D'fhógair an Coimisinéir Gaeilge, Pól Deeds, gur ceapadh Colm McGuigan, iar-Oifigeach Gaeilge le Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, mar an chéad fhostaí buan lánaimseartha le bheith ag obair in Oifig an Choimisinéara Gaeilge.
Ceapadh an tUasal McGuigan mar Bhainisteoir Polasaí, Taighde agus Comhlíontachta.
Bhí an tUasal Deeds ag caint leis an Andersonstown News i ndiaidh imeachta mar chuid d'Fhéile an Phobail in éineacht leis an Choimisinéir don Traidisiún Albanach Ultach agus don Traidisiún Briotanach Ultach, Lee Reynolds.
D'fheidhmigh Oifig an Choimisinéara go dtí seo le triúr oibrithe gníomhaireachta agus triúir ar iasacht ó ranna eile.
Arsa Pól Deeds, "Tá sin ag obair amach go breá ach amháin nach bhfuil Gaeilge acu ar fad. Tá Gaeilge ag triúr. Oibríonn sé go maith agus chuidigh sé liom an oifig a chur ar bun.
"Tugann muid an tréimhse bhunaithe ar an tréimhse sin. Tá muid réidh leis an tréimhse sin anois agus de réir a chéile beidh muid ag bogadh isteach Gaeilgeoirí agus an chéad duine acu ná Colm McGuigan."
Mhol an Coimisinéir ceapachán an tUasal McGuigan agus an taithí leathan atá aige féin.
"Tá taithí ar leith ag Colm ar fhorbairt polasaí agus ar phlé le taighde agus le cúrsaí comhairliúcháin, rud a bheidh lárnach ina chuid oibre linn san oifig. Tá muid iontach sásta go mbeidh Colm ag toiseacht linn sa chéad ról buan sin.
"De réir a chéile beidh níos mó daoine buana ag teacht isteach agus ag fanacht liom, ach tá muid go fóill ag plé cúrsaí buiséid le hOifig an Fheidhmeannais, mar tá an buiséad gann faoi láthair."



