Bhí an Ghaeilge le cluinstin go forleathan ar an Mhórstáitse ar chéad lá d'Fhleadh Cheoil na hÉireann 2026 i mBéal Feirste.

Labhair gach duine a thug óráid ar a laghad cúpla focal Gaeilge, an Leas-Chéad Aire Emma Little-Pengelly san áireamh. 

Ar ndóighe, nuair a toghadh Catherine Connolly mar Uachtarán na hÉireann anuraidh, dúirt sí go gcuirfeadh sí an teanga ag croílár na huachtaránachta s'aici, agus labhair sí faoi thábhacht na teanga ar oscailt na Fleidhe. 

"Is nuair a fheictear an Ghaeilge a húsáid go nádúrtha ag ócáidí beo bríomhara, a labhraítear ár dteanga agus a mhealltar níos mó daoine chuici."

Ag caint léi faoin athrú atá i ndiaidh a theacht ar Bhéal Feirste le blianta anuas, luaigh an tUachtarán dóchas an turais sin.

"Hope. Dóchas, gur i dtreise a bheidh ár gcairdeas agus ár muintearas ag dul, agus nasc an cheoil, an chultúir agus na teanga mar theanga dobhriste eadrainn mar phobal."

Thug an Dr Labhrás Ó Murchú, Ardstiúrthóir Chomhaltas Ceoltóirí Éireann, an t-eochairaitheasc. 

"Níl aon amhras faoi ach gur ócáid speisialta atá againn anseo. Sinne go léir, bailithe le chéile, comhthuiscint, cairdeas agus ag cabhrú, agus tá súil agam go mbainfidh sibh taitneamh as an ócáid seo."

D'úsáid an Leas-Chéad Aire, Emma Little-Pengelly, an logainm Gaeilge ar Abhainn an Lagáin agus rinne sí tagairt don chultúr roinnte, agus nach ndéanann sé a bheag do chultúr amháin nuair a thugtar meas do chultúr eile. 

Dúirt an Chéad-Aire Michelle O'Neill go raibh draíocht sa chultúr. 

"Tá láidreacht inár gcultúr. There is strength in our culture and I think that's the magic of our culture as well. It brings people together, and gives us a sense of who we are and also where we come from."

Beidh an MAC ag feidhmiú mar Mhol Gaeilge le linn na Fleidhe, agus beidh réimse imeachtaí ar siúl san ionad gach lá.