Bhí macalla an cheoil thraidisiúnta le cluinstin i gCearnóg Naomh Áine inniu, mar a leaindeáil na foghlaimeoirí uilig le seisiún a bheith acu. 

Thosaigh an scoil sa bhliain 2017 le céad dalta, ach anois tá breis agus míle ag freastal uirthi an tseachtain seo. Bíonn réimse uirlisí ceoil á theagasc sa scoil, idir fhidil, an chruit agus an fheadóg mhór. Bhí bualadh na ndamhsóirí le cluinstin chomh maith, mar a tháinig damhsóirí seit agus damhsóirí ar an tsean-nós amach le taispeántas a dhéanamh chomh maith.

Ag caint leis faoin Fhéile, dúirt an Stiúrthóir Ealaíona, Dónal O'Connor, go bhfuil suim as cuimse ann.

"Tá borradh agus fás ollmhór i ndiaidh a theacht air. Tá suim sa cheol traidisiúnta ag fás as cuimse. Tá muid i ndiaidh fáilte a chur roimh dhaoine ó naoi dtír is tríocha an tseachtain seo. 

"Tá muid ag fáiltiú roimh dhaoine ón chathair seo b'fhéidir nach raibh stair clainne acu leis an cheol nó nach raibh mórán teagmhála acu leis. Tá daoine a bhfuil baint acu leis an cheol leis na glúnta istigh sa scoil fosta."

Agus suim sa cheol traidisiúnta ag fás le blianta beaga anuas, tá sé mar aidhm ag an TradFest an ceol a leathnú amach agus é a bheith oscailte d'achan duine.

Arsa Donal, "Ceann de rudaí is tábhachtaí a dhéanann muid leis an scoil samhraidh ná an scéim sparánachtaí. Thug muid céad sparánacht do dhaoine óga le freastal ar an scoil samhraidh nach mbeadh ábalta murach é.

"Tá muid fíorbhuíoch de na gnóthaí, agus de na daoine a thacaigh linn agus a thug airgead dúinn chun na sparánachtaí sin a chur ar fáil."