Beidh deis ag lucht siopadóireachta Ionad Uí Chinnéide blaiseadh úr a bheith acu nuair a osclóidh siopa ceapaire úr.

Osclóidh 'Bosca Ceapaire' ar an 30ú Iúil san ionad siopadóireachta, faoi stiúir na mná áitiúla, Martine Caldwell agus a fear chéile. Agus tá súil acu scoth na gceapairí a chur ar fáil do phobal Bhéal Feirste.

"Ba ghnách le m'fhear chéile a bheith ag obair san ionad agus ba ghnách le deilí a bheith thíos staighre ach druideadh é."

"Ba ghnách le gnóthaí ceapairí a ordú ach nuair a druideadh an siopa sin bhí orthu dul go háiteacha eile. Mar sin shíl muid margadh a bheith ann do shiopa arís."

Ní cinneadh éasca é do phost a fhágáil agus gnó úr a thoiseacht, agus cé go ndearna Martine agus a fear chéile go leor machnaimh, nuair a tháinig uair na cinniúna, tharla sé measartha gasta.

"Tá mé ag dúil go mór leis agus ar bhealach thosaigh sé go gasta. Ba i mí an Mhárta i mbliana a dúirt muid go ndéanfadh muid é. D'fhág muid na poist a bhí againn agus rinne muid sár-iarracht leis an tsiopa a chur ar bun.

"Rinne muid go leor machnaimh sular chinn muid rud ar bith. Tá triúir clainne againn mar sin cinneadh mór a bhí ann."

Chinn an lánúin ainm breá Gaelach a chur ar an ghnó úr, agus ba bhuíochas le múinteoir naíscoile a tharla sé sin.

"Tá mo mhac féin sa naíscoil, agus ba ghnách leis ainm eile a chur ar an bhosca lóin s'aige, ach dúirt an múinteoir leis gurbh fhearr bosca ceapaire a chur air. Tá mé féin ag déanamh ranganna Gaeilge agus thaitin fuaim na bhfocal sin go mór liom. 

"Bhain muid triail as go leor ainmneacha éagsúla ach níor thaitin rud ar bith eile linn.

"Níl muid ag iarraidh comhábhair a chur amú, agus tá muid ag iarraidh bia maith ar ardchaighdeán a dhéanamh don phobal."