cur na Gaeilge chun cinn ag tús na n-ochtóidí.
Dúshlán
Is dúshlán ar leith é aistriúchán na ndánta, ar ndóighe, agus d’fhorbair Áine straitéis shuimiúil le dul i ngleic leis an dúshlán sin.
“Bhí mé an-sásta leis na haistriúcháin uile,” ar sise, “thug mé saoirse do na filí cloí leis an mbuntéacs nó beagáinín saoirse a ghlacadh.
“Agus ghlac duine nó beirt an tsaoirse sin, chucu féin, agus dheineadar aistriúchán scaoilte, mar a déarfá. Ach don chuid is mó, is dóigh liom gur aistriúcháin iad a bhí dílis don mbunleagan.”
“I gcás na Spáinnise, níor theastaigh uaim go mbeinn ag brath ar aistriúcháin Bhéarla na bhfilí eile, mar sin thug mé leagan próis as m’fhocail féin ar gach dán don aistritheoir Airgintíneach. Bhí sé siúd ag obair faoi mo threoirsa seachas a bheith ag obair as aistriúcháin aon duine eile.”
Agus an bhfuil dán ar bith is fearr léi as an chnuasach ar fad?
“Bhuel, an cheist sin a chur ar fhile. Tá sé ar nós ceist a chur ort cé acu duine de do pháistí is fearr leat! Ach is dócha an dán a thug an teideal don chnuasach, is dócha go bhfuil sé speisialta, mar b’shin an uair a las an splanc ina lasair.”
Seolfar ‘Scéal ó Carolina’ sa Dánlann i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar an 1 Lúnasa ag 4in. Tá an imeacht urraithe ag Grúpa Meán Bhéal Feirste agus is féidir tuilleadh eolais a lorg ó Mháirtín Ó Muilleoir.



